Searmanais Bhronnadh Céimeanna Geimhridh OÉ Gaillimh agus Céimithe Oinigh

Nov 04 2019 Posted: 12:37 GMT

Bronnfaidh an Ollscoil Céimeanna Oinigh ar aon duine dhéag

Bronnfar céim ar bhreis is 6,000 mac léinn as na cúig choláiste in OÉ Gaillimh ag searmanais Bhronnadh Céimeanna an Gheimhridh, a bheidh ar siúl san Ollscoil ó Dé Sathairn, an 9 Samhain go dtí Dé Céadaoin, an 20 Samhain. D’fhógair OÉ Gaillimh chomh maith ainmneacha na ndaoine a mbronnfar Céimeanna Oinigh orthu ag Bronnadh an Gheimhridh, 2019.

Is iad seo a leanas an t-aon duine dhéag a mbronnfar Céimeanna Oinigh orthu: 

  • Seamus O'Grady – Stiúrthóir an Oideachais Aosaigh agus Leanúnaigh in OÉ Gaillimh atá ar scor
  • Shelly McNamara – Stiúrthóir Grafton Architects
  • Yvonne Farrell – Stiúrthóir Grafton Architects
  • Orla Guerin – Craoltóir agus iriseoir leis an BBC
  • Cathal Goan – Craoltóir, iriseoir, eagarthóir agus iarArd-Stiúrthóir RTÉ
  • Mary Gordon – Bunaitheoir/Uachtarán Roots of Empathy
  • Paul Farrell – Bainisteoir Tíre IBM
  • Ward Nuala – Gníomhaí LGBT+
  • Fergus Finlay Príomhfheidhmeannach Barnardos atá ar scor
  • John Ging – Stiúrthóir an Rannáin Oibríochta ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla (OCHA)
  • Breandán Feiritéar – Craoltóir agus iarCheannaire Raidió na Gaeltachta agus léiritheoir teilifíse, scannáin agus raidió do RTÉ agus TG4

Ag labhairt dó faoin bhfógra, dúirt Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Tá an t-ádh le OÉ Gaillimh céimithe oinigh den scoth a bheith aige in imeacht na mblianta agus is cinnte gur grúpa ar leith iad céimithe oinigh na bliana seo. Tá a c(h)ion féin déanta ag gach céimí oinigh daoibh i réimsí éagsúla maidir le hoideachas aosach agus leanúnach; cearta leanaí, iriseoireacht agus craoltóireacht; fiontraíocht shóisialta idirnáisiúnta; taighde, forbairt agus nuálaíocht; gníomhaíochas don athrú sóisialta; cion don tsochaí, cearta an duine agus ár bhFórsaí Cosanta. Is cúis áthais dúinn anseo in OÉ Gaillimh an deis a bheith againn aitheantas a thabhairt do na daoine den scoth seo. Tá ceangal ar leith ag gach duine a bhfuilimid ag bronnadh onóir orthu lenár réigiún ag tarraingt ar an taithí, na láidreachtaí agus na dúshláin uathúla a bhaineann linne mar Ollscoil chomh maith – ár gcáil as na héachtaí atá bainte amach againn i leith rochtain ar oideachas a leathnú, agus muid ag ceiliúradh i mbliana 50 bliain ó bunaíodh Oideachas Aosach agus Leanúnach; an ceangal láidir atá againn leis na Fórsaí Cosanta ó 1969; ár bpróifíl maidir le cearta daonna idirnáisiúnta; agus an bhéim a leagtar ar an gcruthaitheacht agus an nuálaíocht. Thar ceann OÉ Gaillimh, tá áthas orm onóir a bhronnadh orthu as a gcuid éachtaí.”

Seisiúin bhronnadh céimeanna an Ionaid Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh ar siúl Dé Sathairn, an 9 Samhain ag 11am, 1.30pm agus 4.30pm. Beidh na searmanais bhronnta ar siúl ag 11am agus 3pm gach lá idir an 11 agus an 20 Samhain.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories