NUI Galway Announce Honorary Doctorates 2009

Jun 11 2009 Posted: 00:00 IST
(Leagan Gaeilge) NUI Galway has announced the five graduands to be conferred with Honorary Degrees on Friday, 26 June 2009. Liam Connellan has had a deep involvement in the engineering profession for over forty years and has served as President of the Institution of Engineers of Ireland; was a founding member of the Irish Academy of Engineering and has served as President of the Academy. He also served as the first Chairman of the National Roads Authority from 1994 to 2001, and was President of the Royal Dublin Society from 1995 to1998. Liam has been Chairman of companies within the Veolia Environment Group in Ireland and is Chairman of the Energy Institute in the Republic of Ireland. He is a member of the Board of the Peter McVerry Trust which assists homeless young people. Pádraic MacKernan joined the Department of External Affairs in 1964. He was Vice-Consul of Ireland in Boston from 1965 to 1968 and Deputy Consul-General in New York from 1968 to 1974. Pádraic was successively Counsellor, Assistant Secretary and Political Director in the Department of Foreign Affairs and a regular member of the Irish Delegation to the United Nations until his appointment as Ambassador of Ireland to the United States and Mexico in 1985. Pádraic was appointed Permanent Representative to the European Union in Brussels in 1991 and returned to Dublin as Secretary-General of the Department of Foreign Affairs in 1995. He became Ambassador to France in 2001, a post he held until his retirement in 2005. Anna Ó Coinne is a local business woman who has led the growth of Galway and District Business and Professional Women's Club and was elected President of Club in 1996. Along with her husband Liam, she formed Connaught Security Group Limited in 1978. This business became the largest privately owned security organisation in Ireland and was sold to Chubb in 1999. From 1996 to 2006 Anna served two terms as a director of Galway Harbour Company. In 1989 she became involved in raising funds to finance research into Breast Cancer being pioneered by Professor Fred Given at the National Breast Cancer Research Institute (NBCRI) in Galway. Working with a voluntary group, Anna became chairperson of the Finance and Planning Committee of the NBCRI. This fund raising group has raised over €12 million for the NBCRI. These funds are uniquely focussed on research and education in breast cancer with a strong emphasis on improved patient outcomes. During 2010 the Institute will move to a new purpose built Translational Research Centre being constructed by NUI Galway on the grounds of University College Hospital. This project is being financed by major philanthropic donations and includes a major contribution from NBCRI. Professor Philip O'Leary is a native of Worcester, Massachusetts where he is currently Professor of English on the Irish Studies Program at Boston College. He has directed the Boston College / Abbey Theatre Summer Program in Dublin, and from 1991 to 2005 he directed the College's MA program in Irish literature and culture. Professor O'Leary has been an Andrew J. Mellon Faculty Fellow in the Department of Celtic Languages and Literatures at Harvard, an Irish-American Cultural Institute Fellow at NUI Galway, and a Distinguished Visiting Professor of Irish Language and Literature at the University of Notre Dame. In addition to dozens of articles and reviews on Irish literature from the medieval period to the present, he has written numerous books and won many awards on the topic. Brian Joyce began his business training with Ford UK before returning to Ireland to hold senior accounting positions with RTÉ and Bord Bainne. From 1978, for eleven years, he was Managing Director of the Irish Dairy Board. In 1989, Mr Joyce retired from full-time executive work and developed a portfolio of Directorships and Chairmanships on the boards of some of Ireland's best known companies. In addition to his non-executive roles, Brian is presently Chairman of Clancourt Holdings and a director of Kingspan. He is a Fellow and former President of Chartered Institute of Management Accountants. Commenting on the announcement of this year s graduands, Dr James J. Browne, President of NUI Galway, said: "NUI Galway is fortunate to be associated with many outstanding honorary graduates throughout its history, and those being honoured this year form a particularly distinguished group. Their contributions in many spheres – engineering, business, public service, philanthropy and education – have been outstanding, and NUI Galway is very pleased to be in a position to recognise these exceptional individuals".
Céimeanna Dochtúireachta Oinigh 2009 OÉ Gaillimh
