Seolann an tAire Stáit, Donnchadh Mac Fhionnlaoich Dioplóma nua sa Phleanáil agus Buanú Teanga in OÉ Gaillimh

Ó chle: Séamas Ó Gallachóir, Údarás na Gaeltachta; Eunan Mac Cuinneagáin, Bord Údarás na Gaeltachta; An tAire Stáit Mac Fhionnlaoch; Seán Ó Cuireáin, Bord Údarás na Gaeltachta; Diarmaid Ó Mordha, Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta; agus Dónall Ó Braonáin, Príomhfheidhmeannach, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh.
Jul 25 2013 Posted: 15:44 IST

Sheol an tAireStáit, Donnchadh Mac FhionnlaoichDioplóma nua sa Phleanáil agus Buanú Teanga in Ionad OÉ Gaillimh, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall tráthnóna aréir.

Tá an Dioplóma á thairiscint ag OÉ Gaillimh i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta.

Cúrsa páirtaimseartha thar dhá bhliain atá i gceist leis an dioplóma seo a thabharfaidh deis do rannpháirtithe eolas agus oiliúint fheidhmeach a fháil ar straitéisí buanaithe teanga agus leas-chleachtais na pleanála teanga.

Tá an cúrsa dírithe ar oibrithe pobail agus teanga sna ceantair phleanála teanga a luaitear in Acht na Gaeltachta. Beidh an cúrsa seo feiliúnach dóibh siúd atá ag obair in earnáil na Gaeilge go náisiúnta agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á fheidhmiú acu.

D’fháiltigh an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich roimh an Dioplóma úr: “Cinntíonn Acht na Gaeltachta go mbeidh tábhacht as cuimse le tograí buanaithe teanga a thabhairt chun cinn go náisiúnta agus i measc phobal na Gaeltachta go mór mór. Cuideoidh an cúrsa seo le cumasú phobal na teanga chomh maith le forbairt feidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Úsáid stuama acmhainní atá sa chomhpháirtíocht seo idir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta.”

Leag Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Steve Ó Cualáin, béim ar thorthaí foghlama an chúrsa: “Is mian le hÚdarás na Gaeltachta go mbeadh oiliúint fheidhmeach sa Phleanáil Teanga ar fáil ar bhealach atá éifeachtach agus praiticiúil. Beidh an cúrsa seo fóinteach do phobail atá ag iarraidh an chuid is fearr den phleanáil teanga a thabhairt leo agus a chur i bhfeidhm de réir chúinsí a gceantracha féin. Tá áthas orainn tacú leis an Dioplóma nua seo.”

Dúirt Dónall Ó Braonáin, Príomhfheidhmeannach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh: “Cúrsa é seo a tharraingeoidh ar an léann teanga ach a dhéanfaidh freastal ar riachtanais phobail san am céanna. Beidh scoth na tacaíochta foghlama ag mic léinn an chúrsa seo agus beidh sé feiliúnach dóibh siúd ar spéis leo ceist na pleanála teanga a scrúdú ar bhealach solúbtha agus saoráideach.”

De bharr scaipeadh tíreolaíoch na rannpháirtithe, bainfear leas as teicneolaíocht nuálach fhoghlama leis an Dioplóma seo a chur ar fáil. Beidh deis ag mic léinn an chúrsa a gclár ama staidéir féin a leagan amach agus a chur in oiriúint dá gcúinsí féin. Tabharfar an oiliúint chuí ríomhaireachta do rannpháirtithe an chúrsa ag seisiúin speisialta ionduchtaithe agus déanfar an cúrsa a eagrú ar bhealach a laghdóidh ualach taistil na mac léinn idir Méan Fómhair 2013 agus Márta 2014.

Clúdóidh an siollabas réimse cuimsitheach ábhar a bhaineann leis an bPleanáil Teanga agus gheobhaidh na rannpháirtithe oiliúint sna bealaí is éifeachtaí le tabhairt faoi thograí buanaithe teanga a leagan amach dá bpobal féin. Sa chéad bhliain den chúrsa, beidh béim ar leith ar an tsochtheangeolaíocht agus ar chultúr agus ar chomhthéacs na Gaeltachta comhaimseartha.

Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine atá ag obair in earnáil na forbartha teanga nó pobail sa Ghaeltacht nó in earnáil na Gaeilge go náisiúnta chomh maith le daoine eile a bhfuil spéis acu san ábhar seo. Beidh táille laghdaithe á ghearradh ar an gcúrsa seo ag OÉ Gaillimh mar bheartas taca do phróiseas  na pleanála teanga sa Ghaeltacht. Tá OÉ Gaillimh buíoch de thacaíocht Údarás na Gaeltachta agus moltar do rannpháirtithe atá ag obair na hearnála pobail agus teanga sa Ghaeltacht clárú ar-líne agus teagmháil a dhéanamh le hoifigí réigiúnacha Údarás na Gaeltachta le deiseanna tacaíochta a fhiosrú.

Is féidir iarratas ar-líne a dhéanamh ar an Dioplóma roimh 23 Lúnasa ach suíomh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a cheadú: www.oegaillimh.ie/acadamh nó teagmháil a dhéanamh le comhordaitheoir an chúrsa, Éamon Ó Cofaigh ag 091 493802 nó eamon.ocofaigh@oegaillimh.ie.

-CRÍOCH-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories