An Chéad Taispeántas de ‘Cumar – A Galway Rhapsody’ ag 31ú Fleadh Scannán

Aodh Ó Coileáin
Jun 26 2019 Posted: 10:18 IST

Fadscannán faisnéise dátheangach nua le hAodh Ó Coileáin as OÉ Gaillimh

 Taispeánfar den chéad uair scannán faisnéise dátheangach nua ‘Cumar – A Galway Rhapsody’ ag Fleadh Scannán na Gaillimhe i mbliana. Déanann an fadscannán cruthaitheach seo, atá stiúrtha ag Aodh Ó Coileáin as OÉ Gaillimh agus léirithe ag Paddy Hayes as Magamedia Teo., scrúdú ar an tionchar atá ag cathair na Gaillimhe agus ag Conamara ar sheisear ealaíontóirí as réimsí éagsúla. Déantar scrúdú chomh maith ar an tionchar a bhíonn ag saothar na n-ealaíontóirí seo ar a n-áit chónaithe.

Níl áit ar fud na cruinne nach bhfuil saíocht seanchas agus cumar cultúr fite fuaite leis, ach is minic é ráite go bhfuil bua áirithe cultúrtha agus ealaíona ag Gaillimh. Is portráid cheanúil ar Ghaillimh atá in ‘Cumar – A Galway Rhapsody’ ina ndéantar iniúchadh ar na cumair ealaíonta a mhúnlaigh an cultúr ar leith atá inti.  Déanadh an scannánaíocht thar thréimhse bliana agus tugtar suntas do na giúmair agus na dathanna éagsúla a chuireann an aimsir agus an tírdhreach in iarthar na hÉireann i bhfeidhm ar an gcathair agus ar an gcontae. 

Faoi chaibidil sa scannán tá: an scríbhneoir, Mike McCormack; an file, Rita Ann Higgins; an t-amhránaí, Róisín Seoighe; stiúrthóir an ghrúpa Macnas, Noeline Kavanagh; an péintéir ó Chonamara, Pádraic Reaney; an ceoltóir, Máirtín O’Connor; agus an fear seoigh, Tommy Tiernan. Le chéile tugann na healaíontóirí seo léargas úr spreagúil agus ionraic ar shaol an ealaíontóra i gcathair na Gaillimhe agus i gConamara.

Caitheann an scannán dátheangach súil fhísiúil chruthaitheach ar Ghaillimh mar thimpeallacht ina n-oibríonn na healaíontóirí seo. Tá Gaillimh ar chrosbhóthar farraige, talún agus smaointeoireachta, tháinig an chathair agus an ceantar máguaird faoi anáil na nuálaíochta agus na héagsúlachta; tá rian cuid mhaith sibhialtachtaí agus cultúr ar an gcathair agus scrúdaíonn an scannán tionchar na Gaillimhe agus Chonamara ar an seachtar ealaíontóirí seo a oibríonn i réimsí éagsúla. Déanann na healaíontóirí iniúchadh ar Ghaillimh mar cheantar ealaíona agus fiafraíonn siad an bhfuil an teideal ‘príomhchathair chultúir’ tuillte aici i ndáiríre? 

Tá déantóir an scannáin, Aodh Ó Coileáin ina stiúrthóir cláir ar an MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) agus múineann sé ar an gcéim BA (Cumarsáid agus Gaeilge), Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh. Tharraing a scannán deireanach ‘Fís na Fuiseoige’ aird na léirmheastóirí nuair a taispeánadh é ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile Átha Ciath in 2016 agus bronnadh gradaim air ag Féile Lá na Cruinne in San Francisco agus Féile Scannán na hÉireann i Londain an bhliain chéanna. Tá Ó Coileáin ina chathaoirleach ar an Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge.

Sa scannán deir an t-úrscéalaí, buaiteoir gradam IMPAC agus léachtóir OÉ Gaillimh, Mike McCormack: “Nuair a tháinig mé go Gaillimh ag naoi mbliana déag d’aois, d’fhorbair mé miotas príobháideach dom féin inar shíl mé gur chathair ar imeall an domhain a bhí i nGaillimh, áit a mbíonn ar dhuine casadh thart chun breathnú ar an saol – chun an domhan a thuiscint.  Dá dheasca sin, tá fiosracht iontach i nGaillimh faoin saol mór.”

Cuireann Noeline Kavanagh ó Macnas leis an méid seo: “Cothaítear ealaín as riachtanas, agus cuidíonn tírdhreacha áirithe leis seo, braithim go bhfuil fórsaí suaithinseacha in iarthar na hÉireann a tharraingíonn mothúcháin áirithe as daoine.”

Dúirt stiúrthóir an scannáin, Aodh Ó Coileáin: “Ábhar machnaimh dom ó tháinig mé go Gaillimh os cionn 30 bliain ó shin, cén fáth a bhfáisctear an oiread ealaíontóirí as an gceantar seo nó cén fáth a meallann Gaillimh lucht na n-ealaíon.  Tugann an scannán léargas ar chuid de na fáthanna a rith liom thar na blianta:  an éagsúlacht chultúir sa chathair siar go dtí na meánaoiseanna agus níos faide, an cumar teangacha atá sa cheantar seo, traidisiún saibhir amhrán agus ceoil, nó b’fhéidir gur mar gheall gur anseo atá an cumar ina mbuaileann abhainn, loch agus farraige faoina chéile?”

Is togra de chuid na scéime ilDána é ‘Cumar – A Galway Rhapsody’- maoinithe ag TG4 agus an Chomhairle Ealaíon i gcomhar le hIonad Scannán na Gaillimhe. Bhain sé coimisiún amach in 2017. Tá sé léirithe ag TUA films.

Cruthaíonn scéim ilDÁNA deis do lucht déanta scannán clár ceannródaíoch a chruthú ar na healaíona trí Ghaeilge.

Taispeánfar an scannán den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe, Amharclann na Cathrach, Dé Céadaoin, 10 Iúil 2019 ag 2pm. Beidh sé le feiceáil ag Féile Ealaíon an Chlocháin i mbliana agus ag Shorelines Arts Festival i bPhort Omna i Meán Fómhair.

Blaisín le feiceáil ag an nasc seo: https://youtu.be/4PzSgsFLmjA

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories