New degrees in Arts and Commerce to be showcased at Open Day

Sep 28 2016 Posted: 10:30 IST

4,000 students, parents and teachers expected from 7-8 October as rise in rankings peaks interest

 Following on from NUI Galway’s sensational rise in international rankings, the University is gearing up for its annual autumn Undergraduate Open Day. Thousands of visitors are expected on Friday 7 and Saturday 8 October to see first-hand what NUI Galway has to offer.

There is a packed programme of events lined up for the two days, including 50 sample subject talks designed to give students a real insight into their options. Among the new courses on offer are Bachelor of Commerce - Global Experience, BSc. in Applied Social Sciences, and the BA (Children’s Studies).

Lecturers and current students will be available at over 80 subject-specific stands in the main exhibition area in the Bailey Allen Hall. They will answer questions on courses, CAO points, employability, career progression routes, and other information such as accommodation and fees.

Hands-on science workshops and interactive sessions in Engineering and IT systems and robotics and tours of the campus, will run throughout the day.

“At a time when secondary school students are looking to choose courses, the University’s success in rankings is hugely significant. We are now in the Top 250 in the world and this is attracting more interest than ever in what we have to offer,” explains Niamh Connolly, Marketing Officer at NUI Galway. Choosing a university is one of the most important decisions a student will ever make and our Open Day is the perfect opportunity to explore the campus and decide for yourself whether this university feels right for you.

Niamh Connolly added: “Guidance Counsellors and Parents play a key role in supporting students as they take this important next step, so our Open Days are designed to ensure they can access all of the information they need to support the CAO decision making process.”

There is a special information session for Guidance Counsellors on Friday, 7 October. There will also be a specific programme for parents on Saturday, 8 October, which will provide parents and students with information on important issues such as fees and funding, careers, accommodation and support services for students

Talk highlights over the two days include:

  • Sports at NUI Galway- meet a team of coaches and learn more about Sport at the University
  • Career talks - “Where are the jobs? What are my employment prospects after University?”
  • SUSI – Applying for a student grant
  • Creative Arts Performance Points- bonus CAO performance points

To get the most out of the Open Days, which run from 9am to 3pm, visitors are encouraged to view the timetable of talks and full programme in advance at http://www.nuigalway.ie/opendays/programme/.

To find out more visit www.nuigalway.ie/opendays, phone +353 91 494398 or email visit@nuigalway.ie.

-Ends-

Céimeanna nua sna Dána agus sa Tráchtáil á gcur i láthair ag an Lá Oscailte

Súil le 4,000 mac léinn, tuismitheoir agus múinteoir an 7-8 Deireadh Fómhair de bharr ardú na hOllscoile sna ranguithe

Ó tharla gur éirigh chomh maith sin le OÉ Gaillimh sna ranguithe idirnáisiúnta, tá sodar faoin réiteach anois do Lá Oscailte Fochéime an Fhómhair. Tá súil leis na mílte cuairteoir Dé hAoine, an 7 agus Dé Sathairn, an 8 Deireadh Fómhair chun go bhfaighidh siad léargas dóibh féin ar an méid atá ar tairiscint in OÉ Gaillimh.

Tá clár imeachtaí den scoth beartaithe don dá lá, 50 caint éagsúla ar ábhair chun léargas ceart a thabhairt do mhic léinn ar a gcuid roghanna. I measc na gcúrsaí nua atá ar fáil tá Baitsiléir sa Tráchtáil - Taithí Idirnáisiúnta, BSc. in Eolaíochtaí Sóisialta Feidhmeacha, agus an BA (Staidéar Leanaí).

Beidh léachtóirí agus mic léinn reatha ar fáil ag breis is 80 seastán ábhair sa phríomhlimistéar taispeántais i Halla Bailey Allen. Beidh siad ar fáil chun ceisteanna a fhreagairt faoi chúrsaí, pointí CAO, deiseanna fostaíochta agus gairmeacha beatha, agus lóistín agus táillí.

Beidh ceardlanna praiticiúla eolaíochta agus seisiúin idirghníomhacha in Innealtóireacht agus i gcórais IT agus róbataic chomh maith le turais den champas, ar siúl ar feadh an lae.

“Is anois atá gasúir meánscoile ag roghnú cúrsaí mar sin tá rangú na hOllscoile thar a bheith tábhachtach. Tá seasamh againn anois sa 250 ollscoil is fearr ar domhan agus ní raibh an oiread suime riamh roimhe seo sa mhéid atá le tairiscint againn,” a deir Niamh Connolly, Oifigeach Margaíochta in OÉ Gaillimh. Ceann de na cinntí is tábhachtaí a dhéanfaidh mac léinn go brách an ollscoil a bhfreastalóidh sé/sí uirthi a roghnú agus is iontach an deis í seo dul ag spaisteoireacht mórthimpeall an champais agus ansin cinneadh a dhéanamh an mian leo freastal ar OÉ Gaillimh amach anseo.

Dúirt Niamh Connolly chomh maith: “Tá ról tábhachtach ag Múinteoirí Gairmthreorach agus ag tuismitheoirí tacú le mic léinn agus iad i mbun an cinneadh sin a dhéanamh, agus bíonn na Laethanta Oscailte ann chun go mbeidh an t-eolas ar fáil atá uathu chun cinneadh a dhéanamh faoin bpróiseas CAO.”

Tá seisiún eolais speisialta do Mhúinteoirí Gairmthreorach againn Dé hAoine, an 7 Deireadh Fómhair. Beidh clár speisialta do thuismitheoirí chomh maith Dé Sathairn, an 8 Deireadh Fómhair, a thabharfaidh eolas do thuismitheoirí agus do mhic léinn faoi cheisteann móra cosúil le táillí agus maoiniú, gairmeacha, lóistín agus seirbhísí tacaíochta do mhic léinn.

I measc na bpríomhchainteanna tá siad seo a leanas:

  • Spórt in OÉ Gaillimh - beidh foireann traenálaithe i láthair agus foghlaimeoidh tú níos mó faoi Spórt san Ollscoil
  • Gairmeacha - “Cá bhfuil na poist? Cá mbeidh mo thriail i ndiaidh na hOllscoile?”
  • SUSI – Iarratas a dhéanamh ar dheontas
  • Pointí Breise do na hEalaíona Cruthaitheacha - pointí breise CAO

Chun an tairbhe is fearr a bhaint as na Laethanta Oscailte, a bheas ar siúl ó 9am go dtí 3pm gach lá, moltar do chuairteoirí breathnú ar amchlár na gcainteanna agus ar an gclár iomlán roimh ré ag http://www.nuigalway.ie/opendays/programme/.

Tá tuilleadh eolais le fáil ar www.nuigalway.ie/opendays, guthán +353 91 494398 nó ríomhphost visit@nuigalway.ie.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories