Searmanas Bronnta Taighde an Earraigh, OÉ Gaillimh

Mar 25 2019 Posted: 08:56 GMT

Ag searmanas speisialta in OÉ Gaillimh inniu (Déardaoin, 21 Márta), bhronn Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Dochtúireacht san Fhealsúnacht (PhD) ar bhreis agus 70 mac léinn. Bronnadh céimeanna Máistreachta agus Dochtúireachta Leighis ar roinnt mac léinn.

Bronnadh Dochtúireacht Eolaíochta ar an Ollamh James P. O’Gara, Ollamh Pearsanta le Micribhitheolaíocht in OÉ Gaillimh as Saothar Foilsithe ag searmanas an lae inniu chomh maith.

Bhí céimithe ó gach Coláiste san Ollscoil i measc na gcéimithe sin ar bronnadh PhD orthu, Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh; Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí; Coláiste na hInnealtóireachta agus na hIonformaitice; Coláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte; agus Coláiste na hEolaíochta.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach céimí as a gcáilíocht dochtúireachta a bhaint amach ar an lá mór seo, mar thoradh ar a gcumais, a n-iarrachtaí agus a ndúthracht le blianta fada. Tá OÉ Gaillimh bródúil go mbíonn ár gcuid céimithe ina gceannairí a mhúnlóidh an todhchaí agus a mbeidh tionchar dearfach acu ar fud an domhain - go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Is é misean na hOllscoile seo domhan níos fearr a chruthú tríd an teagasc, taighde agus an tionchar atá againn agus déanaimid é seo go follasach leis an méadú mór atá tagtha ar líon na gcéimithe PhD le blianta beaga anuas.”

Beidh an chéad searmanas bronnta eile ar siúl in OÉ Gaillimh i rith an tsamhraidh ar an Máirt, an 11 Meitheamh.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories