Cuir cor i do chinniúint ag Lá Oscailte na nIarchéimithe in OÉ Gaillimh

Grianghraf ón aer den Chearnóg in OÉ Gaillimh Grianghraf: OÉ Gaillimh
Jan 31 2018 Posted: 16:07 GMT

Beidh Lá Oscailte na nIarchéimithe ar siúl in OÉ Gaillimh Dé Máirt, an 6 Feabhra, ó 12-3pm i Halla Bailey Allen, Áras na Mac Léinn. Is ócáid thábhachtach an Lá Oscailte do dhaoine gairmiúla agus do chéimithe, atá ag díriú ar a bhfuil amach rompu, agus a bhfuil rún acu a gcuid cáilíochtaí a thabhairt suas chun dáta, cur lena gcuid scileanna, cur lena gcuid saineolais agus, dá réir sin, cur leis na deiseanna fostaíochta atá acu.

Déanfar os cionn 170 clár iarchéime lánaimseartha agus páirtaimseartha de chuid OÉ Gaillimh a chur i láthair ag an Lá Oscailte, agus beidh eolas le fáil ann faoi rogha leathan máistreachtaí agus dochtúireachtaí taighde. Beidh níos mó ná 100 seastán ann a mbeidh eolas le fáil acu faoi na deiseanna iarchéime san Ollscoil. Beidh idir chomhaltaí foirne acadúla agus mhic léinn i láthair le ceisteanna faoi chúrsaí ar leith a fhreagairt.

Tarraingeofar aird ag an ócáid ar na bealaí ar féidir leis an dream a bheidh i láthair dul chun cinn a dhéanamh ina ngairm nó ina réimse staidéir féin, agus tabharfar eolas chomh maith faoi na deiseanna nua atá ag céimithe agus ag daoine gairmiúla tabhairt faoi ghairm eile ar fad.

Bhí an méid seo le rá ag Sarah Geraghty, Bainisteoir Earcaíochta Mac Léinn agus For-rochtana in OÉ Gaillimh: “Sa bhreis ar an rogha leathan de chúrsaí tiontaithe ildisciplíneacha atá ann, is cúrsaí tiontaithe iad go leor de na cúrsaí Máistreachta atá ar fáil ar féidir le fochéimithe ó chúrsaí éagsúla cur isteach orthu. Beidh sraith cainteanna ar siúl ag an Lá Oscailte chun cabhrú le hiarrthóirí ionchasacha leis an bpróiseas cinnteoireachta, leis an iarratas agus beidh saineolaithe ó OÉ Gaillimh ar fáil le comhairle a thabhairt agus le ceisteanna a fhreagairt ó dhaoine atá ag smaoineamh ar thabhairt faoi réimsí staidéir éagsúla.”

Le cinneadh a dhéanamh tabhairt faoi cháilíocht iarchéime, tá sé fíorthábhachtach oiread eolais agus is féidir a fháil faoi na roghanna maoinithe agus na scoláireachtaí atá ar fáil. Tugann an Lá Oscailte na daoine agus na heagraíochtaí ar fad a chuireann tacaíocht ar fáil do mhic léinn iarchéime, le chéile ar aon láthair amháin. Tabharfaidh SUSI, an t-údarás bronnta deontas ardoideachais agus breisoideachais náisiúnta, cur i láthair ag an Lá Oscailte agus beidh siad ar fáil le ceisteanna a fhreagairt faoi dheontais agus faoi mhaoiniú.

Tá réimse leathan cúrsaí ag an gceathrú leibhéal á dtairiscint ag OÉ Gaillimh. Tá cláir iarchéime forbartha atá bunaithe ar na réimsí acadúla traidisiúnta a bhfuil OÉ Gaillimh aitheanta dá mbarr – na Dána, na hEolaíochtaí Sóisialta, an Léann Ceilteach, an Tráchtáil, an Leigheas, an tAltranas, Eolaíocht Sláinte, an Dlí, an Innealtóireacht, Ionformaitic agus an Eolaíocht. Cuireadh go mór leis na réimsí staidéir seo trí ionaid nuálacha taighde a bhunú i réimsí a bhfuil an-éagsúlacht ag baint leo amhail Innealtóireacht agus Eolaíocht Bhithleighis, Cearta Daonna Idirnáisiúnta, na Meáin Dhigiteacha agus an Scannánaíocht, agus Leigheas Athghiniúnach.

Tá OÉ Gaillimh i gcónaí ag iarraidh teacht roimh éilimh an mhargaidh fostaíochta agus freastal ar na riachtanais atá acu trí chláir nuálacha a fhorbairt. I measc na gclár nua a forbraíodh le gairid tá an LLM sa Dlí Gnó Comparáideach Idirnáisiúnta, MSc sa Chillmhonarú, MSc sa Mhicreascópacht, MSc sa Nuálaíocht Teicneolaíochta, agus MSc nua eisiach san Fhiseolaíocht Aclaíochta, clár atá ar fáil do chéimithe ó dhisciplíní éagsúla.

Le spléachadh a fháil ar chláir iarchéime nua eisiacha OÉ Gaillimh agus le háit a chur in áirithe ag an Lá Oscailte féach www.nuigalway.ie/postgraduate-open-day nó buail isteach chugainn ar an lá. Le hiarratas a dhéanamh ar chúrsa iarchéime in OÉ Gaillimh féach www.pac.ie/nuigalway.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories