All 2009

Information Evening for Prospective Mature Students at NUI Galway

Monday, 12 January 2009

(Leagan Gaeilge) NUI Galway will hold an information evening for mature students considering undertaking a full-time undergraduate degree programme. The event will be held on Thursday, 15 January, at 8pm, in the Colm Ó hEocha Theatre, Arts Millennium Building, NUI Galway. Information will be provided on the programmes available to mature students, on entry requirements and on the application and selection procedures. There will also be a focus on financial and other supports. Each year at NUI Galway, a quota of places on most programmes is reserved for mature students, who are deemed to be those aged 23 and over. Applications for degree courses are made in the normal way for University entrants through the Central Applications Office (CAO) by 1 February. Trish Hoare, Mature Students Officer at NUI Galway, has noticed a growing interest in returning to formal study: "With the economic downturn, many are looking to develop new employment opportunities by studying for a degree. There has been much interest in Nursing and in the Health Sciences programmes such as Occupational Therapy. There will be a representative at the open information evening to take questions relating to these programmes". Trish Hoare points out that there are various financial supports for mature students: "Tuition fees are free for first-time undergraduates. There are also higher education grants to avail of if an individual is eligible and meets certain criteria. Social Welfare recipients may be entitled to back to education allowance, again, if they meet certain criteria. We hope to provide further information on all of these and other supports in the advisory session". A presentation will also be given on the University's special Access Programme for socio-economically disadvantaged mature students and on the pre-University Foundation Courses in Science and Engineering, and in Commerce. For further information on the information evening contact Trish Hoare on 091 492695 trish.hoare@nuigalway.ie Oíche Eolais do Dhaoine ar Spéis leo Freastal ar OÉ Gaillimh mar Mhic Léinn Lánfhásta (View in English) Tionólfaidh OÉ Gaillimh oíche eolais do dhaoine atá ag smaoineamh ar thabhairt faoi chlár fochéime lánaimseartha mar mhic léinn lánfhásta. Eagrófar an ócáid i dTéatar Choilm Uí Eocha, Áras Dán na Mílaoise, OÉ Gaillimh Déardaoin, 15 Eanáir ag 8i.n. Tabharfar eolas faoi na cláir atá ar fáil do mhic léinn lánfhásta, faoi na riachtanais iontrála agus faoi na nósanna imeachta iarratais agus roghnaithe. Díreofar chomh maith ar an tacaíocht airgid agus ar chineálacha eile tacaíochta atá ar fáil. Gach bliain in OÉ Gaillimh, coinnítear cuóta áiteanna ar mhórchuid na gclár do mhic léinn lánfhásta, ar daoine iad atá 23 bliain d'aois nó níos sine ná sin. Déantar iarratais ar na cláir chéime, ar an ngnáthbhealach a ndéanann iontrálaithe Ollscoile é, tríd an Lár-Oifig Iontrála (CAO) faoin 1 Feabhra. Tá sé tugtha faoi deara ag Trish Hoare, Oifigeach na Mac Léinn Lánfhásta in OÉ Gaillimh, go bhfuil an spéis atá ag daoine filleadh ar an staidéar foirmiúil ag méadú: "I bhfianaise na géarchéime eacnamaíochta tá go leor daoine ag iarraidh deiseanna nua fostaíochta a thapú trí chéim a bhaint amach. Tá an-spéis ag daoine san Altranas agus sna cláir Eolaíochtaí Sláinte ar nós na Teiripe Saothair. Beidh ionadaí ag an oíche oscailte eolais a bheidh in ann ceisteanna faoi na cláir seo a fhreagairt". Deir Trish Hoare go bhfuil cineálacha éagsúla tacaíochta airgid ar fáil do mhic léinn lánfhásta: "Ní bhíonn aon táillí teagaisc le híoc ag daoine atá ag tabhairt faoi bhunchéim den chéad uair. Bíonn deontais ardoideachais ar fáil chomh maith dóibh siúd a bhíonn ina dteideal agus a chomhlíonann critéir áirithe. D fhéadfadh lucht faighte liúntas Leasa Shóisialta a fháil chomh maith chun filleadh ar an oideachas ach critéir áirithe a chomhlíonadh. Tá súil againn tuilleadh eolais a thabhairt fúthu seo ar fad agus faoi chineálacha eile tacaíochta atá ann ag an seisiún comhairleach". Déanfar cur i láthair chomh maith ar Chlár Rochtana Speisialta na hOllscoile do mhic léinn lánfhásta atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch agur ar an mBonnchúrsa réamh-Ollscoile san Eolaíocht agus san Innealtóireacht, agus ar an mBonnchúrsa réamh-Ollscoile sa Tráchtáil. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin oíche eolais, déan teagmháil le Trish Hoare ag 091 492695 trish.hoare@nuigalway.ie -críoch-

>> Read full story about Information Evening for Prospective Mature Students at NUI Galway

Telescope Challenge for Schools is Launched as Part of International Year of Ast

Thursday, 8 January 2009

(Leagan Gaeilge) The Faulkes Telescopes Universe Challenge will be launched today (Thursday, 8 January) at the BT Young Scientist and Technology Exhibition in the RDS, as part of the Irish celebrations of the International Year of Astronomy 2009. Transition Year students, and their equivalents in Northern Ireland, will be asked to take part in scientific research projects involving the Faulkes Telescopes. The state-of-the-art, 2m diameter telescopes are situated on mountain-top sites in Australia and Hawaii, and can be remotely operated by school groups. Members of the professional astronomy community in universities and institutes throughout the island of Ireland will suggest research projects and assist school students in their delivery. On the basis of their results, to be presented at the Galway Science and Technology Festival in October 2009, the best group, including their teacher and professional mentor, will be invited to visit the Chilean Observatories of the European Southern Observatory. There they will see one of the world s best telescopes and try out one of the smaller telescopes for their own research. The International Year of Astronomy (IYA2009) is a global celebration of astronomy and its contribution to society and culture. 2009 is the 400th anniversary of the first use of an astronomical telescope by Galileo, in reality the beginning of the modern age in astronomy. The aim of IYA2009 is to stimulate a worldwide interest and encourage participation in astronomy and in science amongst students at all levels, and among the general public. In Ireland, a programme of events is being organised by the Irish Node of IYA2009, headed by Professor Michael Redfern, Centre for Astronomy, NUI Galway. According to Professor Michael Redfern: "The Faulkes Telescopes Universe Challenge is a fantastic opportunity for school students to experience original scientific research, and for them to meet and work with real scientists. There can be immense satisfaction from achievements that take time and effort - which I think can sometimes be missed in school curricula, and in the scramble for points. The research these students will undertake is original, no one can tell them in advance what the results are supposed to be - I think that this is a very exciting opportunity. The prize is very generously sponsored by the European Southern Observatory, even though Ireland is not a member". The Faulkes Telescopes Universe Challenge is sponsored by Discover Science & Engineering, NUI Galway, Northern Ireland Space Office and Armagh Observatory. Further information can be found at www.astronomy2009.ie. Dúshlán Teileascóp na Scoileanna Seolta mar chuid de Bhliain Idirnáisiúnta na Réalteolaíochta 2009 (View in English) Seolfar Dúshlán Theileascóip Faulkes na Cruinne inniu (Déardaoin, 8 Eanáir) ag Taispeántas Eolaithe Óga agus Teicneolaíochta BT san RDS, mar chuid de cheiliúradh na hÉireann ar Bhliain Idirnáisiúnta na Réalteolaíochta 2009. Iarrfar ar dhaltaí Idirbhliana, agus ar a gcomhdhaltaí as Tuaisceart Éireann, a bheith rannpháirteach i dtionscadail taighde eolaíochta a bhaineann le Teileascóip Faulkes. Tá na teileascóip seo, a bhfuil trastomhas 2m iontu, suite ar láithreáin ar bharr na gcnoc san Astráil agus i Haváí agus is féidir le grúpaí scoile iad a oibriú go cianda. Molfaidh baill de phobal gairmiúil na réalteolaíochta in ollscoileanna agus in institiúidí ar fud oileán na hÉireann tionscadail taighde agus cuideoidh siad leis na daltaí scoile na tionscadail a chur i gcrích. Bunaithe ar na torthaí, a fhógrófar ag Féile Eolaíochta & Teicneolaíochta na Gaillimhe i mí Dheireadh Fómhair 2009, tabharfar cuireadh don ghrúpa is fearr, dá múinteoir agus dá meantóir gairmiúil, cuairt a thabhairt ar Réadlanna Sileacha Réadlann na hEorpa Theas. Feicfidh siad ceann de scoth-theileascóip an domhain ansin agus bainfidh siad triail as ceann de na teileascóip bheaga dá gcuid taighde féin. Is ceiliúradh domhanda Bliain Idirnáisiúnta na Réalteolaíochta (IYA2009) ar an réalteolaíocht agus ar an gcaoi a gcuireann sí leis an tsochaí agus leis an gcultúr. Táthar ag déanamh ceiliúradh comórtha 400 bliain ar an uair ar úsáid Galileo teileascóp réalteolaíochta, arb éard a bhí ann i ndáiríre tús na réalteolaíochta nua-aimseartha. Is é aidhm IYA2009 spéis a chothú ar fud an domhain agus rannpháirtíocht a spreagadh sa réalteolaíocht agus san eolaíocht i measc mac léinn ag gach leibhéal, agus i measc an phobail i gcoitinne. Tá clár imeachtaí á eagrú in Éirinn ag Nód Éireannach an IYA2009, faoi stiúir an Ollaimh Michael Redfern, Ionad na Réalteolaíochta, OÉ Gaillimh. Deir an tOllamh Michael Redfern: "Is deis iontach Dúshlán Theileascóip Faulkes na Cruinne do dhaltaí scoile taithí a fháil ar an mbuntaighde eolaíoch, agus bualadh le fíoreolaithe agus oibriú leo. Bíonn an-sásamh le baint as éachtaí a mbaineann am agus dianiarracht leo – rud a shílim a bhíonn in easnamh in amanna ar churaclaim scoile agus sa sciob sceab ar phointí. Is buntaighde a bhíonn ar bun ag na mic léinn seo, ní bhíonn aon duine in ann a rá leo roimh ré cén toradh ba cheart a bheith air – sílim gur deis iontach é seo. Rinne Réadlann na hEorpa Theas urraíocht ar an duais, cé nach bhfuil Éire ina comhalta di." Tá Discover Science & Engineering, OÉ Gaillimh, Northern Ireland Space Office agus Réadlann Ard Mhacha ag déanamh urraíochta ar Dhúshlán Theileascóip Faulkes na Cruinne. Tá tuilleadh eolais le fáil ag www.astronomy2009.ie -críoch-

>> Read full story about Telescope Challenge for Schools is Launched as Part of International Year of Ast

Dúshlán Teileascóp na Scoileanna Seolta mar chuid de Bhliain Idirnáisiúnta na Ré

Thursday, 8 January 2009

Seolfar Dúshlán Theileascóip Faulkes na Cruinne inniu (Déardaoin, 8 Eanáir) ag Taispeántas Eolaithe Óga agus Teicneolaíochta BT san RDS, mar chuid de cheiliúradh na hÉireann ar Bhliain Idirnáisiúnta na Réalteolaíochta 2009. View in English Iarrfar ar dhaltaí Idirbhliana, agus ar a gcomhdhaltaí as Tuaisceart Éireann, a bheith rannpháirteach i dtionscadail taighde eolaíochta a bhaineann le Teileascóip Faulkes. Tá na teileascóip seo, a bhfuil trastomhas 2m iontu, suite ar láithreáin ar bharr na gcnoc san Astráil agus i Haváí agus is féidir le grúpaí scoile iad a oibriú go cianda. Molfaidh baill de phobal gairmiúil na réalteolaíochta in ollscoileanna agus in institiúidí ar fud oileán na hÉireann tionscadail taighde agus cuideoidh siad leis na daltaí scoile na tionscadail a chur i gcrích. Bunaithe ar na torthaí, a fhógrófar ag Féile Eolaíochta & Teicneolaíochta na Gaillimhe i mí Dheireadh Fómhair 2009, tabharfar cuireadh don ghrúpa is fearr, dá múinteoir agus dá meantóir gairmiúil, cuairt a thabhairt ar Réadlanna Sileacha Réadlann na hEorpa Theas. Feicfidh siad ceann de scoth-theileascóip an domhain ansin agus bainfidh siad triail as ceann de na teileascóip bheaga dá gcuid taighde féin. Is ceiliúradh domhanda Bliain Idirnáisiúnta na Réalteolaíochta (IYA2009) ar an réalteolaíocht agus ar an gcaoi a gcuireann sí leis an tsochaí agus leis an gcultúr. Táthar ag déanamh ceiliúradh comórtha 400 bliain ar an uair ar úsáid Galileo teileascóp réalteolaíochta, arb éard a bhí ann i ndáiríre tús na réalteolaíochta nua-aimseartha. Is é aidhm IYA2009 spéis a chothú ar fud an domhain agus rannpháirtíocht a spreagadh sa réalteolaíocht agus san eolaíocht i measc mac léinn ag gach leibhéal, agus i measc an phobail i gcoitinne. Tá clár imeachtaí á eagrú in Éirinn ag Nód Éireannach an IYA2009, faoi stiúir an Ollaimh Michael Redfern, Ionad na Réalteolaíochta, OÉ Gaillimh. Deir an tOllamh Michael Redfern: "Is deis iontach Dúshlán Theileascóip Faulkes na Cruinne do dhaltaí scoile taithí a fháil ar an mbuntaighde eolaíoch, agus bualadh le fíoreolaithe agus oibriú leo. Bíonn an-sásamh le baint as éachtaí a mbaineann am agus dianiarracht leo – rud a shílim a bhíonn in easnamh in amanna ar churaclaim scoile agus sa sciob sceab ar phointí. Is buntaighde a bhíonn ar bun ag na mic léinn seo, ní bhíonn aon duine in ann a rá leo roimh ré cén toradh ba cheart a bheith air – sílim gur deis iontach é seo. Rinne Réadlann na hEorpa Theas urraíocht ar an duais, cé nach bhfuil Éire ina comhalta di." Tá Discover Science & Engineering, OÉ Gaillimh, Northern Ireland Space Office agus Réadlann Ard Mhacha ag déanamh urraíochta ar Dhúshlán Theileascóip Faulkes na Cruinne. Tá tuilleadh eolais le fáil ag www.astronomy2009.ie -críoch-

>> Read full story about Dúshlán Teileascóp na Scoileanna Seolta mar chuid de Bhliain Idirnáisiúnta na Ré

Éacht Suntasach Bainte Amach ag Clár Nuálach Síolraithe Éisc in Éirinn

Wednesday, 7 January 2009

Éacht suntasach a bhaineann leis an tionscadal taighde nua síolraithe éisc seo is ea go bhfuil breis is 20,000 trosc óg scaoilte amach san fharraige ar chósta an iarthair. Is í Institiúid Mháirtín Uí Riain in OÉ Gaillimh atá i mbun an tionscadail seo agus tá an trosc óg atá síolraithe go speisialta á stóráil i gcaighin i bhfeirm éisc Trosc Teo. i gConamara, Co. na Gaillimhe. Beathófar na héisc seo, atá síolraithe as tréithchineál sonrach Éireannach, go dtí go mbeidh siad oiriúnach don mhargadh. View in English Is é seo an chéad stoc de throsc óg tairgthe faoin tionscadal taighde ar a dtugtar EIRCOD, tionscadal atá á mhaoiniú ag Foras na Mara agus a áirítear mar Fhochlár Taighde Mara den Phlean Forbartha Náisiúnta. Forbraíodh an tionscadal seo le dul i ngleic leis an laghdú a bhí le sonrú sa líon gabhálacha, imní maidir le róshaothrú agus ídiú stoc éisc, le cois a chinntiú go gcruthaítear éagsúlacht i dtionscadal dobharshaothraithe na hÉireann. Is é príomhaidhm thionscnamh EIRCOD stoc troisc agus clár síolraithe a dhearadh, a bhunú agus a fheidhmiú – clár a oireann d Éirinn agus a thacaíonn leis an tionscal dúchasach feirmeoireachta éisc. Dar leis an Dr Richard Fitzgerald, Eolaí Sinsearach le tionscadal EIRCOD in Institiúid Mháirtín Uí Riain, OÉ Gaillimh, gur céim shuntasach chun cinn é go bhfuil na héisc seo scaoilte chun farraige: "Is é seo an chéad uair riamh a bhfuil tréithchineál dúchasach troisc síolraithe agus a bhfuil an oiread sin éisc scaoilte chun farraige in Éirinn. Cé go bhfuil coincheapa cosúla á gcur i bhfeidhm le trosc san Iorua, i gCeanada agus san Íoslainn is é seo an chéad uair riamh a bhfuil clár síolraithe náisiúnta curtha i bhfeidhm sa tír seo. Is cinnte gur céim shuntasach chun cinn atá ann mar aon le léargas ar an tacaíocht atáthar sásta a thabhairt do thionscadal feirmeoireachta éisc na hÉireann". Tháinig an trosc óg ó uibheacha a bailíodh ón Muir Cheilteach, amach ó chósta an Deiscirt, agus ansin goradh agus beathaíodh na huibheacha in áiseanna Institiúid Mháirtín Uí Riain i gConamara, Co. na Gaillimhe. Tá tuismíocht na n-iasc seo ar eolas agus déanfar comparáid idir fás na ngrúpaí difriúla go dtí go mbeidh siad feiliúnach don mhargadh agus na grúpaí a bhfuil ag éirí go maith leo agus atá á roghnú le húsáid i ngníomhaíochtaí síolraithe a bheidh ar bun amach anseo. Chomh maith leis sin dúirt an Dr Fitzgerald: "Go bunúsach is éard atá ar bun againn, díreach mar a dhéanaimid i gcás feirmeoireachta eallaigh nó caorach, an stoc is fearr agus is féidir linn a shíolrú. Sa chás áirithe seo, tá leas á bhaint againn as an daonra áitiúil troisc – na troisc is fearr a oireann dár gcoinníollacha cósta. Is é cuspóir na hoibre seo go mbeidh na héisc seo, nuair a bheidh siad feiliúnach don mhargadh, frithsheasmhach in aghaidh galair agus feiliúnach don mhargadh in achar gearr ama". Le ceithre bliana anuas, bhí MRI Carna ar thús cadhnaíochta in Éirinn sa réimse seo agus tá clár taighde fheidhmigh curtha i bhfeidhm ar mhaithe leis an acmhainn náisiúnta chun éisc a thairgeadh agus a bheathú a fhorbairt. Deir John Kavanagh, Stiúrthóir Oifig um Aistriú Teicneolaíochta Ignite in OÉ Gaillimh go mbaineann féidearthacht iontach leis na teicneolaíochtaí atá forbartha ag MRI Carna: "Is éard a tharla in Institiúid Mháirtín Uí Riain gur tógadh ubháin tríd an bpas larbhach go dtí gur foirmíodh éisc óga. D'fhéadfaí leas a bhaint as na scileanna gorlainne agus na teicneolaíochtaí speisialta seo chun tionscal nua a chruthú in Éirinn. Teicneolaíocht chumasúcháin atá anseo a d'fhéadfaí a úsáid le speicis éisc eile d fhonn séasúracht chomhlántach agus rogha níos fearr a chruthú san áit mhargaidh. Tá deis shuntasach gnó ann cuideachta a bhunú chun éisc óga mara a thógáil don earnáil tráchtála". Is é Institiúid Mháirtín Uí Riain, OÉ Gaillimh, atá lonnaithe i gCarna, Co. na Gaillimhe i gcomhar leis na comhpháirtithe seo a leanas atá páirteach i dtionscadal EIRCOD - Coláiste na hOllscoile Corcaigh, Bord Iascaigh Mhara (BIM), Grúpa Táirgeoirí Bia Mara na hÉireann agus an Dr Ashie Norris. Tá an tionscadal seo ag cur le hobair atá curtha i gcrích ag Institiúid Mháirtín Uí Riain agus Trosc Teo. le ceithre bliana anuas, obair a rinneadh le cabhair ó na gníomhaireachtaí stáit ábhartha, Údarás na Gaeltachta, Foras na Mara agus Bord Iascaigh Mhara. -críoch-

>> Read full story about Éacht Suntasach Bainte Amach ag Clár Nuálach Síolraithe Éisc in Éirinn

Novel Irish Fish Breeding Programme Reaches Milestone

Monday, 5 January 2009

(Leagan Gaeilge) The first milestone has been reached in a new fish breeding research project with the transfer to sea off the west coast of over 20,000 juvenile cod. The project, led by NUI Galway's Martin Ryan Institute, has placed the specially bred juvenile cod into cages in the Trosc Teo. fish farm in Connemara, Co. Galway. The fish, bred from a specific Irish strain, will be further reared to reach market size. These are the first juvenile cod stocks produced under the research project which is called EIRCOD and funded by the Marine Institute and the Marine Research Sub-programme of the National Development Plan. The project came about in response to declining wild catches, caution over exploitation and depletion of fish stocks, and also the need to diversify the Irish aquaculture industry. The EIRCOD initiative's overall objective is to design, establish and operate a cod broodstock and breeding programme which is customised for the Irish environment and underpins the native fish farming industry. According to Dr Richard Fitzgerald, Senior Scientist with the EIRCOD project at the Martin Ryan Institute, NUI Galway, the release of the fish is a significant step: "This is the first time a native strain of cod has been bred and released in these numbers in Ireland. While similar concepts are exploited with cod in Norway, Canada and Iceland, this is the first occasion where a national breeding programme has been employed in this country. It represents a significant step forward and a major support for the Irish fish farming industry". The juvenile cod came from eggs collected from the Celtic Sea, off the South coast, and then hatched and further reared at the Martin Ryan Institute's facilities in Connemara, Co. Galway. The parentage of these fish is known and the growth performance of the different groups will be monitored up to market size with the better performing groups being selected for use in future breeding activities. Dr Fitzgerald added: "What we are doing, much as we do in cattle or sheep farming, is breeding the best stock we can. In this case, we are drawing on the genetic reservoir of local cod populations that are most suited to our coastal conditions. The objective is that these fish, when market size, will have been more disease resistant and have grown rapidly to market size". For the past four years, MRI Carna has been the major performer in Ireland in this area and has conducted a programme of applied research to develop a national capacity to produce and rear fish. John Kavanagh, Director of the Ignite Technology Transfer Office at NUI Galway, says the technologies developed by MRI have huge potential: "What we have seen at the Martin Ryan Institute is the rearing of ova through the larval phase, to juvenile fish. The associated hatchery skills and specialist technologies have the potential for a new industry in Ireland. This is enabling technology that can be applied to other fish species leading to complementary seasonality and greater choice in the marketplace. There is a significant business opportunity in establishing a company to rear marine juvenile fish for the commercial sector". The EIRCOD project is led by NUI Galway's Martin Ryan Institute in Carna, Co. Galway with partners UCC, Bord Iascaigh Mhara (BIM), Irish Seafood Producers Group and Dr Ashie Norris. The project builds on work carried out by the Martin Ryan Institute and Trosc Teo. over the past four years with the assistance of the relevant state agencies Údarás na Gaeltachta, Marine Institute, and BIM. Éacht Suntasach Bainte Amach ag Clár Nuálach Síolraithe Éisc in Éirinn (View in English) Éacht suntasach a bhaineann leis an tionscadal taighde nua síolraithe éisc seo is ea go bhfuil breis is 20,000 trosc óg scaoilte amach san fharraige ar chósta an iarthair. Is í Institiúid Mháirtín Uí Riain in OÉ Gaillimh atá i mbun an tionscadail seo agus tá an trosc óg atá síolraithe go speisialta á stóráil i gcaighin i bhfeirm éisc Trosc Teo. i gConamara, Co. na Gaillimhe. Beathófar