Páirtnéireacht nua oiliúna idir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus RTÉ

Eoghan Breathnach, Meánscoil San Nioclás, An Rinn, Co. Phort Láirge
May 10 2016 Posted: 09:24 IST

Cuirfear tús le páirtnéireacht nua idir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, agus RTÉ inniu (Dé Luain, 9 Bealtaine). Reachtálfar cúrsa cumarsáide san Acadamh ar an gCeathrú Rua dírithe ar dhaltaí idirbhliana ó cheann ceann na tíre. Mairfidh an cúrsa ar feadh seachtaine agus cuirfear oiliúint ar na rannpháirtithe i léiriú míreanna raidió agus teilifíse. Is ó scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna a thiocfaidh na daltaí. 

Beidh an cúrsa faoi stiúr Kevin Burns, léiritheoir ar an gclár teilifíse Prime Time. Beidh baill foirne agus iarmhic-léinn an Acadaimh ar an gCeathrú Rua páirteach ann chomh maith. Le linn do na daltaí a bheith ar an gcúrsa, tabharfaidh siad cuairt ar na meáin i gConamara, ar roinnt comhlachtaí léiriúcháin, agus ar phríomhchampas OÉ Gaillimh, áit a dtabharfar léargas dóibh ar Léann na Meán mar ábhar ollscoile. Beidh deis acu bualadh le cuid de chraoltóirí na Gaeilge agus a bheith ag breathnú ar chláir teilifíse agus raidió a gcraoladh beo.

Tá an pháirtnéireacht luaite sa cháipeis, ‘Meáin Ghaeilge RTÉ: Plean Gníomhaíochta 2015 – 2019’ a leag amach straitéis RTÉ i leith na Gaeilge do na blianta atá romhainn. Luaitear ceannródaíocht ó thaobh na cruthaitheachta agus na nuála sna meáin chumarsáide Ghaeilge mar chuid den chur chuige i bplean gníomhaíochta RTÉ. Cuideoidh an pháirtnéirecht idir an tAcadamh agus an craoltóir náisiúnta an plean a fheidhmiú trí acmhainní agus saineolas a roinnt.

Chuir Príomhfheidhmeannach an Acadaimh, Dónall Ó Braonáin, fáilte roimh an pháirtnéireacht nua le RTÉ: “Tá roghanna úra ar fáil do mhic léinn tabhairt faoin gcéim GY122 Cumarsáid agus Gaeilge nó Léann na Cumarsáide a roghnú mar ábhar ar an gnáthchéim sna dána GY101. Tá súil agam go bhfeicfimid cuid de na daltaí a bheidh linn ar feadh seachtaine ag tabhairt faoi chuid de na roghanna seo sna blianta atá le teacht.”

Dúirt Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire: “Seo cuid thábhachtach de thiomantas nua RTÉ i leith na Gaeilge agus muid ag iarraidh an chéad ghlúin eile de chraoltóirí a fhorbairt i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Fáiltíonn muid ach go háirithe roimh an gcomhoibriú seo leis an Acadamh agus súil againn cur leis sna blianta atá amach romhainn.”

Tá súil an scéim phiolótach a fhorbairt agus a leathnú i dtreo is go rachaidh sí chun tairbhe daltaí dara leibhéal ar fud na tíre gur spéis leo Léann na Cumarsáide.

Ar na cúrsaí cumarsáide a chuireann an tAcadamh ar fáil tá GY122 BA Cumarsáid agus Gaeilge; an t-ábhar Léann na Cumarsáide ar GY101 BA Dhá Ábhar Onóracha; GYA93 MA sa Chumarsáid (lánaimseartha) agus GYA50 MA sa Chumarsáid (páirtaimseartha).

-Críoch-

New Training Partnership Between Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge and RTÉ

A new partnership between Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, NUI Galway and RTÉ will commence today (Monday, 9 May). A week-long communications course, aimed at Transition Year students, will take place in the Acadamh in An Cheathrú Rua. The participants, who will learn how to produce radio and television, will be drawn from Gaeltacht schools and Gaelscoileanna throughout Ireland.

The training will be overseen by Kevin Burns, a producer with the RTÉ Prime Time programme. Staff members and past students of Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge will also participate. While in Connemara, the students will have an opportunity to visit locally based Irish language media, they will be afforded a chance to observe live radio and television broadcasts and meet some of the broadcasters. Participants will also visit NUI Galway’s main campus, where they will learn about media studies as a university subject. 

The new partnership is mentioned in ‘Meáin Ghaeilge RTÉ: Action Plan 2015 – 2019’ a document which sets out the national broadcaster’s Irish language strategy for the next number of years. The plan champions creativity and innovation in Irish language media and the partnership between the Acadamh and RTÉ will help to realise this.

Dónall Ó Braonáin, Chief Executive of Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, NUI Galway, said: “There are new choices available to students with GY122 Cumarsáid agus Gaeilge or Léann na Cumarsáide as a subject on GY101, the traditional arts degree programme in NUI Galway. I hope we will see some of the students attending the week-long course on these degree programmes over the coming years.”

Rónán Mac Con Iomaire, RTÉ Group Head Irish Language, said: “This is an important part of RTÉ’s commitment to the Irish language as we endeavour, in association with Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, to develop a new generation of broadcasters. We especially welcome the cooperation with the Acadamh and hope to develop this in the years to come.”

It is hoped to develop this pilot scheme as part of the new initiative to benefit students throughout the country who are interested in media studies and communications.

Media courses offered by the Acadamh include GY122 BA Cumarsáid agus Gaeilge; the subject Léann na Cumarsáide on GY101 BA Arts (Joint-Honours); GYA93 MA sa Chumarsáid (full-time) and GYA50 MA sa Chumarsáid (part-time).

-Ends-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories