Tugann OÉ Gaillimh aitheantas do Gabriel Byrne ag Searmanais Bhronnta an Gheimhr

Nov 26 2007 Posted: 00:00 GMT
Amárach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh bronnfar Céim Dhochtúireachta sna Dána (honoris causa) ar dhuine de na haisteoirí is mó cáil agus meas in Éirinn (Dé Máirt, 27 Samhain). Is é Gabriel Byrne duine de na haisteoirí is mó cáil ar domhan agus bronnfar céim air mar chuid de shearmanas bronnta an gheimhridh in OÉ Gaillimh, tráth a mbronnfar céimeanna ar thart ar 800 mac léinn as coláistí agus scoileanna éagsúla san Ollscoil freisin. Thosaigh Gabriel Byrne amach mar aisteoir leis an Focus Theatre anseo in Éirinn sular thosaigh sé ag aisteoireacht sa Royal Court Theatre i Londain sa bhliain 1979. Ghlac sé páirt ina chéad scannán dar teideal Excalibur sa bhliain 1981. Ba é John Boorman a stiúir an scannán eipice Artúrach seo. D'oibrigh Gabriel Byrne le cuid de mhórstiúrthóirí na pictiúrlainne – Deartháireacha Coen, Wim Wenders, Jim Jarmusch, Ken Loach, John Boorman, David Cronenberg agus Bryan Singer ina measc. Ghlac Gabriel páirt i scannáin neamhspleácha agus stiúideo, mar aon le trí scannán a stiúradh agus dhá scannán a scríobh. Lena chois seo ar fad, ghlac sé príomhról i 35 príomhscannán lena n-áirítear Miller's Crossing, The Usual Suspects, Into the West, The End of Violence, Dead Man, Vanity Fair agus Spider. Seo a leanas a bhí le rá ag Rod Stoneman, Stiúrthóir Scoil Scannán & Meán Digiteach Huston, "Is aisteoir é Gabriel Byrne a thugann a shamhlaíocht agus na carachtair a chruthaíonn sé smaointe agus íomhánna den scoth dúinn agus cúis áthais dúinn an onóir seo a bhronnadh air. Tugann sé dea-shampla dúinn ar fad trí pháirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí cultúrtha agus carthanachta in Éirinn – gníomhaíochtaí a léiríonn spiorad na flaithiúlachta agus tiomantas dá thír dhúchais." Bronnfar cáilíochtaí ar mhic léinn i gcaitheamh an lae, mic léinn ó Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte; Coláiste na hInnealtóireachta agus na Faisnéisíochta; Coláiste an Dlí; Coláiste na Tráchtála; Coláiste na hEolaíochta agus Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh, Uachtarán OÉ Gaillimh roimh an searmanas, "Cúis áthais dúinn anseo in OÉ Gaillimh céim oinigh a bhronnadh ar Gabriel Byrne – aisteoir Éireannach den scoth agus aisteoir a bhfuil cáil idirnáisiúnta bainte amach aige mar aisteoir cumasach. Cúis áthais ar leith is ea go bhfuil Gabriel Byrne inár measc inniu mar gurb é seo an chéad bhliain cáilíochtaí a bhronnadh ar mhic léinn a d'fhreastail ar na cúrsaí nua agus nuálacha scannán agus meán digiteach. Céim Dhochtúireachta sna Dána atá á bhronnadh ar Gabriel Byrne mar aitheantas ar an méid atá déanta aige ar mhaithe leis an tionscal scannán in Éirinn agus go hidirnáisiúnta." Ag an searmanas bronnta seo freisin, bronnfar cáilíochtaí ar mhic léinn ó chúrsaí nua den chéad uair – M.A. in Ardscileanna Foghlama, M.A. i bhFealsúnacht: Eitic, Cultúr agus Athrú Domhanda, M.A. sna Meáin Dhigiteacha, M.A. i Léiriú agus Stiúradh, agus M.A. in Abhcóideacht agus Gníomhaíochas Poiblí.
CRÍOCH

PreviousNext

Featured Stories