NUI Galway Hosts Reception for Eleven US Fulbright Scholars

Friday, 17 February 2012


Pictured, back row (l-r): Fulbright scholars Dr Kathryn Laity, Michael Murphy, Dr Mark Shaurette, Michael Falk, Dr William F. McComas and Vanessa B. Cruz. Front Row (l-r): Michael Carmody, President Galway Mayo Institute of Technology; Mayor of Galway City, Hildegarde Naughton; Fulbright scholars Dr Timothy Meagher; Dr Gurram Gopal; Dominique Brooke Dodge; Dr Jill Simone Gross; Suzanne McBride; Colleen Dube, Executive Director, Fulbright Commission; and Dr Jim Browne, President, NUI Galway.

NUI Galway President, Dr Jim Browne and Galway-Mayo Institute of Technology President, Michael Carmody, welcomed eleven US Fulbright Awardees at a reception held recently to mark the commencement of Inter-changes: an Orientation Programme for 2011 – 2012 hosted by NUI Galway.

This academic year (2011-2012), 14 Fulbright Awardees from the US are based in Higher Education Institutions around Ireland studying, researching and lecturing in disciplines ranging from American History and animation to journalism and civil engineering. Two of the Fulbright awardees are based in Galway, Dr Kathryn Laity in NUI Galway and Professor Gurram Gopal in GMIT.

Inter-changes, running over three days, was an event-filled programme helping US Fulbright Scholars gain insights into various aspects of Ireland’s culture, history, society and geography. Part funded by the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht, an important part of the programme is also to learn more about the Irish language speaking regions and practice cúpla focal in the Gaeltacht.

In addition to NUI Galway, the US Fulbrighters visited Galway Chamber of Commerce, TG4, Office of the Language Commissioner, Stiúideo Cuan in Spiddal and Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Carraroe, Co. Galway.

The Fulbright awards are jointly funded by the Irish and US governments under the Ireland-United States Commission for Educational Exchange. Fulbright scholarships have provided Irish and US students, scholars and professionals with the opportunity to study, lecture and research at top universities and institutions in the US and Ireland respectively since 1957. For more information visit www.fulbright.ie.

ENDS

Fáiltiú do 11 Scoláire Fulbright in OÉ Gaillimh       

 Chuir Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr Jim Browne agus Uachtarán Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe – Maigh Eo, Michael Carmody, fáilte roimh aon scoláire dhéag a fuair Scoláireachtaí Fulbright Mheiriceá ag ócáid a bhí ar siúl le gairid chun ceiliúradh a dhéanamh ar thús Inter-changes: an Orientation Programme for 2011 – 2012 atá ar siúl in OÉ Gaillimh.

I mbliana (2011-2012), tá 14 scoláire Fulbright ó Mheiriceá in Institiúidí Ard-Oideachais ar fud na hÉireann ag staidéar, ag déanamh taighde agus ag tabhairt léachtaí i ndisciplíní éagsúla ó Stair Mheiriceá agus beochan go hiriseoireacht agus innealtóireacht shibhialta. Tá beirt de na Scoláirí Fulbright lonnaithe i nGaillimh, an Dr Kathryn Laity in OÉ Gaillimh agus an tOllamh Gurram Gopal in GMIT.

Bhí Inter-changes ar siúl ar feadh trí lá, agus clár imeachtaí ann chun cabhrú le Scoláirí Fulbright Mheiriceá tuiscint a fháil ar ghnéithe éagsúla de chultúr, stair, sochaí agus tíreolaíocht na hÉireann. Tá an clár á pháirtmhaoiniú ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus is cuid thábhachtach den chlár é níos mó a fhoghlaim faoi na réigiúin Ghaeltachta agus deis a thabhairt do na scoláirí cúpla focal Gaeilge a labhairt sa Ghaeltacht.

Chomh maith le cuairt a thabhairt ar OÉ Gaillimh, chuaigh na scoláirí Fulbright chomh fada le Cumann Tráchtála agus Tionscail na Gaillimhe, TG4, Oifig an Choimisinéara Teanga, Stiúideo Cuan sa Spidéal agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe.

Déanann rialtais na hÉireann agus Mheiriceá cómhaoiniú ar na gradaim Fulbright faoi Choimisiún na hÉireann-Stát Aontaithe um Malartú Oideachasúil. Trí scoláireachtaí Fulbright tá deis faighte ag mic léinn, scoláirí agus gairmithe na hÉireann agus na Stát Aontaithe staidéar, léachtóireacht agus taighde a dhéanamh in ollscoileanna agus in institiúidí den scoth sna Stáit Aontaithe agus in Éirinn faoi seach ón mbliain 1957. Le tuilleadh eolais a fháil, féach www.fulbright.ie.  

CRÍOCH

Keywords:.

Author: Marketing and Communications Office, NUI Galway
« Back

Related news


Featured Stories