Final Call for Applications for NUI Galway Sports Scholarship Scheme

Pictured is Bachelor of Science student and Sports scholarship recipient Angela O'Connor from Claregalway, Co. Galway
Jul 04 2013 Posted: 10:38 IST

NUI Galway has issued a final call for applications to its Sports Scholarships Scheme for 2013/14. The University has a long tradition of excellence in sport and this has been enhanced by the recent success in Rowing, Hurling, Basketball, Soccer and Rugby as well as numerous individual achievements. The deadline for application for current and prospective students is Wednesday the 31st July at 5 pm.

The Scholarship Programme is aimed at student-athletes of outstanding calibre who register as students of the University. The scheme is also open to students already studying at NUI Galway.

In the current academic year, student athletes at NUI Galway received significant financial and professional support services.  The scholarships aim to help aspiring young sportspeople to continue to develop their sporting prowess. Currently 60 students receive support under the scheme in a broad range of sports. The scheme has assisted dozens of athletes’ progress to the highest levels of their sport in recent years and is aimed at providing them with the tools for success in the long term.

Applicants for sports scholarships must satisfy the academic criteria for entry to NUI Galway and must have applied to the CAO in the usual manner.

Gary Ryan is Elite Sports Development Officer at NUI Galway: “The strongest selling point of our Sports Scholarship program is the results that it is producing. We have supported the development of numerous Irish Internationals including some World Champions and medallists over the last number of years as well as the enormous success that so many of our GAA players have enjoyed at Senior and U21 level in recent years.”

A former Irish Olympian and record-breaking sprinter, Gary Ryan sees a bright future for the NUI Galway sports scholarships: “Our focus is on the support of our student athletes in their dual careers. We strive to offer world class supports in one of the Ireland’s leading Universities. Our scholarship students develop skills that will sustain them in their future sporting and professional careers and the long list of successful sporting alumni is testament to that.”

For the Scholarships, students who meet the University’s entry requirements will be selected on merit by an independent panel. In addition to the scholarship, students will receive specialist support including physiotherapy, treatment of injury, fitness training, coaching and support for travel to national and international competitions.

More details on the Sports Scholarship Scheme at http://www.nuigalway.ie/sports/scholarships_info.html  or by calling the Sport and Recreation Unit at NUI Galway on 091 495979. All applications must be submitted online at http://www.sports.nuigalway.ie/scholarshipform.html

Ends

Iarratais le haghaidh Scéim Scoláireachtaí Spóirt OÉ Gaillimh – an Ghairm Dheiridh

Tá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh tar éis an ghairm dheiridh a eisiúint i leith iarratais ar an Scéim Scoláireachtaí Spóirt, 2013/14. Tá barr feabhais á baint amach le fada an lá ag an Ollscoil i gcúrsaí spóirt, agus tá ag éirí thar cionn léi le tamall anuas i Rámhaíocht, Iománaíocht, Cispheil, Sacar agus Rugbaí; tá gaiscí go leor déanta freisin ag iomaitheoirí aonair.  Glacfar go dtí 5pm, Dé Céadaoin, an 31 Iúil le hiarratais ó mhic léinn reatha agus mic léinn atá le bheith ar an Ollscoil amach anseo.

Tá an Clár Scoláireachtaí ann ar mhaithe le mic léinn chláraithe de chuid na hOllscoile ar lúthchleasaithe den scoth freisin iad. Féadfaidh mic léinn atá ag staidéar in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh cheana féin iarratas a dhéanamh chomh maith ar thacaíocht faoin scéim.

Le linn na bliana acadúla seo, fuair mic léinn/lúthchleasaithe in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh tacaíocht shuntasach airgid agus bhí seirbhísí tacaíochta gairme ar fáil freisin dóibh.  Tá na scoláireachtaí ann ar mhaithe le lúthchleasaithe agus imreoirí óga agus iad ag iarraidh barr feabhais a bhaint amach ina spórt féin. Faoi láthair, tá 60 mac léinn ag fáil tacaíochta faoin scéim agus is iomaí cineál spóirt atá i gceist. Tá na scórtha lúthchleasaithe ann ar éirigh leo, de thoradh na scéime, barr feabhais a bhaint amach ina spórt féin le blianta beaga anuas; is é aidhm na scéime cuidiú leo ionas go mbeidh rath orthu i bhfad na haimsire.

Iarratasóirí ar scoláireachtaí spóirt, ní mór dóibh na critéir acadúla a bhaineann le háit a fháil ar chlár léinn in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a chomhlíonadh; ní mór dóibh freisin iarratas a dhéanamh tríd an Lár-Oifig Iontrála ar an ngnáthbhealach.

Is é Gary Ryan an tOifigeach Forbartha Spóirt – Éilít, in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh: “Is é an cháil is mó atá ar ár gClár Scoláireachtaí Spóirt na torthaí atá ag teacht as. Is iomaí lúthchleasaí idirnáisiúnta Éireannach atá tagtha in inmhe faoin scéim seo le blianta beaga anuas – seaimpíní domhanda agus buaiteoirí boinn i gcomórtais dhomhanda ina measc. Agus tá ag éirí thar cionn freisin leis na himreoirí CLG atá againn agus gaisce déanta acu sna Sinsir agus Faoi 21 le tamall de bhlianta.”

Is iar-lúthchleasaí Oilimpeach de chuid na hÉireann é Gary Ryan a bhain curiarrachtaí nua amach agus é san iomaíocht mar rábálaí. Éireoidh thar cionn amach anseo le scoláireachtaí spóirt Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, dar leis: “Tacaíocht a thabhairt dár lúthchleasaithe ollscoile agus iad ag iarraidh an dá ghairm bheatha a thabhairt leo – sin é is cás linn. Tá an Ollscoil seo ar cheann de na hollscoileanna is fearr in Éirinn, agus teastaíonn uainn tacaíocht den chéad scoth a chur ar fáil dár lúthchleasaithe dá réir. Na mic léinn scoláireachta atá againn, sealbhaíonn siad scileanna a sheasfas dóibh ina saol spóirt agus ina saol gairmiúil amach anseo; níl léiriú is fearr air sin ná an liosta fada alumni a bhfuil gaisce déanta acu i gcúrsaí spóirt.”

I gcás na scoláireachtaí seo, roghnóidh painéal neamhspleách na mic léinn ar bhonn fiúntais; ní mór riachtanais iontrála na hOllscoile a bheith comhlíonta ag na mic léinn. Le cois na scoláireachtaí féin, tabharfar tacaíocht speisialtóireachta do na mic léinn; áirítear ar an tacaíocht sin fisiteiripe, cóir leighis le haghaidh gortuithe, traenáil corpacmhainne, cóitseáil, agus tacaíocht le gur féidir leo taisteal chuig comórtais náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Tá tuilleadh eolais faoin Scéim Scoláireachtaí Spóirt le fáil ag http://www.nuigalway.ie/sports/scholarships_info.html nó trí ghlaoch a chur ar an Aonad Spóirt agus Áineasa in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh: 091 495979. Ní mór iarratais a chur isteach ar líne: http://www.sports.nuigalway.ie/scholarshipform.html 

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories