OÉ Gaillimh le haitheantas a thabhairt do Mhic Léinn a ghnóthaigh scoth na marca

Wednesday, 15 October 2008

Bronnfar scoláireachtaí ar fiú €119,000 ar an iomlán iad ar mhic léinn chéad bhliana in OÉ Gaillimh mar aitheantas ar na pointí arda a ghnóthaigh siad i Scrúdú na hArdteistiméireachta. Mar chuid de shearmanas bliantúil na hOllscoile Scoláireachtaí Iontrála a bhronnadh, bronnfar scoláireachtaí ar fiú €1,700 iad mar aon le scrolla speisialta ar 70 mac léinn. Bronnfar na scoláireachtaí seo ag searmanas speisialta Déardaoin, an 16 Deireadh Fómhair 2008. Beidh idir mhúinteoirí agus thuismitheoirí i láthair ag an searmanas. Is é atá mar aidhm leis na Scoláireachtaí Iontrála mic léinn ar ardchaighdeán a mhealladh chuig OÉ Gaillimh agus aitheantas a thabhairt don éacht acadúil atá déanta acu. D'fhéadfaí go mbeadh scoláireachtaí nó deontais eile á mbronnadh ag an searmanas céanna, Scéim Scoláireachtaí Spóirt na hOllscoile san áireamh. I mbliana, bronnfar Scoláireachtaí Iontrála ar mhic léinn as 38 scoil ar fud na tíre. Tá scoláireachtaí le bronnadh ar mhic léinn as na contaetha seo a leanas – An Clár, Corcaigh, Dún na nGall, Gaillimh, Ciarraí, Laois, Luimneach, An Longfort, Maigh Eo, Uíbh Fhailí, Ros Comáin, Sligeach, Tiobraid Árann agus An Iarmhí. Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr James J. Browne, a bhronnfaidh na seiceanna agus na scrollaí ag an imeacht: "Cúis áthais dúinn a bheith in ann aitheantas a thabhairt d'éachtaí acadúla an 70 mac léinn seo as gach cearn den tír. Déanann OÉ Gaillimh iarracht i gcónaí tacú le feabhas acadúil i ngach uile dhisciplín agus é a spreagadh. Deis é Searmanas Bronnta na Scoláireachtaí Iontrála le haitheantas a thabhairt dár mic léinn chéad bhliana a bhfuil a gcumas acadúil cruthaithe acu cheana féin bunaithe ar na torthaí a fuair siad i Scrúdú na hArdteistiméireachta. Deis atá ann freisin le haitheantas a thabhairt don obair atá déanta ag a dtuimsitheoirí agus ag a múinteoirí. Cuirimid fáilte chroíúil rompu chuig OÉ Gaillimh agus táimid ag tnúth lena gcumas acadúil a fhorbairt amach anseo agus tacú lena n-iarrachtaí sna blianta amach romhainn". Bronntar Scoláireachtaí Iontrála gach bliain ar mhic léinn atá díreach tosaithe ag freastal ar OÉ Gaillimh agus a fuair 560 pointe, ar a laghad, i Scrúdú na hArdteistimérieachta (590 pointe do mhic léinn leighis). I mbliana d'éirigh le 18 mac léinn an t-uasmhéid 600 pointe a fháil. Chomh maith leis sin, bronnann OÉ Gaillimh 25 Sparánacht gach bliain. Is fiú €1,600 an ceann na sparánachtaí seo a bhfuil sé mar aidhm leo tacú le mic léinn a thugann faoi chéatadán suntasach dá gcúrsa staidéir trí mheán na Gaeilge.
- críoch -

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories