Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge 2015

Sep 30 2015 Posted: 09:34 IST

Beidh an ceathrú comhdháil is fiche ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge á reáchtáil ag Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, ar an Aoine agus ar an Satharn 9-10 Deireadh Fómhair.

Is í an chomhdháil seo an t-aon chomhdháil bhliantúil ollscoile dá leithéid a reachtáiltear go hiomlán trí Ghaeilge. Is iad An tOllamh Barry McCrea, Ollscoil Notre Dame, An Dr Caitríona Ó Dochartaigh, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus Darach Mac Con Iomaire, Stiúrthóir agus Scríbhneoir aoichainteoirí Chomhdháil 2015.

Mar chuid den chomhdháil, seolfaidh an tOllamh Nollaig Mac Congáil an saothar teangeolaíochta Suirbhé ar Ghaeilge Labhartha Árann, Co. na Gaillimhe, leis an Dr Séamas Ó Direáin. Beidh an suirbhé cuimsitheach seo ar chanúintí Árann ar fáil saor in aisce ar líne ar aranirish.nuigalway.ie.

Ina theannta sin, seolfar an leabhar Cruinneas le hAntain Mac Lochlainn agus Amhráin na Midhe: Athchóiriú agus Aistriúcháin le Lesa Ní Mhunghaile. Beidh na seoltaí ar siúl in Áras na Gaeilge, OÉ, Gaillimh.

Deir an Dr Rióna Ní Fhrighil, Cathaoirleach an choiste eagraithe: “Comhdháil ar leith í seo a chothaíonn an scoláireacht agus an taighde trí mheán na Gaeilge. Cé go mbeidh go leor réimsí éagsúla taighde á bplé i rith na comhdhála, beidh béim ar leith ar an gceangal idir litríocht na Gaeilge agus an Eoraip i mbliana.”

Tá clár iomlán na comhdhála ar fáil ar www.comhdhail.com.

 

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories