Coimisinéirí Teanga i mbun Comhdhála Idirináisiúnta i nGaillimh

Mar 04 2016 Posted: 16:08 GMT

Déanfar Comhdháil Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga a reáchtáil i nGaillimh idir Dé Luain 7 Márta agus Dé Céadaoin 9 Márta.Is é Uachtarán na hÉireann, Michael D Higgins, a dhéanfaidh imeachtaí na Comhdhála a sheoladh go hoifigiúil oíche Dé Luain 7 Márta san Aula Maxima in OÉ Gaillimh. Is é an tOnórach an Breitheamh Adrian Hardiman, Cúirt Uachtarach na hÉireann, a thabharfaidh Léacht na Comhdhála.

Beidh teacht ar bheoshruth idirlín de Sheoladh Oifigiúil agus de Léacht na Comhdhála ar chainéal Youtube OÉ Gaillimh oíche Dé Luain.

Is é An Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, agus Oifig an Choimisinéara Teanga atá i mbun na Comhdhála seo a eagrú i gcomhpháirt le hOÉ Gaillimh. Beidh Coimisinéirí Teanga ó na tíortha seo a leanas ag freastal ar imeachtaí na Comhdhála: Ceanada, An Bhreatain Bheag, An Chosaiv, An Chatalóin, Tír na mBascach agus An Bheilg. Beidh cuairteoirí gradamúla eile ag freastal ar an gComhdháil ón Nua-Shéalainn, Albain agus an Fhionlainn.

Dúirt an Dr John Walsh agus Dónall Ó Braonáin ó OÉ Gaillimh:
‘Beartas suntasach a bhí in Acht na dTeangacha Oifigiúla don phobal teanga sa stát seo. Léiríonn clár na comhdhála seo cén tábhacht idirnáisiúnta a bhaineann le cearta, stádas agus úsáid teangacha sa saol poiblí i ndlinsí agus i stáit éagsúla. Ceisteanna iad seo a bhfuil aird phobal na Gaeilge orthu ó rinneadh athbhreithniú ar an Acht le deireanas agus tá áthas ar OÉ Gaillimh a bheith ag obair i gcomhpháirt leis an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, agus an chomhdháil seo á reáchtáil i nGaillimh den chéad uair.’

Is in Óstán Chuan na Gaillimhe a dhéanfar seisiúin phoiblí na comhdhála a reáchtáil Dé Máirt 8 agus Dé Céadaoin 9 Márta. Tá clár iomlán na Comhdhála le fáil ar shuíomh idirlín an Choimisinéara Teanga ag www.coimisineir.ie

I measc na n-ábhar a phléifear le linn na comhdhála, beidh:

Fás agus Forás: Éabhlóid an Dlí Teanga: Meri Huws, Coimisinéir Teanga, An Bhreatain Bheag;
Bart Weekers, Ombudsman na bPléimeannach; Katherine D’Entremont, Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla,New Brunswick; Rafael Ribó, Ombudsman na Catalóine.

Glór mo Mhuintire: Teanga & Féiniúlacht: Slaviša Mladenović, Coimisinéir Teanga, An Chosaiv;
François Boileau, Coimisinéir do Sheirbhísí Teanga nanFraincise, Ontario; Manuel Lezertua, Ararteko - Ombudsman Thír na mBascach.

Cearta Mionteangacha in Aois na Móréagsúlachta Teangeolaíche:Stephen May, Ollscoil Auckland, An Nua-Shéalainn.

Ról na Reachtaíochta i gCosaint Cearta Teanga: John Walsh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh;
Tadhg Ó hIfearnáin, Ollscoil Luimnigh.

Beart de Réir ár mBriathair: Feidhmiú Reachtaíocht Teanga: Deirdre Ní Loingsigh, Ollscoil Luimnigh;
Máire Seó Breathnach, Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge; Dyfan Sion, Oifig an Choimisinéara Teanga, An Bhreatain Bheag.

Ról na Féiniúlachta i Saothar Robert Flaherty: Sandra Inutiq, Coimisinéir Teanga, Nunavut

Tuaisceart Éireann; Cearta Teanga & Acht Teanga: Robert Dunbar, Ollscoil Dhún Éideann, Albain

Oideachas Trí Ghaeilge; sa Ghaeltacht, Taobh Amuigh den Ghaeltacht & i dTuaisceart Éireann: Muireann Ní Mhóráin, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta; Bláthnaid Ní Ghréacháin, Gaelscoileanna Teoranta; Liam Ó Flannagáin, Comhairle na Gaelscolaíochta.

An Tábhacht le Teanga i Luath-Oideachas – Dearcadh ón Fhionlainn: Pär Stenbäck, Aire Stáit, An Fhionlainn

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories