Searmanas Bronnta PhD OÉ Gaillimh

Mar 26 2018 Posted: 09:21 IST

Ag searmanas speisialta in OÉ Gaillimh inniu (Déardaoin, 22 Márta), bhronn Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Dochtúireacht san Fhealsúnacht (PhD) ar bhreis agus 70 mac léinn. Ina theannta sin, bronnadh Dochtúireacht Leighis ar mhac léinn amháin ag searmanas an lae inniu.

Bhí céimithe ó gach Coláiste san Ollscoil i measc na gcéimithe sin ar bronnadh PhD orthu, Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh; Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí; Coláiste na hInnealtóireachta agus na hIonformaitice; Coláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte; agus Coláiste na hEolaíochta.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach céimí as a gcáilíocht dochtúireachta a bhaint amach ar an lá mór seo, a chuireann bailchríoch ar a dtallann, a n-iarracht agus a ndúthracht thar blianta fada. Tá OÉ Gaillimh bródúil as líon na gcéimithe a chuirtear ar fáil agus a bheidh mar cheannairí a mhúnlóidh an todhchaí agus a mbeidh tionchar dearfach acu ar fud an domhain - go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.  Is é misean na hOllscoile seo domhan níos fearr a chruthú tríd an teagasc, taighde agus an tionchar atá againn agus déanaimid é seo go follasach leis an méadú mór atá tagtha ar líon na gcéimithe PhD le blianta beaga anuas.”

-Críoch-

Marketing and Communications Office

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories