Valuable Joe Éinniú Collection Bestowed to NUI Galway

Apr 27 2009 Posted: 00:00 IST
(Leagan Gaeilge) When performing the official opening of this year's Féile Joe Éinniú (Joe Heaney Festival) on Friday, 1 May 2009, Máire Nic Fhinn will donate material relating to famous singer, Joe Éinniú, to the archive at NUI Galway's Gaeltacht centre Áras Shorcha Ní Ghuairim in Carna, Co. Galway. Born in Áird Thoir, Carna, Connemara in 1919, Joe Éinniú is considered the finest exponent of sean-nós singing of his generation. Máire Nic Fhinn knew Joe well from the time she worked for Gael Linn, who published many of his recordings, and through organising cultural events in which Joe participated. As a result Máire has compiled a valuable collection comprising of audio-visual material, sound recordings, images, and documents that give important and interesting insights into the work and life of Joe Éinniú. "I am delighted that the material will be available in the Áras Shorcha Ní Ghuairim Archive in Carna, Joe's home place, for access by the local community," says Máire Nic Fhinn. This new material will augment the extensive Joe Éinniú collection already in the possession of the Áras in Carna. This includes a music and song archive that was compiled in University of Washington, USA, where Joe spent his later years lecturing in Irish culture and traditional music. Joe died in Seattle in 1984. The Joe Heaney Festival Organising Committee, headed by Mícheál Ó Cuaig, bestowed this particular archive on Áras Shorcha Ní Ghuairim, NUI Galway, so that the local community and Irish scholars could have access to it. "We are delighted to accept this valuable material and we are very grateful to Máire for this act of the utmost generosity," said Áras Shorcha Ní Ghuairim Administrator, Séamas Ó Concheanainn. "The whole Joe Éinniú collection at Áras Shorcha Ní Ghuairim will be digitised and made available in accessible formats to the local community and to those pursuing studies at Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge and NUI Galway".
Ábhar Luachmhar ar an Bhfonnadóir Clúiteach Joe Éinniú le Bronnadh ar Champas OÉ Gaillimh i gCarna
(View in English) Bronnfaidh Máire Nic Fhinn ábhar a bhaineann leis an bhfonnadóir clúiteach Joe Éinniú ar chartlann OÉ Gaillimh i gCarna; Áras Shorcha Ní Ghuairim, tráth a mbeidh Féile Joe Éinniú na bliana seo á hoscailt go hoifigiúil aici ar an Aoine, an 1 Bealtaine 2009. Meastar gurbh é Joe Éinniú, a rugadh san Aird Thoir i gCarna i 1919, sár-fhonnadóir sean-nóis a linne féin. Bhí aithne mhaith ag Máire Nic Fhinn ar Joe le linn di a bheith ag obair le Gael Linn, a d'fhoilsigh amhráin dá chuid, agus trí bheith ag eagrú imeachtaí cultúrtha a mbíodh Joe páirteach iontu. Dá bharr sin tá cnuasach luachmhar, á áiríonn ábhar fuaime agus físe, taifeadtaí fuaime, pictiúir agus doiciméid, bailithe ag Máire a thugann léargas tábhachtach agus spéisiúil ar shaothar agus ar shaol Joe Éinniú. "Is cúis mhór áthais domsa go mbeidh an t-ábhar seo lonnaithe i gCartlann Áras Shorcha Ní Ghuairim i gCarna, baile dúchais Joe féin, agus go mbeidh sé ar fáil do phobal na dúiche gar go bhaile," a deir Máire. Cuirfear an t-ábhar úr seo i dtaisce le cnuasach cuimsitheach ábhair ar Joe Éinniú atá i seilbh an Árais i gCarna cheana. Áirítear ar an ábhar atá sa chartlann i gCarna cheana féin cartlann cheoil agus amhrán a cuireadh i dtoll a chéile in Ollscoil Washington i Stáit Aontaithe Mheiriceá, áit ar chaith Joe tréimhse mar léachtóir ar chultúr agus ar cheol dúchais na hÉireann. Bhásaigh Joe i Seattle i 1984. Bhronn Coiste Reáchtála Fhéile Joe Éinniú, faoi stiúir Mhíchíl Uí Chuaig, an chartlann seo ar Áras Shorcha Ní Ghuairim, OÉ Gaillimh ar mhaithe leis an ábhar a bheith ar fáil do phobal na háite agus do scoláirí Éireannacha. "Is cúis mhór áthais dúinn an t-ábhar luachmhar seo a bheith á bhronnadh orainn agus tá muid go mór faoi chomaoin ag Máire as an mbeart fíorfhlaithiúil seo," a deir Riarthóir an Árais Séamas Ó Concheanainn. "Beidh an bailiúchán uile a bheas idir lámha ag an Áras ar Joe Éinniú á dhigitiú agus á chur ar fáil i mbealaí a bheas áisiúil do phobal na háite agus do spriocphobail Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh".
-Críoch-

PreviousNext

Featured Stories