Foirgneamh Innealtóireachta nua d'Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Tuesday, 9 December 2008

D'fhógair an tAire Oideachais agus Eolaíochta, Batt O'Keeffe T.D. aréir go bhfuil cead tugtha ag an Rialtas do OÉ Gaillimh tús a chur leis an obair ar an bhFoirgneamh Innealtóireachta nua ar champas Chathair na Gaillimhe – foirgneamh a chosnóidh €50 milliún.Leagan Gaeilge View in English Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire O'Keeffe le linn dó a bheith ar cuairt ar OÉ Gaillimh: "Cúis áthais dom a fhógairt go bhfuil cead tugtha ag an Rialtas do OÉ Gaillimh Scoil Innealtóireachta nua a fhorbairt. Maoineofar an Foirgneamh Innealtóireachta nua trí mheascán de mhaoiniú státchiste faoi Phlean Forbartha Náisiúnta 2007-2013, cistí airgid a bhaileoidh OÉ Gaillimh, mar aon le maoiniú ó dheontóirí". Beidh achar 14,200 méadar cearnach san fhoirgneamh seo ina mbeidh Coláiste na hInnealtóireachta agus na Faisnéisíochta; coláiste atá scaipthe i 13 fhoirgneamh éagsúla i láthair na huaire, idir fhoirgnimh ar an gcampas agus fhoirgnimh lasmuigh den champas. Áireofar tionscnaimh 'ghlasa' i dtógáil an fhoirgnimh seo, tionscnaimh a úsáidfear mar uirlis teagaisc amach anseo freisin. Beidh thart ar 110 comhalta foirne ag obair san fhoirgneamh nua seo agus beidh áiseanna ann do thart ar 1100 mac léinn. D'fháiltigh an Dr James Browne, Uachtarán OÉ Gaillimh, roimh an dea-scéala: "Cabhróidh an foirgneamh nua seo go mór le cur chun cinn na hInnealtóireachta anseo in OÉ Gaillimh sna blianta amach romhainn. Tá dea-cháil orainn le blianta fada anuas as caighdeán ár gclár Innealtóireachta agus cinnteoidh an fhorbairt nua seo go dtiocfaidh athrú iomlán ar áiseanna agus ar chaighdeán na gclár a bheidh á dtairiscint againn dár mic léinn. Bainfidh cathair na Gaillimhe agus an ceantar máguaird tairbhe as an bhfoirgneamh seo freisin – ní hamháin go gcruthófar poist sa ghearrthéarma, cuirfidh sé ar ár gcumas céimithe Innealtóireachta den chéad scoth a fhorbairt". Is iad na hailtirí clúiteacha RMJM (Albain) i gcomhar le Taylor Architects, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo a dhear an foirgneamh seo – an foirgneamh is mó a thógfar mar chuid d'aon fhorbairt amháin ar champas na hOllscoile i nGaillimh agus is ó thuaidh de Dhroichead na gCúig Chéad a bheidh an foirgneamh suite. Cuirfear an conradh tógála amach ar tairiscint Dé hAoine, 12 Nollaig. Tá sé beartaithe tús a chur leis an tógáil i mí Aibreáin 2009 agus an tionscadal a thabhairt chun críche in 2011. I rith na tógála fostófar 300 duine ar an tionscadal seo. Chomh maith leis sin, dúirt an tAire O'Keeffe go mbeidh "ról lárnach ag institiúidí cosúil le OÉ Gaillimh i gcabhrú leis an Stát déileáil leis na héilimh agus na dúshláin a bheidh le sárú mar chuid den iarracht geilleagar eolasbhunaithe a chruthú".
CRÍOCH

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories