TG4 FOGHLAIM

Ó Chlé: Sorcha Ní Chéide; Dónall Ó Braonáin, Príomhfheidhmeannach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh; agus Lís Ní Dhálaigh, TG4
Feb 03 2017 Posted: 10:44 GMT

Acmhainn Nua Oideachais do Bhéaltriail Ghaeilge na hArdteistiméireachta.

Tá TG4 i gcomhar le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh tar éis suíomh nua físe a chur ar fáil ar www.tg4.ie/foghlaim do dhaltaí iar-bhunscoile atá ag ullmhú do Bhéaltriail Ghaeilge na hArdteistiméireachta.

Beidh an file clúiteach as Dún na nGall, Pádraig Mac Suibhne (‘Colscaradh’), ag seoladh an tsuímh go hoifigiúil an 02 Féabhra 2017 ag 1.30 in Áras na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i gcuideachta daltaí Ardteiste ó Choláiste na Coiribe, Gaillimh. 

Is acmhainn nua oideachais closamhairc TG4 Foghlaim, atá curtha in oiriúint do riachtanais dhaltaí na hArdteistiméireachta, ach is féidir le foghlaimeoirí ar leibhéal ar bith an t-ábhar seo a úsáid lena gcuid scileanna Gaeilge a fhorbairt. Tá an acmhainn seo ar fáil saor in aisce do dhaltaí agus d’fhoghlaimeoirí eile in Éirinn agus ar fud an domhain.

Is furasta an suíomh gréasáin nua seo a úsáid agus beidh ábhar nua á chur ar fáil ann go leanúnach; ag tús gach seachtaine i rith na scoilbhliana, cuirfear cleachtaí nua in airde ann atá bunaithe ar mhíreanna físe ó scoth na gclár ar TG4. Tá na ceachtanna féin bunaithe ar thopaicí an tSiollabais Ardteistiméireachta agus ar fáil saor in aisce.

Lena chois sin, beidh léiriú físe ar fáil ar TG4 Foghlaim ar bhrí liteartha agus ar bhrí mheafarach na ndánta atá ar an Siollabas, mar aon le próifíl iomlán ar na filí agus cur síos ar chúlra na ndánta.

Is comhpháirtíocht idir TG4 agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh an togra seo agus táthar ag súil go rachaidh sé chun tairbhe do dhaltaí agus do mhúinteoirí araon. Deir Leascheannasaí TG4, Pádhraic Ó Ciardha, go bhfuil an togra seo curtha le chéile mar thoradh ar iarratais go leor atá déanta ag múinteoirí (agus a gcuid daltaí) ar an gcainéal le beagán blianta: Is cóir agus is deas linn togra oideachasúil mar seo a sheoladh mar chruthúnas breise ar an leas poiblí a dhéanann TG4 ag cur na Gaeilge chun cinn ar fud na cruinne.”

Leagann Príomhfheidhmeannach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Dónall Ó Braonáin, béim ar thábhacht an togra: “Is iontach go bhfuil taighde ceannródaíoch ar an sealbhú teanga á roinnt ar mhúinteoirí agus mic léinn ardteistiméireachta a bhuíochas d’acmhainní foghlama den chéad scoth.”

Tuilleadh eolais ó caroline.ni.dhubhchoin@tg4.ie nó 091 505050.

-Críoch-

TG4 FOGHLAIM

Oral Irish Leaving Certificate Examination Resource

TG4 has teamed up with NUI Galway to create TG4 Foghlaim, an innovative and attractive  new audiovisual resource website that will prove of great assistance to postprimary students preparing for the Oral Irish Leaving Certificate Examination.

Renowned poet, Pádraig Mac Suibhne, whose poem ‘Colscaradh’ features on the Irish Leaving Certificate Syllabus, will launch the site officially on Thursday the 2nd of February at 1.30 in Áras na Gaeilge in NUI Galway. Pádraig will be joined by TG4 presenter Fiona Ní Fhlatharta and TG4’s Deputy CEO, Pádhraic Ó Ciardha. Dónall Ó Braonáin, CEO of Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge will also be present together with Leaving Certificate students from Coláiste na Coiribe, Gaillimh.

TG4 Foghlaim aims to ensure that students are well-informed on topics relevant to the Oral Irish exam, which is worth 40% of the overall subject grade. Other learners of all levels and ages, both nationally and internationally, are also encouraged to avail of the website free of charge to improve their oral Irish fluency. 

The free, user-friendly site encourages both teachers and students alike to engage with audiovisual content and downloadable lesson plans. TG4 Foghlaim has been careful to maintain a balance between the three major dialects that are represented in its content. This has been extracted from popular TG4 programmes or created exclusively for TG4 Foghlaim.

The new aid also offers visual interpretations of the poetry set for the Oral Exam. These interpretations not only explore the literal and metaphorical meanings of the poems, but also feature video profiles of the five poets who composed the works in question.

This new project is the latest is a series of partnerships between TG4 and NUI Galway for the benefit of both students and teachers alike. TG4’s Deputy CEO,Pádhraic Ó Ciardha, has revealed that this project has been the result of regular and increasing feedback from  both teachers and students  over recent years: “We are delighted to launch this important and highly visual project which illustrates the importance that TG4 places on the development of Irish throughout the world.”

CEO of Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Dónall Ó Braonáin, points to the relevance of the project: “It is terrific that Leaving Certificate students and teachers will benefit directly from leading research in language acquisition through first-class learning resources.”

More information from caroline.ni.dhubhchoin@tg4.ie or 091 505050

 -Ends-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories