Éacht Suntasach Bainte Amach ag Clár Nuálach Síolraithe Éisc in Éirinn

Jan 07 2009 Posted: 00:00 GMT
Éacht suntasach a bhaineann leis an tionscadal taighde nua síolraithe éisc seo is ea go bhfuil breis is 20,000 trosc óg scaoilte amach san fharraige ar chósta an iarthair. Is í Institiúid Mháirtín Uí Riain in OÉ Gaillimh atá i mbun an tionscadail seo agus tá an trosc óg atá síolraithe go speisialta á stóráil i gcaighin i bhfeirm éisc Trosc Teo. i gConamara, Co. na Gaillimhe. Beathófar na héisc seo, atá síolraithe as tréithchineál sonrach Éireannach, go dtí go mbeidh siad oiriúnach don mhargadh.Leagan Gaeilge View in English Is é seo an chéad stoc de throsc óg tairgthe faoin tionscadal taighde ar a dtugtar EIRCOD, tionscadal atá á mhaoiniú ag Foras na Mara agus a áirítear mar Fhochlár Taighde Mara den Phlean Forbartha Náisiúnta. Forbraíodh an tionscadal seo le dul i ngleic leis an laghdú a bhí le sonrú sa líon gabhálacha, imní maidir le róshaothrú agus ídiú stoc éisc, le cois a chinntiú go gcruthaítear éagsúlacht i dtionscadal dobharshaothraithe na hÉireann. Is é príomhaidhm thionscnamh EIRCOD stoc troisc agus clár síolraithe a dhearadh, a bhunú agus a fheidhmiú – clár a oireann d Éirinn agus a thacaíonn leis an tionscal dúchasach feirmeoireachta éisc. Dar leis an Dr Richard Fitzgerald, Eolaí Sinsearach le tionscadal EIRCOD in Institiúid Mháirtín Uí Riain, OÉ Gaillimh, gur céim shuntasach chun cinn é go bhfuil na héisc seo scaoilte chun farraige: "Is é seo an chéad uair riamh a bhfuil tréithchineál dúchasach troisc síolraithe agus a bhfuil an oiread sin éisc scaoilte chun farraige in Éirinn. Cé go bhfuil coincheapa cosúla á gcur i bhfeidhm le trosc san Iorua, i gCeanada agus san Íoslainn is é seo an chéad uair riamh a bhfuil clár síolraithe náisiúnta curtha i bhfeidhm sa tír seo. Is cinnte gur céim shuntasach chun cinn atá ann mar aon le léargas ar an tacaíocht atáthar sásta a thabhairt do thionscadal feirmeoireachta éisc na hÉireann". Tháinig an trosc óg ó uibheacha a bailíodh ón Muir Cheilteach, amach ó chósta an Deiscirt, agus ansin goradh agus beathaíodh na huibheacha in áiseanna Institiúid Mháirtín Uí Riain i gConamara, Co. na Gaillimhe. Tá tuismíocht na n-iasc seo ar eolas agus déanfar comparáid idir fás na ngrúpaí difriúla go dtí go mbeidh siad feiliúnach don mhargadh agus na grúpaí a bhfuil ag éirí go maith leo agus atá á roghnú le húsáid i ngníomhaíochtaí síolraithe a bheidh ar bun amach anseo. Chomh maith leis sin dúirt an Dr Fitzgerald: "Go bunúsach is éard atá ar bun againn, díreach mar a dhéanaimid i gcás feirmeoireachta eallaigh nó caorach, an stoc is fearr agus is féidir linn a shíolrú. Sa chás áirithe seo, tá leas á bhaint againn as an daonra áitiúil troisc – na troisc is fearr a oireann dár gcoinníollacha cósta. Is é cuspóir na hoibre seo go mbeidh na héisc seo, nuair a bheidh siad feiliúnach don mhargadh, frithsheasmhach in aghaidh galair agus feiliúnach don mhargadh in achar gearr ama". Le ceithre bliana anuas, bhí MRI Carna ar thús cadhnaíochta in Éirinn sa réimse seo agus tá clár taighde fheidhmigh curtha i bhfeidhm ar mhaithe leis an acmhainn náisiúnta chun éisc a thairgeadh agus a bheathú a fhorbairt. Deir John Kavanagh, Stiúrthóir Oifig um Aistriú Teicneolaíochta Ignite in OÉ Gaillimh go mbaineann féidearthacht iontach leis na teicneolaíochtaí atá forbartha ag MRI Carna: "Is éard a tharla in Institiúid Mháirtín Uí Riain gur tógadh ubháin tríd an bpas larbhach go dtí gur foirmíodh éisc óga. D'fhéadfaí leas a bhaint as na scileanna gorlainne agus na teicneolaíochtaí speisialta seo chun tionscal nua a chruthú in Éirinn. Teicneolaíocht chumasúcháin atá anseo a d'fhéadfaí a úsáid le speicis éisc eile d fhonn séasúracht chomhlántach agus rogha níos fearr a chruthú san áit mhargaidh. Tá deis shuntasach gnó ann cuideachta a bhunú chun éisc óga mara a thógáil don earnáil tráchtála". Is é Institiúid Mháirtín Uí Riain, OÉ Gaillimh, atá lonnaithe i gCarna, Co. na Gaillimhe i gcomhar leis na comhpháirtithe seo a leanas atá páirteach i dtionscadal EIRCOD - Coláiste na hOllscoile Corcaigh, Bord Iascaigh Mhara (BIM), Grúpa Táirgeoirí Bia Mara na hÉireann agus an Dr Ashie Norris. Tá an tionscadal seo ag cur le hobair atá curtha i gcrích ag Institiúid Mháirtín Uí Riain agus Trosc Teo. le ceithre bliana anuas, obair a rinneadh le cabhair ó na gníomhaireachtaí stáit ábhartha, Údarás na Gaeltachta, Foras na Mara agus Bord Iascaigh Mhara.
-críoch-

PreviousNext

Featured Stories