Comhpháirtíocht nua bunaithe idir OÉ Gaillimh agus RTÉ maidir le Taighde Craoltóireachta Gaeilge agus clár nua MA

Ag seoladh oifigiúil FIOS FÍSE - chomhpháirtíocht nua bunaithe idir OÉ Gaillimh agus RTÉ maidir le Taighde Craoltóireachta Gaeilge ó chlé tá: Dave Moore, TG4; An tOllamh Ciarán ó hÓgartaigh, Uachtarán OÉ Gaillimh; Séamas Ó Concheanainn, Stiúrthóir an Tionscadail Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh; Dee Forbes, Ceannasaí RTÉ; agus Dr Eilís Ní Dhúill, Taighdeoir Iardhochtúireachta le Fios Físe
Sep 21 2018 Posted: 15:32 IST

Tá tionscadal taighde lucht éisteachta bunaithe ag RTÉ i gcomhpháirt le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh.  Beidh sé d’aidhm ag Fios Físe tuairimí Phobal Labhartha na Gaeilge i leith RTÉ Raidió na Gaeltachta a fhiosrú.  Seo é an chéad uair a mbeidh tuairimí spriocphobal an chraoltóra á fhiosrú ar bhonn leanúnach.  Is faoi scáth Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a bheidh an tionscadal á reáchtáil.

Earcófar Painéal de 500 cuiditheoir a bheidh ionadach ar Phobal Labhartha na Gaeilge ar fud na hÉireann, thuaidh agus theas.  Áireofar critéir theangeolaíocha, thíreolaíocha agus dhéimeagrafacha i gcomhdhéanamh bhallraíocht an Phainéil.  Líonfaidh na cuiditheoirí suirbhé ar líne go seachtainiúil agus cuirfear torthaí an taighde faoi bhráid RTÉ go tráthrialta.  Beidh stórchiste luachmhar faisnéise ar fáil chun críche taighde d’Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, go háirithe i gcomhthéacs chlár léinn an Acadaimh sna Meáin Chumarsáide.

Chuir Gearóid Mac Donncha, Ceannaire Gníomhach RTÉ Raidió na Gaeltachta, fáilte mhór roimh an togra, agus dúirt sé gur mór an chabhair a bheadh ann ó thaobh pleanála agus stiúradh na seirbhíse de sna blianta amach romhainn.

“Cuirfidh an t-aiseolas rialta faoin gcraoladh, agus an anailís ar an lucht éisteachta, a bheidh ar fáil dúinn anois a bhuíochas do Fios Físe go mór leis an obair a bhíonn idir lámha againn ó thaobh reáchtáil na seirbhíse de.  Tabharfaidh sé léargas níos fearr dúinn ar mhianta an phobail éisteachta, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, agus beidh muid in ann feidhmiú dá réir.  Is eolas é seo a bhí in easnamh orainn, go pointe, go dtí seo, agus tá sé i gceist againn anois leas a bhaint as chun tairbhe éisteoirí RTÉ Raidió na Gaeltachta."

“Comhlánóidh an clár nua seo an taighde lucht féachana atá ar siúl againn ó 2013 do TG4 agus tógann sé ar an tsamhail oibriúcháin a bunaíodh i gcomhar le TG4 don taighde ag an am,” a deir Stiúrthóir an Tionscadail Séamas Ó Concheanainn.  Ceapadh an Dr Eilís Ní Dhúill mar Thaighdeoir Iardhochtúireachta le Fios Físe le gairid.

Tá Meamram Comhthuisceana freisin sínithe idir OÉ Gaillimh agus RTÉ chun clár nua MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) a chur ar fáil, le béim ar an bhfoghlaim phraiticbhunaithe trí mheán na Gaeilge i stiúideonna éagsúla de chuid RTÉ.

Cuirfidh an tAcadamh an MA ar fáil ó Mheán Fómhair 2018. Beidh sé ar fáil ar bhonn lán ama agus go páirtaimseartha.

Clár léinn nuálach agus solúbtha é seo ina bhfuil meascán den staidéar acadúil ar líne agus tréimhsí suntasacha i mbun taithí oibre phraiticbhunaithe  in RTÉ san iriseoireacht, sa chraoltóireacht agus i gcruthú ábhair don raidió, don teilifís, agus d’ardáin éagsúla ar líne.

