Eleanor McEvoy le canadh ag Gradaim Alumni OÉ Gaillimh 2018

Eleanor McEvoy
Feb 20 2018 Posted: 11:28 GMT

Dheimhnigh OÉ Gaillimh go gcanfaidh an t-amhránaí agus an cumadóir Eleanor McEvoy ag Gradaim Alumni 2018. D'fhógair an Ollscoil freisin gurb í Gráinne McElwain, láithreoir agus léiritheoir le RTÉ/TG4, a chuirfidh Mórfhéasta na bliana seo i láthair áit a mbronnfar Gradaim Alumni 2018.

Tá sé 25 bliain i mbliana ón gcéad turas de “A Woman’s Heart”, nuair a chuaigh amhrán Eleanor i gcion ar an bpobal mar chuid den chéad albam Éireannach le meascán d'ealaíontóirí comhaimseartha ban.

Nuair nach bhfuil Eleanor ar camchuairt, bíonn ról gníomhach aici i saol cultúrtha na hÉireann. Tá sí ina ball de bhord Cheoláras Náisiúnta na hÉireann, tar éis di saol uathúil a chaitheamh leis an gceol, idir ceol clasaiceach, comórtais ceoil traidisiúnta na hÉireann, ceolfhoirne óige, cóir, mar veidhleadóir le Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta na hÉireann agus ansin a huaillmhian a bheith ina hamhránaí agus ina cumadóir comhaimseartha.

Bronnfar Gradaim Alumni 2018 ag an 18ú Mórfhéasta Alumni a bheidh ar siúl Dé Sathairn, an 3 Márta 2018 i Halla Bailey Allen, in aice le hÁras na Mac Léinn ar an gcampas.

Tugann na Gradaim Alumni aitheantas d’fheabhas agus d’éachtaí an 90,000 céimí de chuid na hOllscoile atá scaipthe ar fud an domhain. Tá gradaim Alumni bronnta ar bhreis is 100 céimí den scoth a bhfuil a n-alma mater fíorbhródúil astu, ina measc, Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn; an lúthchleasaí Oilimpeach Olive Loughnane; an laoch rugbaí Ciarán FitzGerald; an craoltóir de chuid RTÉ Sean O’Rourke; an t-iarArd-Aighne, Máire Whelan; iar-Phríomhfheidhmeannach Creganna, Helen Ryan; an t-aisteoir a bhfuil Gradam Tony buaite aici, Marie Mullen; agus an scríbhneoir Mike McCormack.

Seo a leanas buaiteoirí na seacht ngradam alumni atá le bronnadh ag Mórfhéasta 2018:

Gradam do na Dána, an Litríocht agus an Léann Ceilteach – urraithe ag Fondúireacht na hOllscoile
- Lisa Coen, Comhbhunaitheoir Tramp Press

Gradam Alumni don Ghnó agus an Tráchtáil – urraithe ag Banc na hÉireann
- Aedhmar Hynes, Príomhfheidhmeannach, Text100

Gradam Alumni don Dlí, Beartas Poiblí agus an Rialtas – urraithe ag Ronan Daly Jermyn
- Pat Rabbitte, iarCheannaire Pháirtí an Lucht Oibre in Éirinn agus polaiteoir

Gradam Alumni don Innealtóireacht, an Eolaíocht agus an Teicneolaíocht – urraithe ag  AIB
- Bernard McGuinness, Leas-Uachtarán, Soláthar Blais, The Coca-Cola Company

Gradam Alumni don Leigheas, an tAltranas agus na hEolaíochtaí Sláinte – urraithe ag Medtronic
- An tOllamh Declan Sugrue, Cairdeolaí, Ospidéal an Mater

Gradam Alumni don Rannpháirtíocht sa Spórt – urraithe ag Banc na hÉireann
- Joe Connolly, Iománaí de chuid na Gaillimhe

Gradam Alumni don Ghaeilge – urraithe ag OÉ Gaillimh
- Ailbhe Ní Ghearbhuigh, file a bhfuil duaiseanna go leor bainte amach aici             

Chun breis eolais a fháil agus chun áit a chur in áirithe téigh i dteagmháil leis an Oifig Alumni ar 091 492721 nó seol ríomhphost chuig alumni@nuigalway.ie. Áirithintí ar líne ag www.guf.ie

-Críoch-

Marketing and Communications Office

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories