€2.7m ceadaithe d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag an Aire Stáit Seán Kyne TD

Dec 17 2018 Posted: 08:42 GMT

D’fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin,Seán Kyne TD, inniu (14 Nollaig) go bhfuil deontas suas le €2.7m  ceadaithe aige don Údarás um Ard-Oideachas le leithdháileadh ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge chun cur ar a gcumas leanúint le raon cúrsaí trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil sna trí ionad Gaeltachta atá acu - i nGaoth Dobhair, i gCarna agus ar an gCeathrú Rua. Is ionann an t-allúntas seo agus €900,000 in aghaidh na bliana acadúla don tréimhse 2018/19, 2019/20 agus 2020/21.

Is mar chuid de chur i bhfeidhm bhearta 2.7, 2.19 agus 3.13 an Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 don Ghaeilge atá an t-allúntas á cheadú. 

Mar chuid den chlár oibre atá comhaontaithe leis an Acadamh, tá beartaithe clár teanga agus oiliúna don réimse luathoideachais a fhorbairt a mbeidh mar chuspóir aige tacú leis an oiliúint chuí a chur ar fáil trí Ghaeilge do chleachtóirí luathoideachais atá ag obair i naíonraí sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di. Faoin gcur chuige atá aontaithe leis an Acadamh, cuirfear gearrchúrsaí i sealbhú agus saibhrú teanga, mar a bhaineann sé leis an réimse luathoideachais ar fáil sna hionadh Ghaeltachta de chuid an Acadaimh atá lonnaithe i nGaoth Dobhair, ar an gCeathrú Rua agus i gCarna agus forbrófar clár léinn níos leithne le freastal ar an earnáil thábhachtach seo

Ag fógairt an deontais, le linn cuairte ar ionad an Acadaimh ar an gCeathrú Rua, dúirt an tAire Stáit Kyne: “Le ceadú an allúntais seo, tá mo Roinn ag déanamh beart de réir briathair mar a bhaineann sé cur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 don Ghaeilge. Is údar áthais é go bhfuil an Roinn ag cur leis an gcomhpháirtíocht atá bunaithe le fada leis an Acadamh, ar mhaithe le deiseanna oideachais tríú leibhéal a chur ar fáil trí Ghaeilge in ionaid Ghaeltachta na hollscoile. Nuair a chuirtear san áireamh go mbaineann breis agus dhá mhíle mac léinn tairbhe bhliantúil as an raon cúrsaí a bhíonn á riar ag an Acadamh sna trí ionad Gaeltachta atá acu - agus a chuireann fostaíocht ar fáil do bhreis agus 80 duine faoi scáth an Acadaimh - is léir go bhfuil leas á bhaint as infheistíocht na Roinne, atá ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta.”

I gcomhréir lena bhfuil luaite i mbeart 2.19 den Phlean Gníomhaíochta - go ndíreofar ar fhorbairt a dhéanamh ar oiriúnú a dhéanamh ar na cláir éagsúla chun tacú tuilleadh le cur chun cinn an phróisis pleanála teanga - tá aontaithe ag an Roinn leis an Acadamh go gcuirfear raon cúrsaí ar fáil ar mhaithe le tacú tuilleadh le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga mar a bhaineann sé leis na ceantair Ghaeltachta, na Bailte Seirbhíse agus na Líonraí Gaeilge.

Is ionann an t-allúntas trí bliana €2.7m seo agus an t-allúntas a ceadaíodh don tréimhse 15/16, 16/17 agus 17/18.

Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin bPlean Gníomhaíochta 2018-2022 ar: www.chg.gov.ie.

CRÍOCH

€2.7m granted to the Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge by the Minister for State Seán Kyne TD

Government Chief Whip and Minister of State for the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands, Seán Kyne TD, has announced today (14 December) that a grant worth up to €2.7m has been granted to the Higher Education Authority to be allocated to the Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, enabling it to continue providing its range of Irish language courses in their three Gaeltacht centres – in Gaoth Dobhair, Carna and An Cheathrú Rua. This allowance equates to €900,000 per year for the following academic years: 2018/19, 2019/20 and 2020/21.

This allowance has been granted as part of the implementation of the measures 2.7, 2.19 and 3.13 in the Action Plan 2018-2022 for the Irish language.

As part of the programme agreed with the Acadamh, it has been proposed to develop a language and training programme in the area of early education which will be aimed at supporting the provision of appropriate training through Irish for early education practitioners who are working in preschools both within the Gaeltacht and outside of it. Under the approach agreed with the Acadamh, short courses in language acquisition and improvement relating to early education will be held in the Acadamh's Irish language centres located in Gaoth Dobhair, An Cheathrú Rua and Carna, and a broader education programme will be developed to deal with this important sector.

Announcing this grant on a visit to the Acadamh’s centre in An Cheathrú Rua today, the Minister of State Kyne said: "With the granting of this allowance, my Department are delivering on the promises made in the Action Plan 2018-2022 for the Irish language. It is a huge positive that the Department are continuing to contribute to the long-established partnership with the Acadamh in order to provide third-level educational opportunities through Irish in the University's Gaeltacht centres. More than two thousand students benefit annually from the range of courses provided by the Acadamh in their three Gaeltacht centres, and more than 80 people are employed by the Acadamh itself, so when this is taken into account it is quite clear that the Department's investment is of great benefit to the Irish language and the Gaeltacht.”

In accordance with the contents of measure 2.19 in the Action Plan – that there will be a focus on developing and adapting the various programmes to further advance the language planning process – the Department has agreed with the Acadamh to provide a range of courses in order to further support the implementation of the language planning process in relation to the Gaeltacht regions, the Service Towns and the Irish Language Networks.

This three year allowance of €2.7m matches the allowance that was granted for the period 15/16, 16/17 and 17/18.

Further information about the Action Plan 2018-2022 can be found on www.chg.gov.ie.

ENDS

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories