Career Opportunities in Extreme Sport Photography

Tuesday, 5 June 2012


Rick Deppe

Inmarsat Film Lecture in association with NUI Galway’s Huston School of Film & Digital Media

To celebrate the end of the 2011-12 Volvo Ocean Race which finishes in Galway on 3 July, Inmarsat , the race technology partner, and the Huston School of Film & Digital Media at NUI Galway will present a major lecture on the successful delivery of ‘extreme sailing brought to life 24/7’ by the cameraman onboard each boat. The lecture will take place on Thursday, 5 Julyin the Galway Race Village, at 12-2.30pm.

Knut Frostad, CEO of the Volvo Ocean Race will open the lecture with a discussion of the technology involved to report on the world’s most connected yacht race. He will reveal that broadcasters had initially wanted to embed their own journalists, but first contact with the harsh sailing conditions had quickly ruled that out. 

Frostad admits that Inmarsat’s FleetBroadband technology has been “truly transformational” and he is looking forward to the arrival of Global Xpress, Inmarsat’s 50mbps new Boeing Satellite fleet in time for the 2014 Race.

Knut Frostad will talk about the 1996 race when he was onboard Intrum Justicia and how there was a heated debate on whether competitors should have to carry broadcast equipment. Says Frostad: “In the 1996 race the compromise was equipment - or 200kg of lead. The race winner, Toshiba skippered by Chris Dickson chose lead and limited media engagement.   On Intrum Justicia, we took the media kit and renowned yachting photographer, Rick Tomlinson. We won the media battle with Sony sponsored kit delivering the first ever media picture from a Whitbread boat as we rounded Cape Horn. It was global front-page news with just 9.6 kbps connectivity, via Inmarsat C. Today its half a megabit from Inmarsat FleetBroadband and it has changed our sport.”

Also presenting will be one of the world’s leading extreme sports photographers Rick Deppe. Rick’s previous work includes the Emmy award-winning series ‘Deadliest Catch’ and he was the winner of the overall Inmarsat Media Crew Member prize for the 2008-9 Volvo Ocean Race. He will explain the different areas of the media crew member and their extreme media-gathering role. “A successful Media Crew Member” Rick says, “must be editor, producer, journalist, photographer and diplomat to get the stories off the boat. It is business as usual very day, wind or windless, 24/7 news demands feeding”. One vital aspect of the job is building trust with the professional sailors on board for the successful delivery of materials for all sponsors.

The lecture will give those present a unique sense of what is required of an extreme sports reporter onboard a multi-million dollar round the world racing yacht to deliver high quality, dramatic and gripping material that brings the race alive for fans, sponsors and the media during the nine months of the event. Broadcast quality reality TV/reporting is a business critical to the future of sport sponsorship and in particular to this race. The opportunities for a career in extreme sport videography/reporting are exciting and growing within sailing as a result of innovative technology like Inmarsat’s FleetBroadband.

Inmarsat FleetBroadband allows audiences around to world to get about as close as one can get to the race action (with HDTV clarity) without being on a competing yacht, as those who have been following the race coverage on TG4 will be aware. TG4’s Sports Editor Rónán Ó Coisdealbha will also be contributing to the session and will outline the importance of sport and the Volvo Ocean Race to the broadcaster. 

The event is co-hosted by the Huston School of Film & Digital Media, NUI Galway, one of Ireland’s leading film schools offering a range of innovative programmes, including in Film Studies, Production & Direction, Screenwriting and Digital Media.

Director of the MA in Film Studies Programme at the Huston School, Seán Crosson, says, “This is a great opportunity for anyone interested in film and television, and particularly the filming of sport, to learn more about the processes involved in capturing one of world’s major sporting events from those directly involved. The lecture will expose young film-makers, media students, and interested members of the general public to the dynamic and exciting career of the Media Crew Member aboard the yachts participating in the Volvo Ocean Race as well as the endless opportunities that Inmarsat presents traveling media crews and film-makers in capturing and relaying footage and information in the most extreme conditions.”  

NUI Galway, as education partners to Volvo Ocean Race Galway, will also bring considerable experience to the end of race events in the field of volunteering. Working with non-profit event organiser Let’s Do It Global, NUI Galway will help recruit and train over 1,200 volunteers required to run the nine-day festival. 

While admission is free to the lecture, places are limited at this event so anyone interested in attending should contact Dee Quinn in advance at dee.quinn@nuigalway.ie or 091 495076 to book a place.

ENDS

 

Deiseanna Gairme sa Ghrianghrafadóireacht Spórt Guaisbheartaíochta

 Léacht Scannán Inmarsat i gcomhar le Scoil Scannán & Meán Digiteach Huston OÉ Gaillimh

Chun ceiliúradh a dhéanamh ar dheireadh Rás Aigéin Volvo 2011-2012 a thiocfaidh go ceann céibhe i nGaillimh an 3 Iúil, tá Inmarsat, comhpháirtí teicneolaíochta an rása, agus Scoil Scannán & Meán Digiteach Huston in OÉ Gaillimh chun oll-léacht a eagrú faoin tseoltóireacht ar a ndéanann na fir cheamara ar bord gach bád craoladh beo 24/7. Beidh an léacht ar siúl Déardaoin, an 5 Iúil i Sráidbhaile an Rása i nGaillimh, idir 12 agus 2.30pm.

Is é Knut Frostad, Príomhfheidhmeannach Rás Aigéin Volvo, a chuirfidh tús leis an léacht le plé ar an teicneolaíocht a theastaíonn le tuairisciú ar an rás luamh is mó ceangal leis an teicneolaíocht ar domhan.  Inseoidh sé mar a bhí craoltóirí ag iarraidh a gcuid iriseoirí féin a chur ar na luaimh i dtús ama, ach nuair a tháinig siad i ngar do na cúinsí crua seoltóireachta nach raibh siad i bhfad ag athrú a n-intinn. 

Admhaíonn Frostad go bhfuil teicneolaíocht FleetBroadband Inmarsat thar a bheith trasfhoirmeach, agus tá sé ag súil go mór le teacht Global Xpress, Satailít Boeing nua 50mbps de chuid Inmarsat, a bheidh réidh in am do Rás 2014.

Labhróidh Knut Frostad faoi rás 1996 nuair a bhí sé féin ar bord Intrum Justicia agus mar a bhí plé teasaí maidir leis an gceist an mbeadh ar iomaitheoirí trealamh craolacháin a iompar nó nach mbeadh. Deir Frostad: “I rás 1996 bhí an rogha idir an trealamh nó 200kg luaidhe a iompar ar bord. Roghnaigh Toshiba, buaiteoir an rása faoi stiúir Chris Dickson, luaidhe agus beagán plé leis na meáin.   Ar Intrum Justicia, bhí an pacáiste meáin againn agus an grianghrafadóir clúiteach luaimh, Rick Tomlinson.  Is againn a bhí an lá i gcath na meán nuair a thóg an trealamh, a bhí urraithe ag Sony, an chéad ghrianghraf ó bhád Whitbread agus muid ag teacht timpeall Rinn an Choirn. Bhí sé ar an gcéad leathanach ar nuachtáin ar fud an domhain agus gan ach ceangal 9.6 kbps againn via Inmarsat C. Inniu is leath-mheigighiotán ó FleetBroadband Inmarsat atá in úsáid agus tá athrú ó bhonn déanta aige ar an spórt”.

Déanfaidh Rick Deppe, duine de na grianghrafadóirí is clúití ar domhan ó thaobh an spóirt ghuaisbheartaíochta de, cur i láthair chomh maith. I measc na saothar atá curtha i gcrích ag Rick tá an tsraith ‘Deadliest Catch’, sraith a bhuaigh gradam Emmy, agus bhuaigh sé ollduais Inmarsat Ball de Chriú na Meán do Rás Aigéin Volvo 2008-9. Míneoidh sé na réimsí éagsúla a bhaineann le criú na meán agus an ról atá acu. Deir Rick, “le bheith i do Ball de Chriú na Meán (ball de chriú na meán) maith ní mór duit a bheith i d’eagarthóir, do léiritheoir, d’iriseoir, do ghrianghrafadóir agus i do thaidhleoir chun scéalta an bháid a roinnt leis an domhan mór. Bíonn obair le déanamh gach lá, is cuma má tá gaoth ann nó mura bhfuil, caithfear scéalta a choinneáil le nuacht 24/7.” Ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí a bhaineann leis an jab tá muinín na seoltóirí gairmiúla a shaothrú ionas go mbeidh rath ar an tionscnamh do gach urraitheoir.

Tabharfaidh an léacht léargas faoi leith ar céard is gá do thuairisceoir spórt guaisbheartaíochta a dhéanamh ar bord luamh rásaíochta ar fiú na milliúin dollar é chun ábhar ar ardchaighdeán, drámatúil agus spreagúil a chur ar fáil a dhéanfaidh an rás beo don lucht féachana, do na hurraitheoirí agus do na meáin ar feadh na naoi mí a bhíonn an t-imeacht ar siúl.  Beidh an-tábhacht ag baint le teilifís/tuairisciú réaltachta ar ardchaighdeán d’urraíocht spóirt amach anseo, go háirithe don rás seo. Tá na gairmeacha beatha a bhaineann le físghrafadóireacht/tuairisciú spóirt thar a bheith spéisiúil agus tá níos mó deiseanna anois ann i gcúrsaí seoltóireachta mar gheall ar theicneolaíocht nuálach cosúil le FleetBroadband Inmarsat.

Tugann FleetBroadband Inmarsat deis do dhaoine ar fud an domhain a bheith chomh gar agus is féidir don rás (le soiléireacht HDTV) agus gan iad ar bord luaimh, mar atá feicthe acu siúd a bhíonn ag breathnú ar an rás ar TG4. Beidh Eagarthóir Spóirt TG4, Rónán Ó Coisdealbha ag labhairt ag an seisiún chomh maith agus déanfaidh sé cur síos ar a thábhachtaí is atá an spórt agus Rás Aigéin Volvo don chraoltóir. 

Beidh an ócáid á comheagrú ag Scoil Scannán & Meán Digiteach Huston, OÉ Gaillimh, ceann de na scoileanna scannán is mó cáil in Éirinn a chuireann réimse cláir nuálacha ar fáil lena n-áirítear Staidéar Scannán, Léiriú & Stiúradh, Scríbhneoireacht don Scáileán agus Meáin Dhigiteacha.

Deir Seán Crosson, Stiúrthóir an MA sa Staidéar Scannán i Scoil Huston, “Is iontach an deis í seo do dhuine ar bith a bhfuil suim acu i scannán agus i dteilifís, go háirithe scannánú ar spórt, chun tuilleadh eolais a fháil faoi na próisis a úsáidtear chun ceann de na himeachtaí spóirt is mó ar domhan a chur ar scáileán, ón dream atá ina bhun. Tabharfaidh an léacht deis do lucht óg déanta scannán, do mhic léinn na meán agus don phobal eolas a fháil faoin ngairm dhinimiciúil agus shuimiúil a bhíonn ag Ball de Chriú na Meán ar bord na luamh a bhíonn páirteach i Rás Aigéin Volvo chomh maith leis na deiseanna iontacha atá ar fáil ó Inmarsat do chriúnna taistil meáin agus do lucht déanta scannán chun píosaí scannáin agus eolas a thaifead agus a chraoladh faoi na coinníollacha seo atá thar a bheith dian.”  

Is comhpháirtí oideachais í OÉ Gaillimh le Rás Aigéin Volvo - Gaillimh, agus tá taithí ar leith aici ó thaobh imeachtaí deonacha de a chuirfidh go mór leis an staid deiridh seo den rás.  Beidh baint ag OÉ Gaillimh le hearcú agus le hoiliúint a chur ar breis agus 1200 oibrí deonach don fhéile naoi lá, i gcomhar le heagraí neamhbhrabúis na hócáide ‘Let’s Do It Galway’. 

Tá sé saor in aisce freastal ar an léacht, ach tá líon na spásanna teoranta mar sin ba cheart do dhaoine ar spéis leo é teagmháil a dhéanamh le Dee Quinn roimh ré ag dee.quinn@nuigalway.ie nó 091 495076 chun áit a chur in áirithe.

-Críoch-

Keywords:.

Author: Marketing and Communications Office, NUI Galway
« Back

Related news


Featured Stories