Tuairimí an Phobail faoi Phlean Gaeilge do Chathair na Gaillimhe á lorg

Mar 19 2019 Posted: 14:21 GMT

Tá suirbhé seolta ag OÉ Gaillimh chun tuairimí an phobail a bhailiú faoin bPlean Teanga atá beartaithe do Chathair na Gaillimhe 2019-2026. Tá an taighde á dhéanamh ar son Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus Ghaillimh le Gaeilge mar chuid d’ullmhú Phlean Gaeilge don chathair.  Beidh an suirbhé ar líne ar oscailt go dtí Dé hAoine, an 12 Aibreán 2019 agus tá sé d’aidhm aige measúnú a dhéanamh ar mhianta agus ar riachtanais an phobail maidir le forbairt na Gaeilge i nGaillimh.  Faoi Acht na Gaeltachta 2012, ainmníodh Gaillimh mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta agus mar thoradh air sin is gá plean a chur le chéile chun cur le húsáid na Gaeilge sa chathair.

 Anuraidh cheap Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Gaillimh le Gaeilge an Dr John Walsh ó Roinn na Gaeilge agus an Dr Dorothy Ní Uigín ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh chun an plean a fhorbairt. Bunaíodh Grúpa Stiúrtha nua, Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga Gaillimh chun tacaíocht, treoir agus maoirseacht a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar chur i bhfeidhm an phlean teanga. Is grúpa ionadaíoch iad baill an Choiste de na hearnálacha poiblí, príobháideacha, pobail agus deonacha i gcathair na Gaillimhe.

Dúirt an Dr John Walsh ó Roinn na Gaeilge in OÉ Gaillimh agus an Dr Dorothy Ní Uigín ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge: “Tá áthas orainn an suirbhé seo ar líne a sheoladh mar chuid dár dtaighde ar thuairimí mhuintir na Gaillimhe i leith na Gaeilge. Chomh maith leis seo, tá agallaimh agus grúpaí fócais á reáchtáil againn le réimse leathan daoine, ina measc cainteoirí Gaeilge agus daoine ar mian leo a bheith níos gníomhaí ó thaobh na Gaeilge.”

Dúirt Brendan McGrath, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe: “Tá tiomantas láidir déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe le blianta beaga anuas maidir le Gaillimh a fhorbairt mar chathair dhátheangach. Tá an-ríméad orainn a bheith ag obair le OÉ Gaillimh i gcomhar le Gaillimh le Gaeilge agus le heagraíochtaí comhpháirtíochta Choiste Stiúrtha Pleanála Teanga na Gaillimhe sa chéim seo de dhul chun cinn an Phlean Gaeilge. Tá áthas ar an gComhairle Cathrach go háirithe a bheith in ann leas a bhaint as an saineolas Gaeilge atá ar fáil dúinn go háitiúil san Ollscoil.” 

Dúirt Bernadette Mullarkey, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge: “Tá Gaillimh le Gaeilge ag súil go mór le tuairimí mhuintir na Gaillimhe a fháil maidir le Plean Teanga na Cathrach (2019-2026).  Beidh an t-eolas seo lárnach chun plean inmharthana agus éifeachtach a fhorbairt dár gCathair.  Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go mbainfidh siad leas as an deis seo chun a gcuid tuairimí a nochtadh ionas go mbainfidh an plean amach a chuspóirí maidir le húsáid na Gaeilge sa saol laethúil a chur chun cinn, a thacú agus a mhéadú mar aon le stádas na Gaillimhe mar Chathair Dhátheangach a threisiú agus a neartú.”

Tá an tionscadal seo cómhaoinithe ag Foras na Gaeilge tríd an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Tá sé i gceist go seolfar Plean Teanga na cathrach san fhómhar.

Tá an suirbhé ar fáil ag: http://www.nuigalway.ie/gaeilgebheo/

-Críoch-

Public’s Views on Irish Language Plan Sought for Galway City 

NUI Galway has launched a survey to gather the views of the public on the proposed Irish Language Plan for Galway City 2019-2026. The research is being conducted on behalf of Galway City Council and Gaillimh le Gaeilge as part of the preparation of an Irish language plan for the City. The online survey will run until Friday, 12 April 2019 and aims to assess the desires and needs of the community in relation to the development of the Irish language in Galway. Under the Gaeltacht Act of 2012, Galway has been nominated a Gaeltacht Service Town and is required to develop its own plan to increase the use of Irish within the city. 

Last year, Dr John Walsh of the Department of Irish and Dr Dorothy Ní Uigín of Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, NUI Galway were appointed by Galway City Council and Gaillimh le Gaeilge to develop an Irish Language Plan for the city. A new steering Group, Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga Gaillimh was established to support, guide and oversee the progress and the delivery of the language plan. Members of the Coiste represent a broad cross-section of the public, private, community and voluntary sectors in Galway city. 

Dr John Walsh of the Department of Irish at NUI Galway and Dr Dorothy Ní Uigín of Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, said: “We are delighted to launch this online survey as part of our research into the views of those living in Galway towards the Irish language. We are also conducting interviews and focus groups with a broad range of people including Irish speakers and those who are interested in becoming more active in their use of the language.”

Chief Executive of Galway City Council, Brendan McGrath, said: “Galway City Council has made a strong commitment in recent years to the development of Galway as a bilingual city. We are extremely pleased to be working with NUI Galway and Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in association with Gaillimh le Gaeilge and the partner organisations of Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga Gaillimh in this phase of the Irish Language Plan’s progression. City Council is particularly pleased to be able to draw on the Irish language expertise available to us locally in the University.”  

Cathaoirleach of Gaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey, said: “Gaillimh le Gaeilge is looking forward to hearing the views of the people of Galway in relation to the Irish Language Plan for the city (2019-2026). This information will be key to developing a sustainable and an effective plan for the Irish language in our city. Therefore, it is very important that they avail of this opportunity to voice their opinions so that the plan will achieve its objectives to further promote, support and increase the communicative use of the Irish language in everyday life as well as strengthening Galway’s status as a bilingual city.”

This project is co-funded by Foras na Gaeilge through the Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht and Galway City Council. It is intended that the city’s Irish Language Plan will be launched in the autumn.

The survey is available at: http://www.nuigalway.ie/gaeilgebheo/

-Ends-

 

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories