Seimineár Poiblí ar Raidió na Gaeltachta: 40 bliain faoi bhláth

May 15 2012 Posted: 15:42 IST

Mar chuid de cheiliúradh ceathracha bliain RTÉ Raidió na Gaeltachta, reáchtáilfear seimineár poiblí,  i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh, Dé Sathairn 19 Bealtaine le scrúdú a dhéanamh ar fhís agus feidhm RTÉ Raidió na Gaeltachta ó bunaíodh é.

 

Déanfar an seimineár a reáchtáil i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, Contae na Gaillimhe idir 10am agus 4pm Dé Sathairn 19 Bealtaine agus beidh fáilte roimh an bpobal freastal ar an ócáid.

 

Le linn seisiúin na maidine, scrúdóidh seisear léachtóirí ó ollscoileanna éagsúla in Éirinn gnéithe éagsúla de chraoladh an stáisiúin agus an tionchar atá ag an tseirbhís ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge.

 

Déanfaidh painéal eile scagadh ar a bhfuil bainte amach ag Raidió na Gaeltachta agus pléifear na dúshláin atá roimh an tseirbhís le linn imeachtaí an tráthnóna. Beidh deis ag an bpobal a bheith rannpháirteach sa phlé i gcaitheamh an lae.

 

I measc na n-ábhar a phléifear i gcaitheamh na maidine, beidh:

 

  • An ceol dúchais agus an chraoltóireacht – Róisín Nic Dhonncha
  • Ról an Raidió i gcruthú pobail – Steve Coleman
  • Teanga an Raidió, teanga an phobail – Siobhán Ní Laoire
  • Féiniúlacht agus féinmhuinín agus ár bpobal féin – Rosemary Day
  • Raidió na Gaeltachta agus scaipeadh na téarmaíochta – Gearóid Ó Cleircín
  • Leas na Gaeilge, an náisiún-stát agus an t-iltíreachas – Iarfhlaith Watson

 

Beidh plé ón urlár tráthnóna agus caibidil ar fhís agus feidhm an Raidió i gcuideachta na gcainteoirí:

 

  • Dónall Mac an tSíthigh
  • Máire Mhic Niallais
  • Joe Steve Ó Neachtain
  • Seán Tadhg Ó Gairbhí

 

Déanfar imeachtaí an tseimineáir a thaifeadadh agus a chraoladh ar Raidió na Gaeltachta amach anseo. Tá an seimineár seo á reáchtáil i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus le cúnamh urraíochta ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

 

--CRÍOCH--

 

A Public Seminar celebrating 40 years of Raidió na Gaeltachta

                                                                          

The vision and role of RTÉ Raidió na Gaeltachta will be critically examined and discussed at a public seminar on Saturday 19 May as part of the station’s calendar of events to mark the foundation of the service in 1972. The seminar, jointly organised with Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, NUI Galway, will take place in Seanscoil Sailearna, Indreabhán, in the heart of the Galway Gaeltacht from 10am-4pm on Saturday, 19May and the event will be open to the public.

 

Six academics from various Irish universities will analyse aspects of the station’s output and its influence on the Irish language community nationally and particularly in the Gaeltacht:

 

  • Broadcasting and traditional music – Róisín Nic Dhonncha, Mary Immaculate College, UL
  • RnaG and the creation of community– Steve Coleman, NUIM
  • A community and broadcasting medium – Siobhán Ní Laoire, DIT
  • Identity, self-confidence and our own community – Rosemary Day, Mary Immaculate College, UL
  • Raidió na Gaeltachta and terminological dissemination – Gearóid Ó Cleircín, DCU
  • Which most benefits the Irish language: cosmopolitanism or the nation-state? – Iarfhlaith Watson, UCD

 

The founding vision of the station and contemporary challenges facing the service will also be discussed by a panel of speakers who broadly represent the diversity of the RnaG audience with a view to an open, general discussion among seminar participants about future directions for Raidió na Gaeltachta. Invited speakers during the afternoon session include:

 

  • Dónall Mac an tSíthigh
  • Máire Mhic Niallais
  • Joe Steve Ó Neachtain
  • Seán Tadhg Ó Gairbhí

 

The talks and discussions at the seminar will be recorded and broadcast on Raidió na Gaeltachta later this year. This seminar is being jointly organised with Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, NUI Galway and with sponsorship from the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht.

--ENDS--

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories