Siollabas Nua Gaeilge don Chéad Bhliain Ollscoile

Tuesday, 8 September 2009

Tá Siollabas Nua Gaeilge don Chéad Bhliain Ollscoile seolta ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Coláiste Phádraig Droim Conrach. Is toradh é an Siollabas seo ar Thionscadal de chuid na Meithle um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal, Meitheal idir-institiúideach a d'eascair as an gcomhdháil 'Teagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal' a eagraíodh i gColáiste Phádraig, Droim Conrach i mí Feabhra 2008. Ba iad an Dr John Walsh, Scoil na Gaeilge, OÉ Gaillimh agus Dr Máirín Nic Eoin, Coláiste Phádraig a d'fheidhmigh mar chomhstiúrthóirí ar an Tionscadal. Tá sé mar chuspóir ag an Meitheal um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal siollabas teanga agus áiseanna teagaisc agus foghlama a dhearadh agus a fhorbairt do mhic léinn na Gaeilge ar an tríú leibhéal, siollabas a bheadh bunaithe ar Fhráma Tagartha Chomhairle na hEorpa d'Fhoghlaim Teangacha. Le cabhair cómhaoinithe ó Fhoras na Gaeilge agus le tacaíocht ó ocht gcinn déag d'institiúidí tríú leibhéal ina bhfuil an Ghaeilge á teagasc, tá Céim 1 den Tionscadal – siollabas agus áiseanna teagaisc agus foghlama don Chéad Bhliain Ollscoile – réidh le seoladh anois. 'Tá an Siollabas nua bunaithe ar leibhéal B2 den Fhráma Tagartha Eorpach d'Fhoghlaim Teangacha. Tá sé dírithe ar fhorbairt scileanna an fhoghlaimeora, idir scileanna ginearálta foghlama agus scileanna cumarsáideacha a bhaineann go dílis le foghlaim teangacha' dar leis an Dr John Walsh comhstiúrthóir an Tionscadail. Tá ábhar an tSiollabais leagtha amach i bhfoirm topaicí a spreagfaidh féinfheasacht, feasacht teanga agus feasacht chultúrtha. Cur chuige tascbhunaithe atá i gceist agus déantar scileanna foghlama agus scileanna teanga na mac léinn a fhorbairt trí thascanna a bhunú ar théacsanna dílse Gaeilge. Is go leictreonach atá an Siollabas foilsithe, agus tá sé ar fáil ar shuíomh gréasáin an Tionscadail, www.teagascnagaeilge.ie, suíomh atá á riaradh ag an Dr Caoimhín Ó Dónaill in Ollscoil Uladh. Tá teacht ar an suíomh ar an Siollabas féin; ar ábhar samplach a léiríonn prionsabail an tSiollabais agus conas na prionsabail sin a chur i bhfeidhm sa seomra ranga; ar an bhfillteán foghlama do mhic léinn atá mar chuid lárnach den Siollabas; ar liosta acmhainní tacaíochta don mhac léinn; ar chuntas ar chúlra agus ar stair an Tionscadail a bhfuil an Siollabas mar thoradh air.
-Críoch-

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories