An tUachtarán Ó hUigínn le Léacht a thabhairt ag Siompóisiam OÉ Gaillimh ar an nGaeilge

Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn
Jun 06 2018 Posted: 08:58 IST

Is é Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn a thabharfaidh an príomhaitheasc ag siompóisiam faoi Chonradh na Gaeilge agus an Athbheochan a reáchtálfar in OÉ Gaillimh Dé hAoine, an 15 Meitheamh.

Is é an siompóisiam lae, ‘125 Bliain ag Fás – An Athbheochan agus Conradh na Gaeilge’, príomhócáid na hOllscoile le haghaidh Bhliain na Gaeilge atá ag ceiliúradh 125 bliain ó bunaíodh an Conradh.

Ceiliúradh atá san ócáid seo chomh maith ar an gcinneadh a rinne Conradh na Gaeilge in 2017 a chartlann a chur i dtaisce in OÉ Gaillimh. Le déanaí ceapadh cartlannaí chun an chartlann a chatalógú agus le digitiú a dhéanamh ar chuid den ábhar.

Dúirt an Dr John Walsh, Léachtóir Sinsearach le Gaeilge agus fear eagair an tsiompóisiam: “Ag an ócáid seo, léifear páipéir ar réimse téamaí taighde a bhfuil baint acu le 125 bliain den Athbheochan. Labhróidh taighdeoirí agus pearsana poiblí iomráiteacha eile faoin téama seo agus tarraingeoidh siad aird ar na deiseanna iontacha taighde a eascraíonn as cartlann an Chonartha.”

“Acmhainn ríluachmhar teagaisc agus taighde atá i gcartlann Chonradh na Gaeilge agus cuireann sí go mór leis na bailiúcháin thábhachtacha Ghaeilge atá ag an Ollscoil cheana”, a dúirt Leabharlannaí Shéamais Uí Argadáin, John Cox.

Ag labhairt faoin siompóisiam seo, dúirt Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: "Tá an Ghaeilge uathúil agus thar a bheith tábhachtach do mhisean agus d’éiteas OÉ Gaillimh, dár n-oidhreacht agus dár gceantar máguaird.  Trí chartlann Chonradh na Gaeilge a choinneáil faoi iontaobhas anseo do scoláirí agus do phobal na hÉireann, beidh an Ollscoil seo ina caomhnóir ar chuid thábhachtach de stair ár dteanga.  Táimid bródúil é seo a dhéanamh agus táimid ag tnúth leis na peirspictíochtaí nua a chuirfidh an chartlann ar fáil do léann idirnáisiúnta.  Is cuid thábhachtach de Bhliain na Gaeilge é an siompóisiam, bliain atá ag déanamh ceiliúradh ar 125 bliain ó bunaíodh Conradh na Gaeilge, agus cuirfidh sé ar chumas scoláirí agus lucht déanta polasaí teanga a machnamh a dhéanamh ar fhorbairt na teanga le céad bliain anuas agus iad ag breathnú san am céanna ar thodhchaí na Gaeilge. "

Beidh na cainteoirí eile seo páirteach sa siompóisiam chomh maith:

  • Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4
  • An Dr Máire Harris ó Roinn na Staire, OÉ Gaillimh
  • An tOllamh Regina Uí Chollatáin, COBÁC
  • Cuan Ó Seireadáin, Conradh na Gaeilge
  • An Dr Hugh Rowland, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh
  • An Dr John Walsh, Roinn na Gaeilge, OÉ Gaillimh
  • An tOllamh Tadhg Ó hIfearnáin, Roinn na Gaeilge, OÉ Gaillimh

Dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Tá ríméad orainn i gConradh na Gaeilge go bhfuil ár gcartlann á cur i dtaisce go buan in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Creideann muid go dtiocfaidh deiseanna rialta chun cinn le hábhar na cartlainne a úsáid agus táimid ag súil leis an gcéad deis sin ag an siompóisiam lae a bheidh á reáchtáil ag an Ollscoil agus ag an gConradh ar an 15 Meitheamh.”

 -Críoch-

Marketing and Communications Office

Next

Featured Stories