(View in English) Tá ainmneacha an chúigir a mbronnfar Céimeanna Oinigh orthu Dé hAoine, an 26 Meitheamh 2009 fógartha ag OÉ Gaillimh. Tá breis agus 40 bliain caite ag Liam Connellan ag plé le gairm na hinnealtóireachta agus i rith an ama sin ceapadh é mar Uachtarán ar Institiúid Innealtóirí na hÉireann; bhí sé i measc bhunaitheoirí Acadamh Innealtóireachta na hÉireann agus chomh maith leis sin chaith sé seal ag feidhmiú mar Uachtarán ar Acadamh Innealtóireachta na hÉireann. Ba é an chéad Chathaoirleach é a ceapadh ar an Údarás um Bóithre Náisiúnta idir 1994 agus 2001, agus ba é a bhí ina Uachtarán ar Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath idir 1995 agus 1998. D'oibrigh sé mar Chathaoirleach ar chuideachtaí éagsúla sa Veolia Environment Group in Éirinn agus tá sé ag feidhmiú mar Chathaoirleach ar an Institiúid Fuinnimh i bPoblacht na hÉireann faoi láthair. Is ball é de Bhord Iontaobhas Peter McVerry a chabhraíonn le daoine óga atá gan dídean. Chuir Pádraic MacKernan tús lena shaol oibre sa Roinn Gnóthaí Eachtracha i 1964. D'oibrigh sé mar Leaschonsal na hÉireann i mBostún idir 1965 agus 1968 agus mar Leaschonsal-Ginearálta i Nua-Eabhrac idir 1968 agus 1974. Áirítear i measc na ról a bhí ag Pádraic sa Roinn Gnóthaí Eachtracha Comhairleoir, Rúnaí Cúnta agus Stiúrthóir Polaitiúil agus bhí sé ina bhall rialta de Thoscaireacht na hÉireann chun na Náisiún Aontaithe go dtí gur ceapadh mar Ambasadóir na hÉireann do na Stáit Aontaithe agus do Mheicsiceo é i 1985. Sa bhliain 1991 ceapadh Pádraic mar Bhuan-Ionadaí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil agus i 1995 d'fhill sé ar Bhaile Átha Cliath mar Ard-Rúnaí sa Roinn Gnóthaí Eachtracha. Ceapadh é mar Ambasadóir na Fraince in 2001, post a bhí aige go dtí go ndeachaigh sé ar scor in 2005. Bean ghnó áitiúil í Anna Ó Coinne a raibh an-bhaint aici le fás agus le forbairt Chlub Ban Gnó agus Gairmiúil Dhúiche na Gaillimhe agus toghadh í mar Uachtarán ar an gClub i 1996. Bhunaigh Anna agus a fear céile, Liam, Connaught Security Group Limited i 1978. Tháinig fás agus forbairt ar an ngnó agus ba é an eagraíocht slándála ba mhó faoi úinéireacht phríobháideach in Éirinn a bhí ann ag tráth amháin. Díoladh an chuideachta le Chubb i 1999. Idir 1996 agus 2006 chaith Anna dhá théarma mar stiúrthóir ar an Galway Harbour Company. Sa bhliain 1989 thosaigh sí ag bailiú airgid chun an taighde a bhí ar bun ag an Ollamh Fred Given ar Ailse Chíche san Institiúid Taighde Náisiúnta ar Ailse Chíche (NBCRI) a mhaoiniú. Le linn di a bheith ag obair le grúpa deonach, ceapadh í ina Cathaoirleach ar Choiste Airgeadais agus Pleanála NBCRI. Tá breis agus €12 milliún bailithe ag an ngrúpa seo don NBCRI. Úsáidtear an t-airgead ar fad a bhailítear ar mhaithe le taighde agus le hoideachas sa réimse ailse chíche agus cuirtear béim faoi leith ar réitigh níos fearr a aimsiú d'othair. Am éigin i rith 2010 bunófar an Institiúid in Ionad Taighde Aistritheach nua atá á thógáil ag OÉ Gaillimh i láthair na huaire ar thailte Ospidéal Choláiste na hOllscoile. Tá an tionscadal seo á mhaoiniú trí shíntiúis dhaonchairdiúla agus trí infheistíocht shuntasach ón NBCRI féin. Fear de bhunadh Worcester, Massachusetts é an tOllamh Philip O'Leary áit a bhfuil sé ag obair mar Ollamh le Béarla ar Chlár Léann na hÉireann in Boston College. D'oibrigh sé mar stiúrthóir ar Chlár Samhraidh Boston College / Amharclann na Mainistreach i mBaile Átha Cliath, agus idir 1991 agus 2005 ba é a stiúir clár MA i Litríocht agus i gCultúr na hÉireann in Boston College. Ceapadh é mar Chomhalta Dáimhe Andrew J. Mellon i Roinn na dTeangacha Ceilteacha agus na Litríochtaí i Harvard, Comhalta Institiúide Cultúrtha Éireannach-Meiriceánach in OÉ Gaillimh, agus Ollamh Léannta ar Cuairt le Teanga agus le Litríocht na hÉireann in Ollscoil Notre Dame. Le cois an iliomad alt agus léirmheasanna atá scríofa aige faoi litríocht na hÉireann, idir ré na meánaoise agus an t-am i láthair, tá neart leabhar scríofa aige agus neart duaiseanna faighte aige freisin. Chuir Brian Joyce tús lena oiliúint ghnó le Ford UK sular fhill sé ar Éirinn áit ar ghlac sé le poist chuntasaíochta shinsearacha le RTÉ agus leis an mBord Bainne. Chaith sé 11 bhliain ó 1978 i leith ag obair mar Stiúrthóir Bainistíochta an Bhoird Bainne. Sa bhliain 1989, d'éirigh an tUasal Joyce as an obair feidhmiúcháin lánaimseartha a bhí ar bun aige agus d'fhorbair sé portfóilió Stiúrthóireachtaí agus Cathaoirleachtaí ar bhoird cuid de na cuideachtaí is mó cáil in Éirinn. Le cois na ról neamhfheidhmiúcháin a bhí aige, tá Brian anois ag feidhmiú mar Chathaoirleach ar Clancourt Holdings agus mar Stiúrthóir ar Kingspan. Is Comhalta agus iar-Uachtarán ar Institiúid Chairte na gCuntasóirí Bainistíochta é Brian freisin. Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr James J. Browne: "Tá an t-ádh ar OÉ Gaillimh go bhfuil an oiread sin céimeanna oinigh bronnta ar chéimithe den scoth le blianta fada anuas, agus is cinnte gur grúpa ar leith iad an cúigear atá roghnaithe i mbliana. Tá an t-uafás oibre déanta acu san iliomad réimsí – innealtóireacht, gnó, seirbhís phoiblí, daonchairdeas agus oideachas – agus cúis áthais dúinn anseo in OÉ Gaillimh aitheantas a thabhairt don tsárobair atá déanta ag na daoine seo".
-Críoch

PreviousNext

Featured Stories