Seoladh an Leabhair TG4 @ 10

Oct 17 2008 Posted: 00:00 IST
- Deich mBliana de TG4 -
Seolfar leabhar dátheangach inniú (Dé hAoine, 17ú Deireadh Fómhair) in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i gcomóradh ar na chéad deich mbliana de TG4, an stáisiún teilifíse Gaeilge. TG4@10: Deich mBliana de TG4/Ten Years of TG4 is teideal don leabhar, atá á fhoilsiú ag Cló Iar-Chonnachta. Is iad an Dr Eithne O'Connell, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, an Dr John Walsh, OÉ Gaillimh agus an tOllamh Gearóid Denvir, OÉ Gaillimh, eagarthóirí an leabhair. An Teachta Dála de chuid Pháirtí an Lucht Oibre i nGaillimh, Micheál D. Ó hUiginn, a sheolfaidh an leabhar ag ócáid in Áras na Gaeilge, OÉ Gaillimh. Ba é an Teachta Ó hUiginn, agus é ina Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, a cheadaigh go mbunófaí Teilifís na Gaeilge i 1996. Bailiúchán aistí le daoine aitheanta, idir lucht léinn agus lucht thionscal na teilifíse, atá sa leabhar. Pléitear gnéithe de stair na teilifíse, polasaí teanga TG4, tionchar sóisialta agus eacnamaíoch an stáisiúin, na dúshláin a bhaineann le craoladh trí mheán na Gaeilge agus úsáid teangacha inimirceach. Baineann na húdair le gach cearn den tír, ó Ghaeltacht na Rinne i bPort Láirge go Port Stíobhairt agus ó Chonamara go Baile Átha Cliath. Foilsítear achoimrí dátheangacha de na haistí ar fad agus eolas eile i mBéarla. "Creidimid go mbeidh tábhacht ag baint leis an saothar seo", a dúirt an Dr John Walsh, duine d'eagarthóirí an leabhair, a ghnóthaigh ceann de dhuaiseanna liteartha Oireachtas na Gaeilge an mhí seo. "Bunaíodh é ar sheimineár a reáchtáil in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i 2006 le Ollscoil Bhaile Átha Cliath chun 10 mbliana de TG4 a chéiliúradh agus bhí sé i gceist againn riamh go bhfoilseofaí na himeachtaí. Táimid cinnte go rachaidh an leabhar seo go mór chun tairbhe na ndaoine sin atá ag déanamh staidéir ar na meáin chumarsáide Ghaeilge, agus go mbainfidh lucht déanta polasaí craolacháin agus teanga tairbhe as chomh maith. Bhí cur chuige dátheangach againn le linn an tseimineáir féin trí chóras ateangaireachta a úsáid, agus is cúis áthais dúinn cuid den chur chuige céanna a úsáid sa leabhar", a dúirt an Dr Walsh. Seolfaidh Micheál D. Ó hUiginn an leabhar um thráthnóna (Dé hAoine, 17ú Deireadh Fómhair) in Áras na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag a 6.00i.n. Breis eolais: www.cic.ie
-Críoch-

PreviousNext

Featured Stories