Conradh na Gaeilge lena Chartlann a chur i dTaisce in OÉ Gaillimh

Craobh Lárnach de Chonradh na Gaeilge ar turas go dtí Gleann Dá Loch i 1907. Tá Seán T Ó Ceallaigh agus Sinéad Ní Fhlannagáin i láthair.
Oct 03 2017 Posted: 10:02 IST

Beidh OÉ Gaillimh ag feidhmiú mar choimeádaí ar chartlanna fairsinge Chonradh na Gaeilge, an eagraíocht Ghaeilge is ársa in Éirinn a bheidh ag ceiliúradh 125 bliain ar an bhfód an bhliain seo chugainn. Tá sé aontaithe ag Conradh na Gaeilge ábhar cartlainne a bhaineann le tréimhse os cionn céad bliain a chur i dtaisce go buan san Ollscoil, rud a thabharfaidh léargas dosháraithe ar ghnéithe teangeolaíocha, cultúrtha, sóisialta agus polaitiúla a bhaineann leis an am a caitheadh in Éirinn.

English version available here

Ag an ócáid ina ndearnadh sealbhú na cartlainne a fhógairt go foirmiúil, dúirt an Dr John Walsh, Léachtóir Sinsearach le Gaeilge in OÉ Gaillimh: “Cuireann an taisce seo go mór leis na bailiúcháin fhairsinge Ghaeilge atá ag OÉ Gaillimh cheana féin agus tá sé thar a bheith tábhachtach do léann na Gaeilge. Tugann cartlann an Chonartha rochtain nach raibh ar fáil cheana do thaighdeoirí ar fhoinsí príomhúla maidir le forbairt an bheartais teanga i leith na Gaeilge le breis agus céad bliain anuas. Trí staidéar a dhéanamh ar bhailiúchán Chonradh na Gaeilge is féidir linn teacht ar thuiscint níos fearr ar ghluaiseachtaí mionteanga na hEorpa a mbaineann an oiread sin tábhachta leo fós sa lá atá inniu ann.”

Tá ábhar agus comhfhreagras i gcartlann Chonradh na Gaeilge nach bhfacthas cheana a bhaineann le daoine a raibh baint acu le Conradh na Gaeilge le linn stair na heagraíochta cosúil le Dubhghlas de hÍde, Pádraig Mac Piarais agus Tomás Ághas. Tá cáipéisí ann chomh maith ó chraobhacha Chonradh na Gaeilge ar fud na hÉireann, gearrthóga nuachtáin agus ábhar a bhain le feachtais Ghaeilge éagsúla.

Dúirt Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr Jim Browne: “Is cor cinniúnach é seo don dá eagraíocht. Is onóir é do OÉ Gaillimh oibriú le Conradh na Gaeilge agus a bheith ina choimeádaí ar an gcartlann thar a bheith tábhachtach seo. Tá tábhacht i bhfad níos leithne ag baint leis an gcartlann ná an Ghaeilge féin mar go gcuimsíonn sí gnéithe sóisialta, cultúrtha agus stairiúla na hÉireann agus an fhorbairt atá déanta againn mar náisiún. Tá sé thar a bheith fóirsteanach gur in OÉ Gaillimh a bheidh an chartlann seo coinnithe, i bhfianaise thiomantas láidir na hOllscoile i leith na Gaeilge agus an cháil atá orainn mar ionad do léann na cartlannaíochta.”

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, an Dr Niall Comer: “In ainneoin go bhfuil staraithe, an lucht acadúil agus scoláirí ag cur spéise i gcartlann Chonradh na Gaeilge le blianta fada anuas, níorbh é go dtí le himeacht cheart aimsire gur tuigeadh go hiomlán an luach a bhí leis an gcartlann chéanna. Don té a chaitheann am ag breathnú trí ábhar na cartlainne, aithneoidh sé nó sí láithreach go bhfuil insint faoi leith ann ar thréimhse chinniúnach i stair na tíre seo. Anois, leis na pleananna atá ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh maidir le catalógú agus digitiú an ábhair, beidh an tseoid seo ar fáil go forleathan.”

Coimeádfar an chartlann i Seomra Léitheoireachta na mBailiúchán Speisialta in OÉ Gaillimh áit a bhfuil scoth na n-áiseanna do thaighdeoirí. Dúirt Leabharlannaí na hOllscoile, John Cox: “Táimid ag tnúth go mór an chartlann seo a oscailt do chuspóirí taighde agus teagaisc nuair a bheidh catalógú déanta uirthi. Cuirfidh ár bhfoireann cartlainne sainchomhairle ar fáil in úsáid na cartlainne agus gheobhaidh úsáideoirí eolas ar bhailiúcháin fhairsinge Ghaeilge na hOllscoile. Áirítear orthu seo lámhscríbhinní a bhaineann le Dubhghlas de hÍde, bailiúchán Bhairéad d’fhoinsí béaloidis, agus páipéir a bhaineann le daoine mór le rá ón bhfichiú haois cosúil le Pádraig Ó Mathúna, Proinsias Mac Aonghusa agus Éamon de Buitléar.”

Faoin gcomhaontú le Conradh na Gaeilge, fostóidh OÉ Gaillimh cartlannaí chun catalógú a dhéanamh ar an mbailiúchán agus chun cuid de a dhigitiú. D’fhonn a chinntiú go mbainfear an úsáid is fearr as an gcartlann, cuirfidh an Ollscoil an bailiúchán chun tosaigh i measc mac léinn agus taighdeoirí sa bhaile agus thar lear. Ina theannta sin, bunófar Grúpa Sainleasa de shaineolaithe, inmheánach agus seachtrach do OÉ Gaillimh, chun forbairt ghníomhach na cartlainne a chinntiú. Mar chuid de cheiliúradh 125 bliain Chonradh na Gaeilge, reáchtálfar ócáid acadúil san Ollscoil in 2018 nuair a bheidh catalógú déanta ar chuid den ábhar.

CRÍOCH

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories