An Líon is Mó Daltaí Riamh Páirteach i gComórtas Ealaíne na Scoileanna

May 26 2008 Posted: 00:00 IST
Ghlac an líon is mó daltaí riamh – os cionn 400 dalta – as 13 mheánscoil ar fud na Gaillimhe páirt i gComórtas Ealaíne OÉ Gaillimh do Dhaltaí Céad Bhliana. Is cuid de Chlár Rochtana Conair na hOllscoile é an comórtas ealaíne atá deartha le spéis a spreagadh san oideachas tríú leibhéal i measc daltaí as Scoileanna roghnaithe i gContae, Cathair agus ceantair Ghaeltachta na Gaillimhe. Tá an tÚdarás um Ard-Oideachas ag tacú leis an gclár trí spriocmhaoiniú do thionscnaimh speisialta. Fiafraíodh de dhaltaí iad féin a chur in iúl trí mheán na hEalaíne, an Cheoil, na Drámaíochta agus na Scríbhneoireachta agus léargas a thabhairt ar an gcúis ar mhaith leo freastal ar OÉ Gaillimh, céard a chiallódh sé agus cén tionchar a bheadh aige ar a dtodhchaí. Dúirt Ashla Ward, ó Oifig Rochtana OÉ Gaillimh go bhfuil "an comórtas seo deartha ar mhaithe le daltaí a spreagadh tosú ag smaoineamh ar a dtodhchaí, a stádas reatha foghlama a nascadh le sprioc fhadtréimhseach agus machnamh a dhéanamh ar a bheith ag staidéar ag an tríú leibhéal. D'éirigh thar cionn leis an gcomórtas seo le sé bliana anuas. Tá an-obair déanta ag múinteoirí agus ag daltaí chun píosaí ealaíne den scoth a chruthú don chomórtas". Ag an dara leibhéal, tosaíonn Clár Rochtana Conair OÉ Gaillimh le Comórtas Scoile do Dhaltaí Céad Bhliana agus leantar leis an gcomórtas do dhaltaí sa dara, sa tríú, sa chúigiú bliain agus i mbliain na hArdteistiméireachta, le sraith gníomhaíochtaí cosúil le turas mórthimpeall ar an gcampas, meantóireacht agus Ceardlanna Scileanna Staidéir. Is é an príomhchuspóir a bhaineann le Conair idirghníomhaíocht rialta leis an Ollscoil agus leis na daltaí a spreagadh. Cuireadh go mór le héifeachtacht an tionscnaimh seo bunaithe ar thacaíocht leanúnach lucht bainistíochta agus comhaltaí foirne sna scoileanna rannpháirteacha.
- críoch -

PreviousNext

Featured Stories