NUI Galway’s Summer Conferring

Medical Graduation Class
Jun 18 2015 Posted: 15:44 IST

NUI Galway today (18 June) conferred degrees on almost 260 students. Among that number, 61 were conferred with doctoral degrees.

The largest cohort of students to graduate was over 120 future doctors who received their Honours Bachelor of Medicine, Bachelor of Surgery, and Bachelor of Obstetrics (MB, BCh, BAO) degree.

Among the cohort of medical students, Cillian McNamara from Ennis, Co. Clare received 5 out of 14 Final Medical Medals for his outstanding academic performance. Every year, NUI Galway awards the Final Medical Medals to the student who receives the highest mark in each subject area.

Speaking at the ceremony, President of NUI Galway, Dr Jim Browne, said: Speaking at the ceremony, President of NUI Galway, Dr Jim Browne, said: “On behalf of NUI Galway, I congratulate each of today’s graduates. It is very encouraging to see the number of research and graduate degrees which we are conferring today. These graduate numbers continue to grow. From a base of about 50 doctorates per year at the turn of the millennium, we now confer up to 4 times that number annually.”

President Browne added words of encouragement to graduates conferred at the ceremony: “Our economy is clearly turning a corner. Have hope and courage. You have what it takes to make the difference to our society. The opportunities that you have to create your own environment and to shape your own futures are enormous.”

The President also remembered the Irish students lost in the devastating tragedy in Berkeley, California saying: “We wish to extend our deepest sympathies to all of their families, classmates and friends at this time. The University also remembers our colleagues at other Institutions who are in mourning. We think too of the injured students and we send our very best wishes for their full recovery.”

International students were well represented at the ceremony, with the University conferring a large number of graduates from Malaysia and Canada, among other countries.

-Ends-

Searmanas Bronnta an tSamhraidh in OÉ Gaillimh

Bronnadh céimeanna ar bhreis is 260 mac léinn inniu (18 Meitheamh) in OÉ Gaillimh. Ina measc siúd, bronnadh céimeanna dochtúireachta ar 61 mac léinn.

Ar an ngrúpa is mó díobh bronnadh Baitsiléir Onóracha sa Leigheas, Baitsiléir sa Mháinliacht agus Baitsiléir sa Chnáimhseachas (MB, BCh, BAO) ar bhreis is 120 ábhar dochtúra.

Fuair Cillian McNamara as Inis i gCo. an Chláir, duine de na mic léinn leighis, 5 Bhonn don Bhliain Deiridh Leighis as 14 Bhonn dá fheidhmíocht acadúil. Gach bliain, bronnann OÉ Gaillimh Boinn Deiridh Leighis ar an mac léinn leis an marc is airde i ngach ábhar.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr Jim Browne le linn an tsearmanais: “Thar ceann OÉ Gaillimh, tréaslaím le gach duine agaibh. Ábhar misnigh dúinn ar fad is ea go bhfuil an oiread sin céimeanna taighde agus iarchéimeanna á mbronnadh againn inniu. Tá níos mó agus níos mó céimeanna á mbronnadh againn bliain i ndiaidh bliana. Bhíodh 50 céim dhochtúireachta in aghaidh na bliana á mbronnadh againn ag tús an chéid ach bronntar a cheithre oiread sin anois gach bliain.”

Dúirt an tUachtarán leis na céimithe gur cheart dóibh aghaidh a thabhairt ar na blianta amach rompu le teann dóchais: “Is cinnte go bhfuil borradh ag teacht faoi chúrsaí eacnamaíochta. Bíodh misneach agus dóchas agaibh. Tá an cumas ag gach duine agaibh dul i bhfeidhm ar an tsochaí ar shlí éigin. Níl teorainn ar bith leis na deiseanna atá agaibhse an cineál saoil is mian libh a chruthú daoibh féin agus lántairbhe a bhaint as na deiseanna a thiocfaidh in bhur dtreo sna blianta amach romhainn.”

Labhair an tUachtarán chomh maith ar na mic léinn Éireannacha a bhásaigh go tragóideach in Berkeley, California: “Ba mhaith linn comhbhrón ó chroí a dhéanamh leis na teaghlaigh, comhghleacaithe ranga agus cairde ag an am brónach seo. Tá an Ollscoil ag cuimhneamh ar ár gcomrádaithe in Institiúidí eile atá faoi bhrón. Ní féidir linn dearmad a dhéanamh ach an oiread ar na mic léinn a gortaíodh agus guímid go dtiocfaidh biseach orthu go luath.”

Bhí roinnt mhaith mac léinn idirnáisiúnta i láthair chomh maith ag an searmanas, agus an Ollscoil ag bronnadh céimeanna ar lear mór céimithe as an Malaeisia agus as Ceanada, i measc tíortha eile.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories