Clár Laethanta Oscailte OÉ Gaillimh fógartha

Sep 21 2017 Posted: 15:38 IST

Sheol OÉ Gaillimh clár i leith na Laethanta Oscailte fochéime a bheidh ar siúl Dé Aoine agus Dé Sathairn, an 6 agus 7 Deireadh Fómhair. Deis iontach atá sna Laethanta Oscailte do scoileanna, mic léinn, tuismitheoirí agus teaghlaigh blaiseadh a fháil de shaol staidéir OÉ Gaillimh, atá rangaithe i measc an 1% is fearr d’ollscoileanna an domhain, de réir Ranguithe Ollscoile an Domhain QS le gairid.

Túsphointe maith atá sa phríomhthaispeántas i Halla Bailey Allen le breis is 80 seastán d’ábhar ar leith, chomh maith le cuairt a thabhairt ar cheardlanna praiticiúla eolaíochta agus seisiúin idirghníomhacha in Innealtóireacht, córais IT agus Róbataic.  Beidh turais den champas ar siúl ar feadh an dá lá agus tugtar cuireadh do thuismitheoirí freastal ar Chaint do Thuismitheoirí a bheidh ar siúl Dé Sathairn ar 11am agus a bheidh ann arís ar 1pm.

Ar cheann de bhuaicphointí an chláir tá na cainteanna a thugtar ar na scoláireachtaí i dtaca le pointí breise CAO (do mhic léinn a dhéanann éacht i Spóirt nó sna hEalaíona Cruthaitheacha). Ábhar breise atá ar chlár Laethanta Oscailte 2017 is ea rogha de mháistir-ranganna, a chuimseoidh sraith de shaincheardlanna ar réimsí staidéir faoi leith, fostaíocht nó saol an mhic léinn. I measc na máistir-ranganna le linn na Laethanta Oscailte seo beidh ceardlann phraiticiúil drámaíochta, máistir-rang ar innealtóireacht sa todhchaí agus ceardlann chun léiriú do mhic léinn conas is féidir leo rath a bheith ar a gcuid oibre trí ithe go sláintiúil. 

Bhí an méid seo le rá ag Sarah Geraghty, Bainisteoir Earcaíochta Mac Léinn agus For-rochtana in OÉ Gaillimh: “Am maith is ea an fómhar do mhic léinn Ardteistiméireachta agus a gcuid tuismitheoirí tús a chur leis an bpróiseas ullmhúcháin agus fáil faoi réir don tríú leibhéal sula dtosaíonn brú mór na scrúduithe. Beidh na daoine is oilte ar an láthair le linn na Laethanta Oscailte chun ceisteanna a bheadh ag mic léinn faoi phointí CAO, infhostaitheacht agus an phleanáil riachtanach ó thaobh cúrsaí lóistín, táillí agus deontais a fhreagairt. Agus an Ollscoil i measc an 1% is fearr d’ollscoileanna an domhain, beidh deiseanna den scoth ar fáil do mhic léinn nua OÉ Gaillimh ó thaobh infhostaitheachta agus aitheantas domhanda ar a gcuid cáilíochtaí.”

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig www.nuigalway.ie/opendays

Má tá sé ar intinn agat freastal ar an Lá Oscailte moltar duit súil a chaitheamh ar an gclár, atá ar fáil anseo (http://www.nuigalway.ie/opendays/programme/) agus do lá ar an gcampas a phleanáil.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories