Comhdháil bhliantúil Scoil na Gaeilge

Oct 08 2007 Posted: 00:00 IST
Tionólfar comhdháil bhliantúil Scoil na Gaeilge, Comhdháil Litríocht 7 Cultur na Gaeilge 12-13 Deireadh Fómhair chun comóradh a dhéanamh ar Choláiste Proinsiasach San Antaine, Lobháin a bunaíodh 400 bliain ó shin.

Osclóidh an Seanadóir Rónán Ó Maoláin an chomhdháil tráthnóna Dé hAoine agus déanfar plé i gcaitheamh an deireadh seachtaine ar an gcomaoin a chuir bráithre bochta Lobháin ar litríocht, stair agus naomhsheanchas na nGael. Beidh aon léacht déag ar fad ann.

Ar na príomhchainteoirí beidh Fearghus Ó Fearghail (Mater Dei) ag trácht ar an tábhacht a bhaineann leis an leagan Gaeilge den Tiomna Nua (1602); labhróidh Angharad Price (Ollscoil Bangor) ar na saothair reiligiúnda i mBreatnais a d'fhoilsigh deoraithe Caitliceacha ar an Mór-Roinn; agus déanfaidh Martin Stone (Leuven) trácht ar an mbealach ar chuir Proinsiasaigh Lobháin fealsúnacht Scotus chun cinn san Eoraip. Ar na cainteoirí eile tá Pádraig A. Breatnach, Marie-Louise-Coolahan, Charlie Dillon, Mícheál Mac Craith, Nollaig Ó Muraíle, Tadhg Ó Dúshláine, Marie Ó Tuathaigh agus Salvador Ryan.

Cuirfear spéis ar leith i léacht Marie O' Tuathaigh ar eachtraí Mary Stuart O' Donnell, iníon Iarla Thír Chonaill nach bhfaca a hathair riamh. Manglam pléascach den pholaitíocht, den chreideamh agus den trasghléasadh ab ea gníomhréim na mná neamhghnáiche seo. Chun clabhsúr a chur leis an gcomhdháil, léireoidh Antaine Ó Donnaíle Na hIarlaí san Eoraip, an tríú mír den tsraith iomráiteach fáisnéise a rinne sé do BBC, Thuaisceart Éireann.

Mar chuid den chomhdháil beidh taispeántas leabhar agus lámhscríbhinní a bhaineann le Lobháin le feiceáil i Leabharlann Shéamuis Uí Argadáin. Tabharfar tús áite sa taispeántas do Duanaire Finn agus Leabhar Uí Chonchobhair Dhoinn, dhá lámhscríbhinn a choimisinigh Somhairle Mac Domhnaill, captaen i Reisimint Thír Eoin in arm na Spáinne, reisimint nuabhunaithe faoi cheannas a choil seisear, Seán Ó Néill, mac le hAodh Mór Ó Néill.

Mar a dúirt an tOllamh Mícheál Mac Craith: "Is é Duanaire Finn an cnuasach is tábhachtaí ar fad de na laoithe Fiannaíochta a tháinig anuas chugainn, agus tá breis agus trí chéad go leith dán le fáil i Leabhar Uí Chonchobhair Dhoinn, a mbaineann an chuid is mó acu le himeachtaí comhaimseartha. Adhlacadh Somhairle Mac Domhnaill i gclabhstra na bProinsiasach i Lobháin agus tháinig Duanaire Finn i seilbh na mbráithre. Ní fios cad d'imigh ar an lámhscríbhinn eile nó gur éirigh leis an ársaitheoir cáiliúíl, Cathal Ó Chonchobhair Bhéal Átha na gCarr, teacht uirthi san 18ú haois. Tabharfar dhá sheoid seo an Chaptaein Somhairle le chéile sa taispeántas don chéad uair le beagnach 400 bliain, éacht a bhfuil Scoil na Gaeilge agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh thar a bheith mórálach as."

CRÍOCH

PreviousNext

Featured Stories