An tUachtarán agus toscaireacht ó OÉ Gaillimh le haghaidh a thabhairt ar an tSín

Monday, 19 November 2007

Tabharfaidh an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh, Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus toscaireacht ionadaithe acadúla ó choláistí ollscoile agus ionaid taighde éagsúla aghaidh ar an tSín inniu.

Caithfidh an toscaireacht 5 lá sa tSín agus is é atá mar aidhm leis an gcuairt seo naisc a chruthú agus a neartú trí chuairt a thabhairt ar 17 n-institiúid sa tSín agus meamraim thuisceana agus comhaontuithe comhpháirtíochta a shíniú idir OÉ Gaillimh agus na hinstitiúidí sin. *

Ní hamháin gur príomhghné de straitéis idirnáisiúnta OÉ Gaillimh é naisc oideachais níos láidre a fhorbairt leis an tSín, ach is príomhghné de Straitéis Áise Rialtas na hÉireann é freisin (1999-2009). I measc cuid de na buntáistí a bhaineann leis na naisc seo tá earcaíocht, comhoibriú agus socrúcháin oibre do chéimithe sa réimse taighde agus forbartha.

Seo a leanas a bhí le rá ag Anna Cunningham, Uasal, An Stiúrthóir um Ghnóthaí Idirnáisiúnta in OÉ Gaillimh, "Tosaíocht straitéiseach atá ag OÉ Gaillimh mic léinn idirnáisiúnta Mháistreachta agus Ph.D. den scoth a mhealladh chuig OÉ Gaillimh. Tá an t-ádh orainn go bhfuil naisc cruthaithe againn cheana féin le cuid de na hollscoileanna is iomráití sa tSín. Is é atá mar aidhm leis an gcuairt seo na naisc seo a bhunú go foirmiúil agus tuilleadh deiseanna cómhalartacha a chruthú do mhic léinn iarchéime, tuilleadh deiseanna comhthaighde san áireamh."

I rith na cuairte tabharfaidh an tOllamh William Schabas ó Ionad na hÉireann um Chearta an Duine páipéar ag an Chinese Academy of Social Sciences (CASS). Tá sé beartaithe ag OÉ Gaillimh comhaontú foirmiúil a shíniú le CASS. I measc na n-institiúidí eile a shíneoidh comhaontuithe foirmiúla le OÉ Gaillimh beidh Hong Kong University of Science & Technology agus Institute of Oceanology, Chinese Academy of Sciences, Qingdao. Beidh nasc foirmiúil ann idir an Institute of Oceanology, Chinese Academy of Sciences, Qingdao agus Institiúid Mhuireolaíochta Mháirtín Uí Riain, OÉ Gaillimh. Lena chois sin, is é an tAmbasadóir Declan Kelleher a sheolfaidh an Alumni Chapter i mBéising in Ambasáid na hÉireann.

Seo a leanas a bhí le rá ag an Uachtarán Ó Muircheartaigh agus é ar tí imeacht chun na Síne, "Is deis iontach é an cuairt stairiúil seo ar an tSín do OÉ Gaillimh cur leis an ngaolmhaireacht láidir atá idir ár n-ollscoil féin agus an tSín cheana féin. Le breis agus 70 alumni sa tSín, is í OÉ Gaillimh an ollscoil Éireannach leis an líon is mó céimithe bunaithe sa tSín.

Deis a bheidh sa cuairt seo cur leis na naisc reatha agus naisc nua a fhorbairt leis an tSín – ionas gur féidir na naisc seo a neartú agus cur leo. Ciallóidh sé seo go mbeidh comhoibriú níos fearr ann sa mhalairt oideachais, sa taighde agus forbairt, mar aon le tuiscint níos fearr ar ghnéithe cultúrtha."

Tabharfaidh an Dr Louis de Paor, Stiúrthóir Ionad an Léinn Éireannaigh agus an tOllamh Kevin Barry, Déan Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh cuairt ar Nanjing University agus Fudan University agus é mar aidhm acu mic léinn Mháistreachta agus Ph.D. a mhealladh chun seal a chaitheamh i mbun staidéir in Ionad an Léinn Éireannaigh. Tá mac léinn amháin ó Nanjing University i mbun staidéir in Ionad an Léinn Éireannaigh faoi láthair. Tá an mac léinn seo ag fáil urraíochta ó Chomhairle Scoláireachta na Síne, agus tá sí i mbun taighde dhochtúireachta ar shaothar Roddy Doyle.

Dúirt an tOllamh Barry, "D'fhonn na malairtí idir na hollscoileanna seo a bhunú tá ranganna Sínise á gcur ar fáil in OÉ Gaillimh anois. Tá 30 mac léinn cláraithe faoi láthair agus beirt léachtóirí ó Bhéising atá i mbun na ranganna seo. Sa bhliain acadúil amach romhainn in OÉ Gaillimh, tá sé beartaithe deis a thabhairt do mhic léinn atá i mbun cúrsaí sna Dána agus sa Tráchtáil staidéar a dhéanamh ar an tSínis."

Le linn don Uachtarán a bheith ag labhairt ag seoladh Alumni Chapter, mheabhraigh sé do alumni agus d'aíonna araon, go bhféadfaí cur leis na naisc idir OÉ Gaillimh agus Béising mar go mbeidh triúr mac léinn agus alumni amháin ó OÉ Gaillimh ag glacadh páirte sna Cluichí Oilimpeacha a bheidh ar siúl an bhliain seo chugainn i mBéising. I measc na gcineálacha spóirt atá i gceist tá ráibeáil (Paul Hession, 110 & 200m), iomramh (Alan Martin, Cormac Folan) agus siúl 20km (Olive Loughnane).

CRÍOCH

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories