Cnuasach Aistí Nua á Sheoladh in OÉ Gaillimh

Sep 07 2018 Posted: 11:12 IST

Beidh an cnuasach aistí Ag Caint leis an Simné? Dúshlán an Traidisiúin agus Nualitríocht na Gaeilge le Louis de Paor, Stiúrthóir An Léann Éireannach, á sheoladh ag Michael Cronin, Cathaoir na Fraincise 1776, Coláiste na Tríonóide. Beidh an ócáid ​​ar siúl ar an Déardaoin, 13 Meán Fómhair  ag 5pm sa Institiúid de Móra, OÉ Gaillimh,.

Cén gaol is ceart, nó is féidir, a bheith idir an scríbhneoir aonair is an traidisiún a tháinig roimhe, agus conas a bheidh léitheoirí a linne féin ag freagairt don ngné sin dá shaothar? Sa mhéid gur traidisiún scoilte é traidisiún na Gaeilge, cuid mhaith, is go bhfuil go leor dá cuid scríbhneoirí agus dá cuid léitheoirí scoite le traidisiún béil na Gaeltachta, agus leis an tseanlitríocht a bheag nó a mhór, tá an cheist níos casta ná mar a bheadh i dteangacha nach bhfuil stair choilíneach laistiar díobh. Leis sin, tá míshuaimhneas éigin ag baint le ceist an traidisiúin ó tosnaíodh ar litríocht na Gaeilge a athchóiriú aimsir na hathbheochana agus freagraí éagsúla tabhartha ag scríbhneoirí ar an dúshlán a bhaineann le teanga mhionlaithe agus cultúr coilínithe a chur in oiriúint dóibh féin agus dá gcuid léitheoirí.

Sa leabhar seo téann an t-údar i ngleic leis an gceist seo trí ghnéithe éagsúla de shaothar fhilí agus scríbhneoirí móra próis na Gaeilge a scrúdú – leithéidí Sheáin Uí Ríordáin, Liam S Gógan, Mháire Mhac an tSaoi, Mháirtín Uí Dhireáin, Mháirtín Uí Chadhain agus Bhriain Uí Nualláin (Myles na Gopaleen) – féachaint conas mar a tháinig siad féin ar réiteach ar an gceist, má tháinig ar chor ar bith.

-Críoch-

NUI Galway to Launch a New Collection of Essays

A new collection of essays, Ag Caint Leis an Simné? Dúshlán an Traidisiúin agus Nualitríocht na Gaeilge by Louis de Paor, Director of NUI Galway’s Centre for Irish Studies, will be launched by Michael Cronin, Chair of French 1776, TCD. The launch will take place on Thursday, 13 September at 5pm in the Moore Institute, NUI Galway.

What relationship exists, or could exist, between the individual writer and the tradition that the writer follows? And how do readers respond to that aspect of the writer's work. Insofar as the literary tradition in Irish is splintered, for a good part, and as many Irish-language writers and readers are separated from the oral tradition of the Gaeltacht and with the old literature, more or less, the question is more complicated than it would be in other languages that do not have a history of colonialism behind them.

With that, there is a certain discomfort with regard to the question of tradition since the adaptation of Irish language literature during the revival and different writers have responded in various ways to the challenge of adapting a minority language and colonised culture for themselves and their readers.

In Ag Caint leis an Simné? Dúshlán an Traidisiúin agus Nualitríocht na Gaeilge, Louis de Paor tackles this question by analysing the work of major poets and prose writer in the Irish language - works by Seán Ó Ríordáin, Liam S. Gógan, Máire Mhac an tSaoi, Máirtín Ó Direáin, Máirtín Ó Cadhain and Brian Ó Nualláin (Myles na gCopaleen) - to see how they resolved this question in their own work, and whether, indeed they succeeded in resolving it.

-Ends-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories