RTÉ’s Siún Nic Gearailt Launches New Media Course at NUI Galway

Monday, 18 June 2012


Launching the new MA sa Chumarsáid at NUI Galway is RTÉ’s Siún Nic Gearailt and Dr Seathrún Ó Tuairisg, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, NUI Galway.

Television broadcaster and RTÉ newsreader, Siún Nic Gearailt, has launched a new MA in Communications (MA sa Chumarsáid) at NUI Galway. 

The one-year MA course, the first of its kind to be offered entirely through the medium of Irish, emphasises practical tuition from radio and television production to presenting, journalism, and acting. The course is offered by the University’s Irish language centre, Acadamh na hOllscolaíochta in An Cheathrú Rua in the heart of the Connemara Gaeltacht. Students specialise in one of four streams: visual studies, applied journalism, digital media or acting for the screen.

Describing how the course, previously the Higher Diploma in Applied Communications through Irish, helped lay the groundwork for a successful career in broadcasting, Siún said: “The course was very hands-on and covered a lot of the skills you need to build a career in broadcasting. The fact that it was in Irish was a huge plus, at a time when TnaG/TG4 was just taking off and there were a lot of new production companies setting up in the Gaeltacht and indeed around the country.”

“The new MA will give students a real eye-opener on the media industry. If you think all that’s involved is sitting in front of a camera or a microphone and letting fly, you’ll soon change your mind. There is a vast amount of work going on in front of and behind the camera, in the control room, in the edit suite and, of course, in compiling the daily news. The structure of the MA sa Chumarsáid is designed to give the student a good understanding of some of the practical issues as well as a solid grounding in theory and ethics.”

The MA sa Chumarsáid is a one-year fulltime Level 9 course (90 ECTS credits). Applications may be made through the PAC online postgraduate application system at www.pac.ie/nuigalway.

Full details may be found at: www.oegaillimh.ie/acadamh. For more information contact Dr Seathrún Ó Tuairisg at 091 595101 or email cursai@oegaillimh.ie.

-ENDS-

 

Seolann Siún Nic Gearailt ó RTÉ Cúrsa Nua sna Meáin in OÉ Gaillimh

Is í an phearsa teilifíse agus léitheoir nuachta RTÉ, Siún Nic Gearailt, a sheol an cúrsa nua MA sa Chumarsáid ag ócáid in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, le déanaí.

Cúrsa lánaimseartha bliana is ea an MA sa Chumarsáid ina leagtar béim ar obair phraiticiúil i réimse leathan ábhar a bhaineann leis an gcraoltóireacht raidió agus teilifíse, leis an iriseoireacht, agus leis an aisteoireacht don scáileán. Is é an chéad chúrsa MA dá chineál atá á thairiscint go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Tá an cúrsa seo á thairiscint ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus beidh sé lonnaithe in Ionad an Acadaimh ar an gCeathrú Rua i gConamara.  Déanann na mic léinn speisialtóireacht le linn an chúrsa i gceann de na réimsí seo leanas: staidéar na físe, iriseoireacht fheidhmeach, na meáin dhigiteacha agus drámaíocht sna meáin.

Agus an MA nua á sheoladh aici, labhair Siún Nic Gearailt ar a taithí mar mhac léinn ar chúrsa eile de chuid an Acadaimh, an tArd-Dioplóma sa Chumarsáid Fheidhmeach, atá ag teacht chun deiridh anois agus an MA sa Chumarsáid ag teacht ina áit. “Bhí an cúrsa an-phraiticiúil agus bhain sé le go leor de na bunscileanna a theastaíonn chun bunús agus blaiseadh a fháil le gairm a fhorbairt sna meáin,” a dúirt sí. “Buntáiste ar leith a bhí ann gur trí mheán na Gaeilge a bhí sé, ag tráth a raibh TnaG/TG4 ag teacht ar an bhfód agus a raibh go leor comhlachtaí léiriúcháin nua á mbunú sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre.”

Dúirt Siún gur ‘oscailt súl’ a bheadh sa chúrsa do mhic léinn ar thionscal na meán. “Má cheapann tú nach gá duit ach suí os comhair ceamara nó micreafóin agus labhairt, beidh thiar ort,” a dúirt sí. “Bíonn an t-uafás oibre ar bun ag daoine os comhair agus taobh thiar den cheamara, sa seomra stiúrtha, ar an deasc eagarthóireachta agus gan dabht ag cur scéalta an lae le chéile.  Ag féachaint ar an leagan amach atá ar an gcúrsa seo, tá na haon chuma air go dtabharfaidh an MA sa Chumarsáid léargas agus tuiscint mhaith duit ar na ceisteanna praiticiúla, chomh maith leis an teoiric agus cúrsaí eitice.”

Cúrsa lánaimseartha bliana is ea an MA sa Chumarsáid ag Léibhéal 9 (creidmheas 90 ECTS).  Is féidir iarratais a dhéanamh ar líne tríd an gcóras iarchéime PAC ag www.pac.ie/nuigalway.

Tá na sonraí go léir ar fáil ag www.oegaillimh.ie/acadamh. Tá a thuilleadh eolais ar fáil freisin ón Dr Seathrún Ó Tuairisg ag 091 595802 nó trí ríomhphost a chur chuig cursai@oegaillimh.ie.

-CRÍOCH-

Keywords: Press.

Author: Marketing and Communications Office, NUI Galway
« Back


Featured Stories