Dara Seimineár Idirnáisiúnta John McGahern ar siúl i Liatroim

Friday, 25 July 2008

Sheol an tOllamh Ger Hurley, Leas-Uachtarán, OÉ Gaillimh, dara Seimineár Idirnáisiúnta John McGahern aréir (Déardaoin, 24 Iúil), in Óstán Bush, Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma. Reáchtáiltear Seimineár Idirnáisiúnta agus Scoil Samhraidh John McGahern gach bliain i gCo. Liatroma chun ceiliúradh a dhéanamh ar obair agus saothar liteartha an údáir cháiliúil seo. Is é an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh, Roinn na Staire, OÉ Gaillimh, a thug an óráid 'John McGahern's Irelands' ag an seoladh. Dúirt an tOllamh Ó Tuathaigh: "Is as a chumas mar scríbhneoir, scríbhneoir ficsean próis den chuid is mó, a thugtar aitheantas do John McGahern, agus mairfidh sé inár gcuimhne mar scríbhneoir den chéad scoth. In ainneoin dáiríreacht a dhílseachta dá ghairm, tá léargas agus crític iontach ar phríomhfhórsaí leanúnachais agus athrú i sochaí na hÉireann le fáil freisin i gcorpas iomlán McGahern (go háirithe sochaí tuaithe an Iarthair) idir na 1940idí agus blianta tosaigh an chéid seo". Sheol Kevin Reynolds ó RTÉ an chéad imleabhar de John McGahern Yearbook ag Seimineár 2008 freisin. I measc na scríbhneoirí a bhfuil saothar dá gcuid le fáil san imleabhar bliantúil seo atá faoi chlúdach crua, tiomsaithe agus curtha in eagar ag an Dr John Kenny, Roinn an Bhéarla, OÉ Gaillimh, tá Séamus Heaney, Declan Kiberd, Joseph O'Connor, agus Belinda McKeon. Dúirt an tOllamh Ger Hurley, Leas-Uachtarán um Thionscnaimh Straitéiseacha agus Gnóthaí Seachtracha, OÉ Gaillimh: "Tá clú agus cáil ar Scoil Samhraidh John McGahern – scoil samhraidh a bhíonn ar siúl in OÉ Gaillimh. Le breis is 25 bliain anuas, go dtí gur cailleadh é gan choinne, chuir John go mór le cláir éagsúla acadúla san Ollscoil, ach bhí spéis ar leith aige sa Scoil Samhraidh sa Léann Éireannach agus ceardlanna Scríbhneoireacht Chruthaitheach. Tá an-áthas anois ar OÉ Gaillimh, comhoibriú arís i mbliana le Comhairle Contae Liatroma, agus Oifig Ealaíon na Comhairle sin, chun an Seimineár agus an Scoil Samhraidh a eagrú anseo i Liatroim in onóir éachtaí ealaíona agus liteartha John McGahern". I measc na gcainteoirí a bheidh i láthair ag an Seimineár Idirnáisiúnta beidh: An tOllamh Christopher Murray, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath; Gerardo Gambolini, file agus aistritheoir ón Airgintín; agus David Malcolm, Ollscoil Gdansk, An Pholainn. Beidh plé painéil agus léamha ar siúl i rith an chláir freisin. Le cois an tSeimineáir i mbliana, tá Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta – seachtain dianstaidéir ar shaothar John McGahern agus comhthéacsanna na hoibre sin – eagraithe ag OÉ Gaillimh. Áireofar an clár samhraidh seo mar chuid den 25ú Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta sa Léann Éireannach in OÉ Gaillimh. Mar chomóradh ar an 25ú Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta sa Léann Éireannach (1984-2008), bronnfaidh OÉ Gaillimh Céad Eagrán na Stát Aontaithe de chuimhní cinn John McGahern, All Will Be Well ar gach mac léinn a fhreastalaíonn ar Scoil Samhraidh 2008. Is féidir sceideal mionsonraithe den Seimineár a íoslódáil ó www.nuigalway.ie/iss/
CRÍOCH

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories