Léacht Chuimhneacháin an Mhoinsíneora Pádraig de Brún, 2007

Thursday, 15 November 2007

Solar variability and climate: conjecture, politics and science

Is í an tOllamh Joanna Haigh, Ollamh le Fisic Atmaisféarach ag an Imperial College, Londain, a thabharfaidh Léacht Chuimhneacháin an Mhoinsíneora Pádraig de Brún 2007 – léacht dar teideal Solar Variability and Climate Change – Déardaoin, an 22 Samhain 2007 ag 8.30 p.m. i dTéatar Uí Fhlaitheartaigh, OÉ Gaillimh.

Is Ollamh le Fisic Atmaisféarach agus Ceann an Ghrúpa um Fhisic Spáis agus Atmaisféarach san Imperial College, Londain í Joanna. Déanfaidh sí cur síos ar chúlra corrach an staidéir ghrianaeráide, tabharfaidh sí léargas ar a bhfuil ar eolas againn faoi athruithe sa Ghrian agus déanfaidh sí athbhreithniú ar thionchar na gréine ar an aeráid. Cuirfear clabhsúr leis an léacht le plé ar thaighde a rinneadh le déanaí – taighde a bhfuil sé mar aidhm léi léargas a thabhairt ar chuid de na meicníochtaí fisiciúla casta atá i gceist.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ollamh Gerard Jennings ón Institiúid um Athrú Comhshaoil in OÉ Gaillimh agus é ag tagairt do léacht an Ollaimh Haigh, "Ní leor athruithe i bhfuinneamh na gréine – arna thomhas ag spásárthaí le 30 bliain anuas – le míniú a thabhairt ar an méadú sciobtha atá tagtha ar mheánteocht an domhain. Tagann an méid seo leis an bhfianaise eolaíoch a thacaíonn leis an dearcadh gur dócha gur bhfuil nasc idir gníomhaíocht dhaonna agus téamh aeráide."

I measc na n-ábhar eolaíoch ar spéis leis an Ollamh Haigh tá: aistriú radantach san atmaisféar, samhaltú aeráide, fórsáil radantach d'athrú aeráide agus an tionchar atá ag athrú ionradantas gréine ar aeráid. Tá go leor foilsithe aici faoi na hábhair seo sa litríocht eolaíoch agus is iomaí píosa scríofa agus craolta a raibh baint aici leo freisin.

Tá an léacht phoiblí seo á heagrú ag OÉ Gaillimh i gcomhar le hAcadamh Ríoga na hÉireann. Cé go bhfuil saorchead isteach, níl ach méid áirithe ticéad ar fáil. Tá méid áirithe ticéad le fáil ón Oifig Preasa agus Faisnéise ag 091-493361 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig info@nuigalway.ie. Is féidir ticéid a chur in áirithe freisin ach teagmháil a dhéanamh le hAcadamh Ríoga na hÉireann ag www.ria.ie.

CRÍOCH

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories