Dúshlán Teileascóp na Scoileanna Seolta mar chuid de Bhliain Idirnáisiúnta na Ré

Jan 08 2009 Posted: 00:00 GMT
Seolfar Dúshlán Theileascóip Faulkes na Cruinne inniu (Déardaoin, 8 Eanáir) ag Taispeántas Eolaithe Óga agus Teicneolaíochta BT san RDS, mar chuid de cheiliúradh na hÉireann ar Bhliain Idirnáisiúnta na Réalteolaíochta 2009.Leagan Gaeilge View in English Iarrfar ar dhaltaí Idirbhliana, agus ar a gcomhdhaltaí as Tuaisceart Éireann, a bheith rannpháirteach i dtionscadail taighde eolaíochta a bhaineann le Teileascóip Faulkes. Tá na teileascóip seo, a bhfuil trastomhas 2m iontu, suite ar láithreáin ar bharr na gcnoc san Astráil agus i Haváí agus is féidir le grúpaí scoile iad a oibriú go cianda. Molfaidh baill de phobal gairmiúil na réalteolaíochta in ollscoileanna agus in institiúidí ar fud oileán na hÉireann tionscadail taighde agus cuideoidh siad leis na daltaí scoile na tionscadail a chur i gcrích. Bunaithe ar na torthaí, a fhógrófar ag Féile Eolaíochta & Teicneolaíochta na Gaillimhe i mí Dheireadh Fómhair 2009, tabharfar cuireadh don ghrúpa is fearr, dá múinteoir agus dá meantóir gairmiúil, cuairt a thabhairt ar Réadlanna Sileacha Réadlann na hEorpa Theas. Feicfidh siad ceann de scoth-theileascóip an domhain ansin agus bainfidh siad triail as ceann de na teileascóip bheaga dá gcuid taighde féin. Is ceiliúradh domhanda Bliain Idirnáisiúnta na Réalteolaíochta (IYA2009) ar an réalteolaíocht agus ar an gcaoi a gcuireann sí leis an tsochaí agus leis an gcultúr. Táthar ag déanamh ceiliúradh comórtha 400 bliain ar an uair ar úsáid Galileo teileascóp réalteolaíochta, arb éard a bhí ann i ndáiríre tús na réalteolaíochta nua-aimseartha. Is é aidhm IYA2009 spéis a chothú ar fud an domhain agus rannpháirtíocht a spreagadh sa réalteolaíocht agus san eolaíocht i measc mac léinn ag gach leibhéal, agus i measc an phobail i gcoitinne. Tá clár imeachtaí á eagrú in Éirinn ag Nód Éireannach an IYA2009, faoi stiúir an Ollaimh Michael Redfern, Ionad na Réalteolaíochta, OÉ Gaillimh. Deir an tOllamh Michael Redfern: "Is deis iontach Dúshlán Theileascóip Faulkes na Cruinne do dhaltaí scoile taithí a fháil ar an mbuntaighde eolaíoch, agus bualadh le fíoreolaithe agus oibriú leo. Bíonn an-sásamh le baint as éachtaí a mbaineann am agus dianiarracht leo – rud a shílim a bhíonn in easnamh in amanna ar churaclaim scoile agus sa sciob sceab ar phointí. Is buntaighde a bhíonn ar bun ag na mic léinn seo, ní bhíonn aon duine in ann a rá leo roimh ré cén toradh ba cheart a bheith air – sílim gur deis iontach é seo. Rinne Réadlann na hEorpa Theas urraíocht ar an duais, cé nach bhfuil Éire ina comhalta di." Tá Discover Science & Engineering, OÉ Gaillimh, Northern Ireland Space Office agus Réadlann Ard Mhacha ag déanamh urraíochta ar Dhúshlán Theileascóip Faulkes na Cruinne. Tá tuilleadh eolais le fáil ag www.astronomy2009.ie
-críoch-

PreviousNext

Featured Stories