na héisc seo, atá síolraithe as tréithchineál sonrach Éireannach, go dtí go mbeidh siad oiriúnach don mhargadh. Is é seo an chéad stoc de throsc óg tairgthe faoin tionscadal taighde ar a dtugtar EIRCOD, tionscadal atá á mhaoiniú ag Foras na Mara agus a áirítear mar Fhochlár Taighde Mara den Phlean Forbartha Náisiúnta. Forbraíodh an tionscadal seo le dul i ngleic leis an laghdú a bhí le sonrú sa líon gabhálacha, imní maidir le róshaothrú agus ídiú stoc éisc, le cois a chinntiú go gcruthaítear éagsúlacht i dtionscadal dobharshaothraithe na hÉireann. Is é príomhaidhm thionscnamh EIRCOD stoc troisc agus clár síolraithe a dhearadh, a bhunú agus a fheidhmiú - clár a oireann d Éirinn agus a thacaíonn leis an tionscal dúchasach feirmeoireachta éisc. Dar leis an Dr Richard Fitzgerald, Eolaí Sinsearach le tionscadal EIRCOD in Institiúid Mháirtín Uí Riain, OÉ Gaillimh, gur céim shuntasach chun cinn é go bhfuil na héisc seo scaoilte chun farraige: "Is é seo an chéad uair riamh a bhfuil tréithchineál dúchasach troisc síolraithe agus a bhfuil an oiread sin éisc scaoilte chun farraige in Éirinn. Cé go bhfuil coincheapa cosúla á gcur i bhfeidhm le trosc san Iorua, i gCeanada agus san Íoslainn is é seo an chéad uair riamh a bhfuil clár síolraithe náisiúnta curtha i bhfeidhm sa tír seo. Is cinnte gur céim shuntasach chun cinn atá ann mar aon le léargas ar an tacaíocht atáthar sásta a thabhairt do thionscadal feirmeoireachta éisc na hÉireann". Tháinig an trosc óg ó uibheacha a bailíodh ón Muir Cheilteach, amach ó chósta an Deiscirt, agus ansin goradh agus beathaíodh na huibheacha in áiseanna Institiúid Mháirtín Uí Riain i gConamara, Co. na Gaillimhe. Tá tuismíocht na n-iasc seo ar eolas agus déanfar comparáid idir fás na ngrúpaí difriúla go dtí go mbeidh siad feiliúnach don mhargadh agus na grúpaí a bhfuil ag éirí go maith leo agus atá á roghnú le húsáid i ngníomhaíochtaí síolraithe a bheidh ar bun amach anseo. Chomh maith leis sin dúirt an Dr Fitzgerald: "Go bunúsach is éard atá ar bun againn, díreach mar a dhéanaimid i gcás feirmeoireachta eallaigh nó caorach, an stoc is fearr agus is féidir linn a shíolrú. Sa chás áirithe seo, tá leas á bhaint againn as an daonra áitiúil troisc - na troisc is fearr a oireann dár gcoinníollacha cósta. Is é cuspóir na hoibre seo go mbeidh na héisc seo, nuair a bheidh siad feiliúnach don mhargadh, frithsheasmhach in aghaidh galair agus feiliúnach don mhargadh in achar gearr ama". Le ceithre bliana anuas, bhí MRI Carna ar thús cadhnaíochta in Éirinn sa réimse seo agus tá clár taighde fheidhmigh curtha i bhfeidhm ar mhaithe leis an acmhainn náisiúnta chun éisc a thairgeadh agus a bheathú a fhorbairt. Deir John Kavanagh, Stiúrthóir Oifig um Aistriú Teicneolaíochta Ignite in OÉ Gaillimh go mbaineann féidearthacht iontach leis na teicneolaíochtaí atá forbartha ag MRI Carna: "Is éard a tharla in Institiúid Mháirtín Uí Riain gur tógadh ubháin tríd an bpas larbhach go dtí gur foirmíodh éisc óga. D'fhéadfaí leas a bhaint as na scileanna gorlainne agus na teicneolaíochtaí speisialta seo chun tionscal nua a chruthú in Éirinn. Teicneolaíocht chumasúcháin atá anseo a d'fhéadfaí a úsáid le speicis éisc eile d fhonn séasúracht chomhlántach agus rogha níos fearr a chruthú san áit mhargaidh. Tá deis shuntasach gnó ann cuideachta a bhunú chun éisc óga mara a thógáil don earnáil tráchtála". Is é Institiúid Mháirtín Uí Riain, OÉ Gaillimh, atá lonnaithe i gCarna, Co. na Gaillimhe i gcomhar leis na comhpháirtithe seo a leanas atá páirteach i dtionscadal EIRCOD - Coláiste na hOllscoile Corcaigh, Bord Iascaigh Mhara (BIM), Grúpa Táirgeoirí Bia Mara na hÉireann agus an Dr Ashie Norris. Tá an tionscadal seo ag cur le hobair atá curtha i gcrích ag Institiúid Mháirtín Uí Riain agus Trosc Teo. le ceithre bliana anuas, obair a rinneadh le cabhair ó na gníomhaireachtaí stáit ábhartha, Údarás na Gaeltachta, Foras na Mara agus Bord Iascaigh Mhara. -críoch-

>> Read full story about Novel Irish Fish Breeding Programme Reaches Milestone

<< < 1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42 43 44 45 46 47 48 49 50 51 52 > >>

Featured Stories