Ceiliúradh in OÉ Gaillimh ar Mhic Léinn a rinne Éacht san Ardteistiméireacht

Oct 17 2017 Posted: 10:23 IST

Rinneadh ceiliúradh in OÉ Gaillimh le gairid ar ghrúpa ar leith mac léinn chéad bhliana ag searmanas speisialta an tseachtain seo caite, mar aitheantas ar na pointí arda a ghnóthaigh siad i Scrúdú na hArdteistiméireachta. Mar chuid de shearmanas bliantúil na hOllscoile le Scoláireachtaí Sármhaitheasa a bhronnadh, bronnadh scoláireachtaí ar fiú €1,500 iad ar 56 mac léinn.

Bronntar na Scoláireachtaí Sármhaitheasa gach bliain ar mhic léinn atá díreach tosaithe ag freastal ar OÉ Gaillimh agus a fuair 560 pointe, ar a laghad, i Scrúdú na hArdteistiméireachta, seachas mic léinn Leighis. Sa Leigheas, bronnadh deich Scoláireacht bunaithe ar thorthaí na hArdteistiméireachta agus na Tástála Iontrála nua (H-PAT Ireland) araon.

Tá na Scoláireachtaí Sármhaitheasa ann chun luach saothair a thabhairt do na daltaí is fearr a n-éiríonn leo san Ardteistiméireacht, agus chun a dtiomantas leanúnach i sárchaighdeán acadúil a spreagadh le linn a dtréimhse in OÉ Gaillimh. D’fhéadfaí go mbeadh scoláireachtaí nó deontais eile ag an té a fhaigheann na scoláireachtaí seo, Scoláireachtaí Iarchéime na hOllscoile, Scoláireachtaí do Mhic Léinn Lánfhásta, Scéim Scoláireachtaí Spóirt na hOllscoile agus scéimeanna a bhaineann go sonrach le coláistí agus iad siúd a n-éiríonn thar barr leo sna scrúduithe Ollscoile san áireamh.

Ag labhairt dó roimh bhronnadh na ngradam, bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr Jim Browne: “Is cúis áthais dom na scoláireachtaí seo a bhronnadh ar na daoine sármhaithe seo mar aitheantas ar a gcumas acadúil. Déanann OÉ Gaillimh iarracht i gcónaí tacú le sárchaighdeán acadúil i ngach uile dhisciplín agus é a spreagadh. Tá na Gradaim seo ann le gach mac léinn a spreagadh le lántairbhe a bhaint as a gcumas mar mhic léinn, trí thairseach réalaíoch sárchaighdeáin a leagan amach agus luach saothair a thabhairt do gach mac léinn a bhaineann an leibhéal sin amach. Deis atá ann freisin le haitheantas a thabhairt don tsárobair atá déanta ag a dtuismitheoirí agus ag a múinteoirí.”

I mbliana bronnadh na Scoláireachtaí Sármhaitheasa ar scoláirí ó 37 scoil ar fud na hÉireann. Bronnadh scoláireachtaí ar mhic léinn as na contaetha seo a leanas – An Clár, Corcaigh, Dún na nGall, Gaillimh, Ciarraí, Luimneach, An Longfort, Lú, Maigh Eo, Uíbh Fhailí, Tír Eoghain agus An Iarmhí.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories