Cúrsa nua BA i nGaoth Dobhair aitheanta ag an gComhairle Mhúinteoireachta

Jul 30 2008 Posted: 00:00 IST
Tá Comhairle Mhúinteoireachta na hÉireann i ndiaidh aitheantas a thabhairt do chlár nua céime a bheas á reáchtáil trí Ghaeilge, rud a chuireann go mór leis an gcúrsa. Sheol Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn (LYIT) an B.A. (Riarachán Gnó) ní ba luaithe i mbliana. Beidh an cúrsa ar siúl in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaoth Dobhair ó Mheán Fómhair 2008 ar aghaidh. Agus é ag caint faoin bhforbairt nua seo dúirt Éamonn Mac Niallais, Riarthóir Ionad an Acadaimh i nGaoth Dobhair, go bhfuil, "méadú suntasach tagtha ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil in eagraíochtaí atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach, sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht le blianta beaga anuas. Dá bhrí sin, féadfaidh céimithe an chúrsa seo a bheith ag súil le deiseanna iontacha fostaíochta amach anseo. Ciallaíonn an t-aitheantas seo go gcomhlíonann an chéim na riachtanais acadúla atá de dhíth ar mhúinteoirí le clárú leis an Chomhairle Mhúinteoireachta le Gnó a theagasc i meánscoileanna. Cuirfidh sé sin le líon na ndeiseanna fostaíochta a bheas ag céimithe agus ciallaíonn sé go bhfuil an cúrsa i bhfad níos tarraingtí do mhic léinn." Is é an B.A. (Riarachán Gnó) an chéad chlár céime a bheidh á reáchtáil in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaoth Dobhair agus tá sé mar aidhm ag an gcúrsa scileanna praiticiúla agus anailíseacha a thabhairt do mhic léinn le cur ar a gcumas feidhmiú go héifeachtach i dtimpeallacht dhátheangach gnó agus riaracháin. D'fháiltigh Uachtarán nua-cheaptha OÉ Gaillimh, an Dr. James Browne, roimh an dea-scéala seo agus dúirt sé go bhfuil, "áthas ar leith ar OÉ Gaillimh go bhfuil an B.A. (Riarachán Gnó) á thairiscint i gcomhar le LYIT. Táimid ag comhoibriú lena chéile agus ag úsáid ár n-acmhainní i gcomhphairtíocht lena chéile chun cúrsa tarraingteach trí Ghaeilge a sholáthar don phobal san Iarthuaisceart." Leag an tUasal Paul Hannigan, Uachtarán LYIT, béim ar thábhacht na comhoibre idir an dá institiúid tríú leibhéal freisin agus an clár nua seo á fhorbairt. "Tá aitheantas forleathan bainte amach ag Scoil Ghnó LYIT as feabhas a cúrsaí gnó agus i láthair na huaire tá breis is 1,000 mac léinn ag freastal ar chúrsaí fochéime agus iarchéime san Institiúid. Tá ceann de na ceantair Ghaeltachta is mó sa tír i nDún na nGall agus cúis áthais dúinn deis a fháil comhoibriú le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh chun cúrsa nua gnó a reáchtáil trí mheán na Gaeilge." Tá Údarás na Gaeltachta ag tacú leis an gclár agus dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Pádraig Ó hAoláin, go léiríonn an cúrsa cé chomh tiomanta agus atá Údarás na Gaeltachta d'fhorbairt eacnamaíoch agus theangeolaíoch na Gaeltachta. "Níl an oiread béime anois is a bhí ar na tionscail thraidisiúnta déantúsaíochta agus is cinnte go raibh éifeacht shuntasach aige seo ar chúrsaí fostaíochta sna ceantair Ghaeltachta. Caithfimid dul san iomaíocht i ré an domhandaithe agus tá géarghá le hardleibhéil eolais agus scileanna chun dul chun cinn a dhéanamh. Cabhróidh tionscnaimh cosúil leis an gcúrsa céime seo le muintir na Gaeltachta aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua seo agus ní hamháin tionscail ardleibhéil a mhealladh, ach gnóthaí dá gcuid féin a bhunú freisin." De bhrí go bhfuil an cúrsa seo á reáchtáil go háitiúil agus siocair go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag tacú leis, beidh sé níos fusa do dhaoine tabhairt faoi bhunchéim a bhaint amach. Is léir d'Éamonn Mac Niallais go dtuigeann daoine gur deis iontach í seo chun céim a fháil, "Tá an-suim léirithe ag mic léinn lánfhásta sa chúrsa seo – daoine nach raibh deis acu oideachas tríú leibhéal a bhaint amach roimhe seo nó daoine ar mian leo tabhairt faoi ghairm nua ach níl na cáilíochtaí cuí acu. Ciallaíonn an tacaíocht fhlaithiúil atá á tabhairt ag Údarás na Gaeltachta don chlár seo, mar aon leis na buntáistí a bhaineann le maireachtáil sa bhaile agus clár céime á dhéanamh, gur deis iontach atá ann do dhaoine céim tríú leibhéal a bhaint amach. Tá an clár seo feiliúnach go háirithe do mhic léinn lánfhásta a bhfuil leanaí óga acu". Tá tuilleadh eolais faoin B.A. (Riarachán Gnó) le fáil ag www.acadamh.ie nó trí theagmháil a dhéanamh le hIonad an Acadaimh i nGaoth Dobhair ag 074 9531919 nó ríomhphost a sheoladh chuig gaothdobhair@oegaillimh.ie.
-Críoch –

PreviousNext

Featured Stories