“I measc na ndúshlán atá ag RTÉ i leith ár n-aschur Gaeilge, tá ár lucht éisteachta agus ar ár lucht féachana a aithint go soiléir, le gur féidir linn an freastal is fearr a dhéanamh orthu, agus freisin cumasú a dhéanamh ar dhaoine a bheidh ag obair sna meáin amach anseo le gur féidir linn an soláthar ar ard-chaighdeán a dhéanann RTÉ ar sheirbhísí Gaeilge a chinntiú don todhchaí.  Léiríonn an obair atá á déanamh ag RTÉ agus OÉ Gaillimh ina leith seo an luach ollmhór a bhaineann le comhpháirtíocht, agus an tábhacht a bhaineann le tógáil ar an deá-chaidreamh idir an dá eagraíocht.” a deir Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire.

Dúirt Riarthóir Aonad Léann na Cumarsáide, an Dr Uinsionn Mac Dubhghaill, go bhfuil “an clár léinn ag freastal ar éilimh ó mhic léinn ar chláir iarchéime a bhfuil naisc láidre acu le fostóirí agus leis an margadh.”

CRÍOCH

NUI Galway and RTÉ form a new partnership on a National Irish-Language Audience Research Programme and a new MA programme

NUI Galway has established a new Irish language audience research initiative in partnership with RTÉ.  Fíos Físe will investigate the reach, satisfaction levels and listening habits of Irish speakers, on the island of Ireland, with regard to RTÉ Raidió na Gaeltachta. It is the first time that the views of Raidió na Gaeltachta’s core target audience will be investigated on a regular and ongoing basis. The project will be run by Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

An audience research panel of 500 contributors, representative of the Irish speaking population throughout Ireland, north and south, will be recruited. Linguistic, geographical and demographic criteria will inform the composition of this panel. Participants will complete a weekly online survey,  the results of which will be submitted to RTÉ on a regular basis. This research will be of significant value to NUI Galway, particularly in the context of Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge’s teaching and research programme in Irish-language broadcasting.

Gearóid Mac Donncha, Acting Head of RTÉ Raidió na Gaeltachta, welcomed the proposal, and said that it would assist greatly in the planning and management of the service in the coming years, "Regular feedback regarding the broadcast service, and audience analysis, which will be available to us now, will greatly enhance service delivery. It will give us a better insight into listener preferences, within the Gaeltacht and outside, and therfore assist us in devising our strategy going forward. Regular and detailed audience research data regarding our core audience has not been available to date, and we look forward to drawing on the research output for the benefit of RTÉ Raidió na Gaeltachta listeners."

"This new research initiative  will augment the audience research we have been undertaking for TG4 since 2013, and builds on the audience research model established in conjunction with TG4 at that time," said Project Director Séamas Ó Concheanainn. Dr Eilís Ní Dhúill has been recently recruited to the position of Postdoctoral Researcher with the project.

NUI Galway and RTÉ today also signed a Memorandum of Understanding for a new MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) in professional practice in media, with an emphasis on practice-based learning through Irish at a number of RTÉ studios. This new MA programme will be offered by Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge at NUI Galway from September 2018. It will be available on both a full-time and a part-time basis.

This flexible and innovative programme combines online academic modules with significant periods of practice-based work experience in RTÉ in journalism, broadcasting and content creation for radio, television and online platforms.

 “Among RTÉ’s challenges around Irish-language output are identifying clearly our audiences so that we may best serve them, and also ensuring that we enable future media practitioners to continue to provide the high-quality services provided by RTÉ as Gaeilge.  That RTÉ have been able to work with NUI Galway with the aim of fulfilling these two key challenges shows the enormous value of partnership, and the importance of building on the continuing relationship between our two organisations.” said RTÉ’s Group Head of Irish Language, Rónán Mac Con Iomaire.

The programme director, Dr Uinsionn Mac Dubhghaill, noted "with its balanced mix of the theoretical study of media and practice-based learning the new MA programmeresponds to a demand from students for postgraduate programmes that have strong links to employers and the market”.

 
ENDS

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories