Tine in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Sep 27 2007 Posted: 00:00 IST
Tharla tine bheag in íoslach Leabharlann Shéamais Uí Argadáin in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag thart ar 9.30pm Dé Céadaoin, 26 Meán Fómhair 2007. Cuireadh plean dóiteáin na hOllscoile i bhfeidhm láithreach bonn agus aistríodh na comhaltaí foirne agus na mic léinn ar fad amach as na foirgnimh éagsúla. Níor gortaíodh duine ar bith. Bhí an bhriogáid dóiteáin i láthair mar aon le Comhaltaí Foirne Slándála na hOllscoile.

Tá Oifig na bhFoirgneamh agus Bord Soláthair an Leictreachais i mbun an damáiste a mheas faoi láthair. Beidh Leabharlann Shéamais Uí Argadáin, An Bhialann (ceaintín na mac léinn agus na gcomhaltaí foirne) agus siopaí Chomhaltas na Mac Léinn dúnta go gcuirfear a mhalairt in iúl. Tá léachtannna ag dul ar aghaidh mar is gnáth.

Seo a leanas a bhí le rá ag Keith Warnock, An Leas-Uachtarán um Acmhainní Fisiciúla, "Táimid i mbun an damáiste atá déanta a mheas, ach is léir ag an bpointe seo go mbeidh an Leabharlann agus na foirgnimh eile a bhfuil damáiste déanta dóibh dúnta as seo go ceann roinnt laethanta. Cúis díomá dúinn a bheith ag cur isteach ar obair na hollscoile, ach tá sé tábhachtach a lua freisin gur déileáladh go héifeachtach leis an eachtra seo agus nár gortaíodh duine ar bith. Cuireadh an plean éigeandála dóiteáin i bhfeidhm gan deacracht, agus thar ceann phobal na hOllscoile, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an mbriogáid dóiteáin agus ár gcomhaltaí foirne slándála as an dea-obair a rinne siad."

Cuirfear an t-eolas is déanaí ar fáil daoibh i rith an lae.

DEIREADH

PreviousNext

Featured Stories