New Students to Benefit from new Online Q&A Service at NUI Galway

NUI Galway Bachelor of Science students Andrea Flannery from Claregalway, Co. Galway and Ronan Murphy from Letterkenny, Co. Donegal prepare for the opening of the Student Hotline and online Questions and Answers service.
Aug 11 2014 Posted: 10:55 IST

NUI Galway launches online service to compliment telephone hotline for incoming students

NUI Galway will launch a dedicated Online Question and Answer service to compliment the first year student telephone hotline on Wednesday, 14 August. This online initiative will facilitate students and their parents with the option to ask questions on a dedicated forum, while the hotline service team will be available to answer caller queries.

With NUI Galway anticipating an intake of over 3,000 new students in September, a team of specially-trained team of staff and students will be on hand to answer any questions students and parents may have. The hotline will be available from Monday to Friday, 9am to 6pm, and on Saturday 16 and 23 August, 10am to 1pm. The availability of these services coincides with the period of frantic activity and decision making that immediately follows the release of the Leaving Certificate results. 

Both the hotline and the online service will be active throughout first year orientation week commencing on September 1, and both will remain in service for two weeks after lectures begin on September 8, providing students with two options to direct any conceivable query they encounter as they embark on their journey to NUI Galway. 

The team will provide an efficient, responsive service and are expected to deal with numerous issues that are of concern to incoming first year students. Anticipated queries include: points requirements for courses; first round offers; registering as a student of the University; start dates; fees and accommodation options. 

A designated website for first years will also update on a daily basis detailing the information sought and fed through the hotline. It will be a portal of specific information aimed at demystifying the first few weeks of university life. 

Stephen O’Dea, Admissions Officer at NUI Galway, says: “The next few weeks is a very exciting time for all Leaving Certificate students as the culmination of years’ of hard work come to fruition. The next step for many is the transition into third-level education which is a significant milestone, not only for the students themselves, but also for their families, and we at NUI Galway understand the impact of this change, especially for those entering into university for the first time. In order to help those who are deciding to embark upon a university degree programme, we will provide support, information and guidance through our First-Year Student Hotline, to answer any questions that individuals might have about any aspect of university life. We invite all students, parents and advisors to avail of this service to make the passage to NUI Galway as smooth as possible.”

Students, parents and advisers can contact the First Year Student Hotline at 091 493999, ask a question Online at http://www.nuigalway.ie/askus or visit http://www.nuigalway.ie/new-students/

-Ends-

Seirbhís nua Ceisteanna & Freagraí ar líne ar fáil do Mhic Léinn Nua OÉ Gaillimh

Seolann OÉ Gaillimh Seirbhís Ar Líne mar thaca leis an mBeolíne do Mhic Léinn na Chéad Bhliana

Seolfaidh OÉ Gaillimh seirbhís Ceisteanna agus Freagraí ar líne chun cuidiú leis an mBeolíne do Mhic Léinn na Chéad Bhliana Dé Céadaoin, an 14 Lúnasa. Cuideoidh an togra ar líne seo le mic léinn agus lena dtuismitheoirí trí cheisteanna a fhreagairt ar fhóram ar leith, agus beidh foireann na beolíne ar fáil le glaonna a fhreagairt.

Beidh os cionn 3,000 mac léinn nua ag tosú in OÉ Gaillimh i Meán Fómhair agus beidh foireann oilte comhaltaí foirne agus mac léinn ar fáil le ceist ar bith a d'fhéadfadh a bheith ag na mic léinn ná ag a gcuid tuismitheoirí a fhreagairt. Beidh an bheolíne ar fáil ó Luan go hAoine, ó 9am go 6pm, agus Dé Sathairn, an 16 agus an 23 Lúnasa, ó 10am go 1pm. Beidh na seirbhísí seo ar fáil sa tréimhse chorraitheach sin ina mbíonn ar dhaltaí cinneadh a dhéanamh i ndiaidh dóibh torthaí na hArdteistiméireachta a fháil. 

Beidh an bheolíne agus an tseirbhís ar líne ar oscailt i rith thréimhse na seisiún eolais do mhic léinn na chéad bhliana, ag tosú an 1 Meán Fómhair, agus beidh siad ag feidhmiú ar feadh coicíse i ndiaidh an dáta a gcuirfear tús leis na léachtaí, an 8 Meán Fómhair. Beifear in ann a rá le mic léinn gur cheart dóibh glao a chur ar an mbeolíne nó úsáid a bhaint as an tseirbhís ar líne má bhíonn ceist ar bith acu agus iad ag tabhairt faoina saol in OÉ Gaillimh. 

Cuirfidh an fhoireann seirbhís éifeachtach ar fáil dóibh sin a éilíonn í agus meastar go mbeifear ag plé le hábhair go leor a bhíonn ag déanamh imní do mhic léinn na chéad bhliana. Meastar go mbeidh ceisteanna á gcur faoi na hábhair seo a leanas, i measc ábhair eile: na pointí atá riachtanach do chúrsaí ar leith; tairiscintí sa chéad bhabhta; clárú mar mhac léinn san Ollscoil; dátaí tosaithe; táillí agus roghanna lóistín. 

Tabharfar láithreán gréasáin ar leith atá ann do mhic léinn na chéad bhliana cothrom le dáta gach lá chomh maith. Beidh eolas le fáil ann faoi na ceisteanna a bhí ag na daoine a ghlaoigh ar an mbeolíne nua. Is tairseach eolais ar leith a bheidh sa láithreán gréasáin agus beidh sé de chuspóir aige cuid den cheo a bhaineann leis an gcéad chúpla seachtain ar an ollscoil a scaipeadh. 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Stephen O’Dea, Oifigeach Iontrála in OÉ Gaillimh: “Is athrú mór saoil atá i ndán do dhaltaí na hArdteistiméireachta agus luach a gcuid saothair amach rompu anois i ndiaidh na blianta a bheith caite acu ag obair go crua. Is é an chéad choiscéim eile don chuid is mó acu anois an t-athrú ón dara leibhéal go dtí an tríú leibhéal. Is athrú suntasach é seo ní hamháin dóibh féin ach dá dteaghlaigh chomh maith agus tuigimid in OÉ Gaillimh an tionchar a bhíonn aige seo orthu go háirithe orthu siúd atá ag tabhairt aghaidhe ar an ollscoil den chéad uair riamh. Chun cuidiú leo siúd a bheas ag tabhairt faoi chéim ollscoile, cuirtear tacaíocht, eolas agus treoir ar fáil trí Bheolíne do Mhic Léinn na Chéad Bhliana, chun aon cheist faoi aon ghné de shaol na hollscoile a fhreagairt dóibh. Tá fáilte roimh gach mac léinn, tuismitheoirí agus a lucht comhairlithe úsáid a bhaint as an tseirbhís chun cuidiú leis an aistear chuig OÉ Gaillimh.”

Féadfaidh mic léinn, tuismitheoirí agus lucht comhairlithe teagmháil a dhéanamh le Beolíne Mhic Léinn na Chéad Bhliana ar 091 493999, ceist a chur ar líne ag http://www.nuigalway.ie/askus nó cuairt a thabhairt ar http://www.nuigalway.ie/new-students/

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext