Tionscadal Taighde & Forbartha Seapánach Fógartha ag an Taoiseach

Thursday, 15 January 2009

D'fhógair an Taoiseach Brian Cowen Comhthionscadal Taighde & Forbartha idir Shimadzu Corporation agus Grúpa um Optaic Fheidhmeach OÉ Gaillimh le linn don Rialtas a bheith ar mhisean trádála sa tSeapáin. Díreoidh comhthionscadal Shimadzu ar theicnící íomháithe, réimse a bhfuil roinnt paitinní ag an nGrúpa um Optaic Fheidhmeach ann. Leagan Gaeilge View in English Tá gnólacht Shimadzu, atá lonnaithe sa tSeapáin, ar cheann de mhórdheantúsóirí chórais agus threalamh íomháithe an domhain. Úsáidtear na córais agus an trealamh íomháithe seo i ndiagnóisiú agus i gcóireáil leighis. Forbraíonn, déanann agus dáileann an chuideachta raon leathan córas diagnóiseach d'fheidhmeanna cliniciúla éagsúla – CT, Angagrafaíocht Dealaithe Dhigitigh, Córais Chardashoithíocha, Radagrafaíocht Dhigiteach agus Córais Fluarascópachta, trealamh Ultrafhuaime agus trealamh radagrafaíochta ginearálta. Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Taoiseach, an tUasal Brian Cowen, T.D., le linn dó a bheith ag trácht ar an tionscadal seo agus ar Infheistíochtaí Díreacha Coigríche Seapánacha eile d'Éirinn a fuair tacaíocht ón IDA freisin: "Tá an-áthas orm na hinfheistíochtaí nua a dhéanfaidh na gnólachtaí Seapánacha seo in Éirinn a fhógairt. Tugann an misean trádála seo agus éagsúlacht na n-earnálacha tionscail agus na gcuideachtaí Éireannacha atá páirteach ann, léargas ar shuim agus ar thiomantas na gcuideachtaí Éireannacha gaol níos fearr a bhunú leis na tSeapáin, ar príomhpháirtí í i ngeilleagar an domhain. Is faoi stiúir an Ollaimh Chris Dainty, Ollamh le Fisic Fheidhmeach i Scoil na Fisice, OÉ Gaillimh a chuirfear an Comhthionscadal Taighde & Forbartha seo i bhfeidhm. Tá an tOllamh Dainty gníomhach i measc an phobail idirnáisiúnta optaice le blianta fada agus is le deireanaí a ceapadh é ina Leas-Uachtarán ar Chumann Optúil Mheiriceá. Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ollamh Dainty: "Táimid thar a bheith sásta go bhfuil Shimadzu páirteach sa chomhthionscadal seo leis an nGrúpa um Optaic Fheidhmeach in OÉ Gaillimh. Comhpháirtí eolaíoch mór le rá é Shimadzu. Táimid ag tnúth le cur lenár ndeiseanna taighde leis an eagraíocht seo a bhfuil cáil dhomhanda bainte amach aici". D'fháiltigh an Dr James J. Browne, Uachtarán OÉ Gaillimh, roimh an dea-scéala: "Aitheantas idirnáisiúnta ar láidreacht agus ar ábharthacht an Taighde & na Forbartha in OÉ Gaillimh é an comhthionscadal seo. Tá an Ollscoil ag súil go n-éireoidh go breá leis an tionscadal seo san am atá le teacht agus is mian linn freisin ardmholadh a thabhairt don Ghrúpa um Optaic Fheidhmeach, Grúpa ar a bhfuil ardmheas agus a bhfuil ardleibhéal feabhais bainte amach aige go domhanda". Bunaíodh an Grúpa um Optaic Fheidhmeach in OÉ Gaillimh in 2002, faoi stiúir Chris Dainty, agus tá an Grúpa seo á mhaoiniú trí mhórdheontas ó Fhondúireacht Eolaíochta Éireann (SFI). In 2007 dearbhaíodh go mbeadh maoiniú SFI ar fáil ar feadh cúig bliana eile. Bíonn an Grúpa um Optaic Fheidhmeach, ina bhfuil 25 taighdeoir, ag obair le tionscail éagsúla in Éirinn, san Eoraip, sna Stáit Aontaithe agus sa tSeapáin. Tá taighde an Ghrúpa dírithe ar cheithre réimse: optaic oiriúnaitheach, eolaíocht físe, íomháú agus scaipeadh.
-críoch-

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories