Leabhar nua le seoladh ag Léachtóir OÉ Gaillimh ina ndéantar cíoradh ar chluichí Gaelacha sna Scannáin

May 09 2019 Posted: 12:28 IST

Tá mórstaidéar nua dar teideal Gaelic Games on Film: From silent films to Hollywood hurling, horror and the emergence of Irish cinema foilsithe ag an Dr Seán Crosson. Déanann an Dr Crosson, ar acadóir é i Scoil Scannán agus Meán Digiteach Huston in OÉ Gaillimh, iniúchadh sa leabhar seo ar an gcaoi a léirítear cluichí Gaelacha ar an scáileán mór. Is é an Dr Paul Rouse, Scoil na Staire, COBÁC agus údar an leabhair Sport and Ireland: A History, a sheolfaidh an leabhar, atá foilsithe ag Cló Ollscoile Chorcaí, ar an gCéadaoin, an 15 Bealtaine ag 6pm in Institiúid Scannán na hÉireann, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath. A History, on Wednesday, 15 May at 6pm in Irish Film Institute in Temple Bar, Dublin.

Bíodh is go bhfuil cluichí Gaelacha i measc na spórt is mó a bhfuil tóir orthu in Éirinn, idir rannpháirtíocht agus spéis an phobail, is beag duine a mbeadh a fhios acu go bhfuil traidisiún fada ann na cluichí seo a thaispeáint ar an scáileán mór, ar traidisiún é a théann siar chomh fada le tús ré na scannánaíochta. Chomh luath leis an mbliain 1901, rinne an Irish Animated Photo Company scannánú de chluiche iománaíochta i gCorn Dúshláin Cullen idir ‘Rovers’ agus ‘Grocers’ a imríodh ag Bóthar Mhic Sheoin – Páirc an Chrócaigh sa lá atá inniu ann – ar an Domhnach, 8 Nollaig na bliana sin, ar scannán é a taispeánadh mar chuid d’Oíche Mhór Ghaelach sa Rotunda ar Shráid Pharnell an Chéadaoin dár gcionn. Ó shin i leith, is iomaí uair a chuir cluichí Gaelacha móitíf ar fáil do lucht déanta scannán a mbaintear leas aisti arís is arís eile chun léiriú a thabhairt ar ghnéithe den fhéiniúlacht Éireannach, bíodh is nach raibh na gnéithe sin féin gan locht.

Labhair an Dr Crosson mar seo a leanas: “Seans gurb é an ghné is suntasaí agus is spéisiúla den scéal seo an caidreamh buan idir iománaíocht agus Hollywood. Tá scannáin déanta ag an gcuid is mó de stiúideonna móra Hollywood, leithéidí MGM, Paramount agus Warner Bros, a dhírigh ar spórt uathúil seo na hÉireann. Sa bhliain 1936 d’eisigh MGM gearrscannán faoin teideal Hurling mar chuid dá shraith ‘Pete Smith Specialities’ a raibh an-tóir ag an bpobal air. Léiriú neamhghnách a bhí ann inar cuireadh síos ar an iománaíocht mar chluiche ‘ionsaí agus slacairt’ na hÉireann, agus tharraing sé go mór ar steiréitíopaí seanbhunaithe agus conspóideacha an ré sin maidir le hÉirinn agus muintir na hÉireann. Bhí sárbhliain ag gearrscannáin Hollywood faoin iománaíocht in 1955 nuair a ainmníodh scannán de chuid Paramount, Three Kisses, do ghradam Oscar.”

Bíodh is go bhfuil léargais faoi leith ar Éirinn agus ar chultúr na hÉireann le fáil ón gcaoi ar cuireadh cluichí Gaelacha i láthair go hidirnáisiúnta, tá dlúthnasc ann idir teacht chun cinn an chultúir dhúchasaigh scannánaíochta agus an chaoi ar léiríodh cluichí Gaelacha. D’eascair na léirithe is luaithe de chluichí Gaelacha dá bhfuil againn – scannán neamhfhicsin d’athimirt Chluiche Ceannais na hÉireann 1914 idir Ciarraí agus Loch Garman, agus píosa as scannán 1918 Knocknagow – ó na hiarrachtaí a rinne comhlachtaí agus daoine aonair ceannródaíocha i stair scannánaíochta na hÉireann, ar áiríodh ina measc siúd an Irish Animated Picture Company (an chéad léiritheoir agus dáileoir scannán dúchasach) agus an Film Company of Ireland, an chéad chomhlacht Éireannach a bhí i mbun léiriúchán príomhscannán. Sa tréimhse i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, is ar Institiúid Náisiúnta na Scannán, Éire a bhí fócas chultúr scannán na hÉireann dírithe, agus ar Ghael Linn ina dhiaidh sin. Ba chás leis an dá eagraíocht cluichí Gaelacha a léiriú, agus rinne siad amhlaidh i scannáin chóitseála Ghael Linn Peil (1962) agus Christy Ring (1964) i measc scannán eile.

Tá Seán Crosson ina Chomhstiúrthóir ar an MA in Iriseoireacht Spóirt agus Cumarsáid agus ina Stiúrthóir ar Thaighde agus ar Theagasc Iarchéime i Scoil Scannán & Meán Digiteach Huston in OÉ Gaillimh. Is é atá i gceannas freisin ar an nGrúpa Taighde Spóirt agus Aclaíochta atá lonnaithe in Institiúid de Móra, OÉ Gaillimh, agus tá go leor foilsithe aige i réimse na scannán, agus é ag díriú le blianta beaga ar an gcaoi a léirítear spórt i scannáin. I measc a chuid foilseachán tá Sport and Film ar bronnadh gradam air, Sport, Representation and Evolving Identities in Europe (mar chomheagarthóir), agus ‘Sport and the Media in Ireland’ in eagrán speisialta den iris Media History.

I ndiaidh an tseolta, taispeánfar scannáin, nach bhfeictear rómhinic, ag 7pm ina bhfuil léirithe de chluichí Gaelacha, Rooney (1958) san áireamh.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories