Fáil ag Mic Léinn OÉ Gaillimh ar na hEalaíona Cruthaitheacha

Sep 15 2008 Posted: 00:00 IST
Beidh fáil níos éasca ag mic léinn OÉ Gaillimh ar na healaíona cruthaitheacha ó seolfar clár na nEalaíon Cruthaitheach 2008-2009. Seo an tríú bliain a bhfuil an clár á reáchtáil. Tá an clár deartha go háirithe d'fhochéimithe agus eagrófar imeachtaí agus léirithe Drámaíochta Idirnáisiúnta, Scannán, Ceoil Chlasaicigh, Rince, Ealaíon Traidisiúnta, Amharcealaíon agus Litríochta Gaeilge mar chuid de. Tríd an gclár Ealaíon Cruthaitheach, beidh deis ag mic léinn freastal ar léirithe agus plé leis na healaíontóirí a bheidh rannpháirteach iontu. Tá ainmneacha cáiliúla ar an gclár, ina measc na ceoltóirí Frankie Gavin agus Máirtín O'Connor, na haisteoirí Bríd Ní Neachtain agus Mick Lally, agus an téadcheathairéad clasaiceach ón Rómáin ConTempo. Ar an gclár chomh maith tá an ensemble clasaiceach idirnáisiúnta Gatto Marte agus an Now Dance Company as an gCóiré. I measc na n-imeachtaí drámaíochta atá ar an gclár tá léiriú de The Cripple of Inishmaan le Martin McDonagh, á stiúradh ag Garry Hynes agus an chéad léiriúchán riamh de dhráma Marina Carr, Marble, in Amharclann na Mainistreach. Deir Mary McPartlan, Stiúrthóir an chláir Ealaíon Cruthaitheach in OÉ Gaillimh: "Cuireann an clár nua rogha deiseanna ar fáil le taithí a fháil ar ealaíona d'ardchaighdeán trína mbuailfidh mic léinn le healaíontóirí gairmiúla oilte i ngach réimse ealaíon. Tá sé de chuspóir aige saibhriú a dhéanamh ar a saol siúd uile a bheidh rannpháirteach ann agus intinn agus samhlaíocht na mac léinn a chothú." Chomh maith le léirithe ealaíonta, tá seisiún eolais ar an gclár maidir le deiseanna iarchéime le Scoil Scannán & Meán Digiteach Huston na hOllscoile. Deir an tOllamh Kevin Barry, Déan Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh go gcuireann an clár leis an taithí ar shaol an mhic léinn: "Is cuid thábhachtach den oideachas in OÉ Gaillimh iad na healaíona cruthaitheacha, agus is cuid lárnach iad chomh maith de chroí cultúrtha na Cathrach. Déanann an clár Ealaíon Cruthaitheach, tríd an tacaíocht leanúnach ó lucht gairmiúil na n-ealaíon, saibhriú ar an gcuraclam do mhic léinn. Táimid ag cur deiseanna ar fáil chomh maith dár mic léinn le dul leis na tionscail chruthaitheacha amach anseo." Cuirfear tús leis an gclár an 25 Meán Fómhair in Amharclann na Cathrach, Gaillimh nuair a léireoidh Compántas Amharclainne Druid The Cripple of Inishmaan, a bheidh á stiúradh ag Garry Hynes.
- críoch -

PreviousNext

Featured Stories