Recruitment Fair at NUI Galway

Oct 20 2009 Posted: 00:00 IST
(Leagan Gaeilge) Major organisations from business, industry, the public and voluntary sectors will feature at the NUI Galway Graduate Recruitment Fair in Áras na Mac Léinn on Wednesday, 28 October, from 12.30-4.30pm. The popular annual event will showcase employment opportunities for graduates from all disciplines, with a diverse number of fields such as finance, law, retail, teaching, defence forces, consultancy and many other sectors represented. Graduates and students can attend employer presentations and gain advice and information from career and HR professionals. Seminars will run to help those attending to plan a more creative job search and a CV clinic will also be available. Major local employers such as Boston Scientific, Creganna, Medtronic and SAP will attend, in addition to international companies such as Accenture, Abbott, Intel, KPMG and Lidl. According to John Hannon, Head of NUI Galway's Career Development Centre: "Demand for NUI Galway graduates remains extremely high, reflecting on their excellent employability status. The current economic climate does of course present challenges; to be employed is to be at risk but to be employable is to be secure. Therefore this year we have also invited some organisations who provide volunteering opportunities which help develop key transferable skills and enhance employability. There will also be an opportunity to get information on postgraduate programmes available in NUI Galway". The event organiser, Louise McDermott, has some advice for those attending the Fair: "Make sure that you check out the list of attending companies and the opportunities on offer in advance so that you can plan your visit. It is a good idea to take an up-to-date CV with you so that you can have it reviewed at our CV clinic. Whatever degree you have, whether you have lots of relevant work experience or not, you need to sell yourself. First impressions are lasting ones, so come dressed for success and with a 'can do' attitude". Details on exhibitors is available from www.nuigalway.ie/careers
Aonach Earcaíochta Céimithe OÉ Gaillimh
(View in English) Beidh eagraíochtaí móra gnó, tionscail, ón earnáil phoiblí agus ón earnáil dheonach i láthair ag Aonach Earcaíochta Céimithe OÉ Gaillimh in Áras na Mac Léinn Dé Céadaoin, an 28 Deireadh Fómhair idir 12.30pm agus 4.30pm. Tabharfar léiriú ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil do chéimithe i ngach disciplín ag an imeacht bliantúil seo a mbíonn an-tóir air, agus beidh ionadaithe i láthair ó réimsí éagsúla amhail lucht airgeadais, dlí, miondíola, teagaisc, na fórsaí cosanta, lucht comhairleoireachta agus go leor earnálacha eile. Is féidir le céimithe agus le mic léinn freastal ar an gcur i láthair a dhéanfaidh fostóirí agus comhairle agus eolas a fháil ó lucht gairmiúil gairmthreorach agus AD. Beidh seimineáir ann le cuidiú leo sin a bheidh ag freastal ar an ócáid post a chuardach ar bhealach níos cruthaithí agus beidh clinic CVanna ann chomh maith. Beidh fostóirí móra áitiúla amhail Boston Scientific, Creganna, Medtronic agus SAP ag freastal ar an ócáid, mar aon le comhlachtaí idirnáisiúnta amhail Accenture, Abbott, Intel, KPMG agus Lidl. Dúirt John Hannon, Ceann Ionad Forbartha Gairmeacha OÉ Gaillimh: "Tá an-éileamh ar chéimithe OÉ Gaillimh go fóill, rud a léiríonn go bhfuil siad breá ábalta dul i mbun fostaíochta. Tá dúshláin ag baint le cúrsaí an gheilleagair mar atá faoi láthair; tá baol ar an bhfostaíocht ach tá cinnteacht ag baint lena bheith infhostaithe. Dá bhrí sin, i mbliana, tá cuireadh tugtha againn d'eagraíochtaí a chuireann deiseanna ar fáil le hobair dheonach a dhéanamh, rud a chuidíonn le daoine scileanna tábhachtacha inaistrithe a fhoghlaim agus cur lena mealltacht ó thaobh fostaíochta de. Beidh deis ann chomh maith eolas a fháil faoi chláir iarchéime atá ar fáil in OÉ Gaillimh." Tá Louise McDermott, eagraí an imeachta, ag cur comhairle orthu siúd a bheidh ag freastal ar an Aonach: "Bígí cinnte go mbreathnóidh sibh ar liosta na gcomhlachtaí a bheidh ag freastal ar an ócáid agus na deiseanna atá ar fáil roimh ré sa chaoi go mbeidh tú ábalta an chuairt a phleanáil. Smaoineamh maith a bheadh ann CV atá cothrom le dáta a thabhairt libh sa chaoi gur féidir é a leasú sa chlinic CVanna. Cuma cén chéim atá agaibh, agus bíodh neart taithí ábhartha oibre agaibh nó ná bíodh, beidh oraibh dul i bhfeidhm ar dhaoine. Cuimhníonn daoine ar feadh i bhfad ar an gcaoi a dtéann sibh i bhfeidhm orthu nuair a bhuaileann sibh leo den chéad uair, mar sin bígí dea-ghléasta agus bíodh dearcadh dearfach agaibh." Tá sonraí an lucht taispeántais le fáil ó www.nuigalway.ie/careers
-Críoch-

PreviousNext

Featured Stories