Autumn Conferrings at NUI Galway

Charlie Byrne, Dr Jim Browne, NUI Galway President, and Patricia Burke Brogan.
Oct 17 2014 Posted: 09:43 IST

Three Honorary Masters Degrees will also be presented

Almost 3,000 students will graduate from NUI Galway during the Autumn Conferring Ceremonies which take place from 18-24 October. The University will also confer three Honorary Masters Degrees during the ceremonies on Carl Hession, Charlie Byrne and Patricia Burke Brogan.

Carl Hession - Masters of Music honoris causa: For over 30 years, Carl has been involved with music in Galway, primarily in Coláiste Iognáid where he teaches. In addition to his teaching, his association with and contribution to the school’s annual show and other events as composer and musical director is also highly regarded. Carl has designed and taught the Music Methodology on NUI Galway’s Professional Diploma in Education programme. In recent years as Musical Director for the University’s Medical Orchestra, he has helped rekindle and support the development of students’ musical talents, and to promote music engagement amongst students within the School of Medicine. Carl’s composition ‘Rhythm of the Dance’ and his most recent involvements with the Moscow Ballet are testament to his dedication and talent as a composer.

Charlie Byrne - Masters of Arts honoris causa: Founder and owner of Charlie Byrne’s Bookshop which opened in 1988 as a market stall, the shop has grown successfully over the years and is now recognised as one of Ireland’s most successful bookshops. The business has become a cultural venue in Galway City, hosting book launches, readings, signings, poetry slams, musical evenings, art exhibitions and book clubs, and in 2013 he was awarded the Irish Times Bookshop of the Year award. A native of Longford, Charlie graduated from
NUI Galway with a Bachelor of Arts in 1981.

Patricia Burke Brogan - Masters of Arts honoris causa: Born in Co. Clare and now living in Galway City, Patricia is an internationally renowned poet, playwright and painter. Her paintings and graphics have been exhibited widely, both nationally and internationally, and has won many awards for her plays, poems, graphics and short stories. Her stage play Eclipsed, first produced in 1992, was presented with a Fringe First at the Edinburgh Theatre Festival that year and has since been produced all over the world and been translated into many languages, including Japanese for a recent production in Tokyo. Her memoir was published earlier this year.

In advance of the conferring ceremonies, Dr Jim Browne, President of NUI Galway, said: “NUI Galway is fortunate to be associated with many outstanding honorary graduates throughout its history. This week we are proud to honour Carl Hession, Charlie Byrne and Patricia Burke Brogan. Each of these individuals has made an outstanding and distinctive contribution to the diverse fields of music, education, literature and the arts. NUI Galway is very pleased to be in a position to recognise their exceptional talents and achievements.”

The annual Autumn Conferring Ceremonies will begin with the Centre for Adult Learning and Professional Development ceremonies, where awards will be conferred on almost 950 students who completed their certificate, diploma and degree courses at many locations across the country.

-ENDS-

Bronnadh an Fhómhair in OÉ Gaillimh

Bronnfar Trí Chéim Mháistreachta Oinigh chomh maith

Bainfidh beagnach 3,000 mac léinn céim amach in OÉ Gaillimh sna Searmanais Bhronnta Céime a bheidh ar bun idir an 18-24 Deireadh Fómhair. Bronnfaidh an Ollscoil Céim Mháistreachta Oinigh ar an triúr seo a leanas: Carl Hession, Charlie Byrne agus Patricia Burke Brogan.

Carl Hession - Céim Mháistreachta sa Cheol honoris causa: Le breis is 30 bliain, tá baint ag Carl le ceol i nGaillimh, go príomha i gColáiste Iognáid áit ina bhfuil sé ina mhúinteoir. Le cois na múinteoireachta, tá ardmheas ar a chuid oibre mar chumadóir agus mar stiúrthóir ceoil ar sheó bliantúil na scoile agus ar imeachtaí eile. Is é Carl a dhear agus a mhúin an Mhodheolaíocht Cheoil ar an Dioplóma Gairmiúil san Oideachas in OÉ Gaillimh. Le blianta beaga anuas agus é ina Stiúrthóir Ceoil le Ceolfhoireann Leighis na hOllscoile, chuidigh sé chun buanna ceoil na mac léinn a athmhúscailt agus a chothú, agus chun rannpháirtíocht cheoil a chur chun cinn i measc na mac léinn i Scoil an Leighis. Is teist iad ceapadóireacht Carl ar ‘Rhythm of the Dance’ agus an obair is déanaí a bhí idir lámha aige le Ballet Mhoscó ar a dhíograis agus a bhua mar chumadóir.

Charlie Byrne - Céim Mháistreachta sna Dána honoris causa: Is é Charlie bunaitheoir agus úinéir Charlie Byrne’s Bookshop a d'oscail in 1988 mar stalla margaidh. Tá fás agus forbairt tagtha ar an siopa thar na blianta agus tá sé aitheanta anois ar cheann de na siopaí leabhar is rathúla in Éirinn. Ionad cultúrtha atá sa ghnó anois i gCathair na Gaillimhe, agus bíonn leabhair á seoladh, á léamh, agus á síniú ann, mar aon le hócáidí filíochta, oícheanta ceoil, taispeántais ealaíne agus clubanna leabhar agus bronnadh gradam an Irish Times do Shiopa Leabhar na Bliana ar an siopa sa bhliain 2013. Is as Longford ó dhúchas é Charlie, agus bhronn OÉ Gaillimh Céim sna Dána air sa bhliain 1981.

Patricia Burke Brogan - Máistreacht sna Dána honoris causa: Rugadh Patricia i gCo. an Chláir agus tá sí anois ag cur fúithi i gCathair na Gaillimhe agus is file, drámadóir agus péintéir í a bhfuil cáil idirnáisiúnta uirthi. Bhí péinteálacha agus grafaicí léi ar taispeáint go forleathan, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, agus is iomaí duais atá bainte amach aici as a cuid drámaí, dánta, grafaicí agus gearrscéalta. Cuireadh a dráma Eclipsed ar stáitse den chéad uair sa bhliain 1992, agus bronnadh duais Fringe First air ag Féile Amharclannaíochta Dhún Éideann agus ó shin i leith tá sé curtha ar stáitse ar fud an domhain agus tá sé aistrithe go teangacha eile lena n-áirítear an tSeapáinis do léiriú a rinneadh le gairid air i Tóiceo. Foilsíodh a cuimhní cinn níos luaithe i mbliana.

Ag labhairt dó roimh na searmanais bhronnta, dúirt an Dr Jim Browne, Uachtarán OÉ Gaillimh: “Tá an t-ádh ar OÉ Gaillimh a bheith bainteach leis an oiread sin céimithe oinigh den scoth ó bunaíodh an Ollscoil. An tseachtain seo, táimid bródúil céim oinigh a bhronnadh ar Carl Hession, ar Charlie Byrne agus ar Patricia Burke Brogan. Tá a c(h)ion féin déanta ag gach céimí oinigh daoibh seo i réimsí éagsúla an cheoil, an oideachais, na litríochta agus na ndán. Is cúis áthais dúinn anseo in OÉ Gaillimh an deis a bheith againn aitheantas a thabhairt don tallann agus don tsárobair atá déanta ag na daoine seo.”

Cuirfear tús le Searmanais bhliantúla Bhronnadh Céimeanna an Fhómhair leis na searmanais an Ionaid Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh, áit a mbronnfar dámhachtainí ar bheagnach 950 mac léinn a chríochnaigh a gcúrsaí teastais, dioplóma agus céime in ionaid éagsúla ar fud na tíre.

-CRÍOCH-

Marketing and Communications Office

PreviousNext