Eolas faoi Chúrsaí Nua ag Lá Oscailte OÉ Gaillimh

Sep 30 2019 Posted: 09:37 IST

Agus OÉ Gaillimh ar tí ceiliúradh a dhéanamh ar shároideachas a chur ar fáil le 175 bliain, táthar ag súil go mbeidh níos mó ná 6,000 mac léinn, tuismitheoir agus múinteoir i láthair ag an imeacht seo a mhairfidh dhá lá.

Reáchtálfar Laethanta Oscailte OÉ Gaillimh Dé hAoine agus Dé Sathairn, 5-6 Deireadh Fómhair ón 9am-3pm agus is i Halla Bailey Allen a chuirfidh a bhformhór tús lena gcuairt. Cuirfear eolas ar fáil do mhic léinn ar raon iomlán na gcúrsaí fochéime ar tairiscint, agus beidh níos mó ná 80 seastán eolais ann don imeacht dhá lá seo. San áireamh leo sin, cuirfear eolas ar fáil faoi cheithre chúrsa nua a mbeidh tús á chur leo in 2020.

Tá an-éileamh ar OÉ Gaillimh i gcónaí, agus bhí sí mar chéad rogha ag breis is 5,000 mac léinn ar a gcuid iarratas CAO in 2019. Is ionann sin agus ardú 5% ar fhigiúr na bliana seo caite in iarratais chéad rogha ar OÉ Gaillimh, agus áirítear leis an líon iarratas sin 64% de na hiarratasóirí leibhéal 8 uile as cúige Chonnacht. Tugtar cuireadh do dhaltaí na hArdteistiméireachta, sa Chúigiú Bliain agus san Idirbhliain freastal ar an lá oscailte, in éineacht lena dtuismitheoirí chun fáil amach cén fáth go bhfuil OÉ Gaillimh mar chéad rogha ag an oiread sin mac léinn.

Tagann pobal ollscoile OÉ Gaillimh le chéile ar an Lá Oscailte chun níos mó ná 80 caint, seisiún eolais agus zón idirghníomhach a reáchtáil, agus beidh siad ar fáil chun gach ceist a fhreagairt. Beidh mic léinn reatha ar fáil chomh maith chun comhairle phraiticiúil a thabhairt, turais den champas a threorú i mBéarla agus i nGaeilge, agus fíorbhraistint de shaol na hOllscoile in OÉ Gaillimh a thabhairt do mhic léinn ionchasacha. Reáchtálfar turais i rith an lae de na roghanna lóistín atá ar fáil, chomh maith le hÁras Innealtóireachta Alice Perry, na háiseanna Altranais agus Cnáimhseachais, an Leabharlann agus Ionad Uí Dhonnchadha don Drámaíocht, an Amharclannaíocht agus an Taibhléiriú.

Is i Halla Bailey Allen a bheidh an príomhspás taispeántais, áit a mbeidh léachtóirí agus mic léinn ar fáil chun labhairt le mic léinn ionchasacha agus le tuismitheoirí faoi na cúrsaí atá ar fáil. Déanfaidh OÉ Gaillimh poiblíocht ar cheithre chúrsa céime nua a thosóidh in 2020: Dlí agus Cánachas; Dlí, Coireolaíocht & Ceartas Coiriúil; BSc Géineolaíocht agus Géanómaíocht; BSc Tíreolaíocht agus Geochórais. Beidh deis ag mic léinn labhairt le léachtóirí agus le stiúrthóirí cúrsa chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a ullmhóidh na cúrsaí nuálacha seo iad do ghairmeacha dinimiciúla agus fiúntacha.

Seo a leanas an chomhairle do thuismitheoirí a bhí ag Sarah Geraghty, Bainisteoir Earcaíochta Mac Léinn agus For-rochtana: “Tréimhse chinniúnach i saol an duine óig is ea tosú in ollscoil, agus is iomaí dúshlán agus deis a bhaineann léi.  Ní mór pleanáil go cuí agus machnamh stuama a dhéanamh sula dtabharfaí faoin mbóthar seo agus moltar do thuismitheoirí gan Caint na dTuismitheoirí a chailleadh ar an Lá Oscailte, áit a mbeidh ionadaithe ó gach ceann de phríomhsheirbhísí tacaíochta na mac léinn. Ba cheart do thuismitheoirí agus do mhic léinn a gceisteanna a bheith réidh acu, féachaint le fáil amach an bhfeilfeadh an Ollscoil do riachtanais agus d’uaillmhianta an mhic léinn.

Beidh sraith cainteanna, ceardlann agus máistir-ranganna ar siúl i rith an lae. I measc na mbuaicphointí, áirítear na cinn seo a leanas:

  • An Spórt in OÉ Gaillimh
  • Seisiún eolais do mhic léinn lánfhásta
  • Ceardlann Drámaíochta
  • Eolas faoi Ghairmeacha – Ag Cur le d’Infhostaitheacht
  • Iarratas a dhéanamh ar dheontas SUSI
  • Bealaí rochtana ar an Oideachas, HEAR/DARE agus FETAC san áireamh.
  • Zón idirghníomhach Innealtóireachta agus IT

Beidh ionadaithe ann ó fhoireann Seirbhísí Tacaíochta OÉ Gaillimh chun buaileadh le daltaí agus le tuismitheoirí ar an Lá Oscailte, agus áireofar leo sin ionadaithe ón Ionad Forbartha Gairme, ón Oifig Lóistín agus ón bhfoireann Tacaíochta Míchumais. Beidh foireann an Ionaid Rochtana i láthair chomh maith, agus cuirfidh siad sin eolas ar fáil faoi bhealaí rochtana do mhic léinn lánfhásta, mar aon le hiontráil trí HEAR/DARE agus FETAC.  Beidh ionadaithe ann chomh maith ó Scéim Deontais SUSI, agus  beidh tréimhse chéadfach againn den chéad bhliain i Halla Bailey Allen ón 2.30-3pm, Dé Sathairn, 5 Deireadh Fómhair.

Chun an tairbhe is fearr a bhaint as na Laethanta Oscailte, a bheas ar siúl ón 9am go dtí 3pm gach lá, moltar do chuairteoirí breathnú ar amchlár na gcainteanna agus ar an gclár iomlán roimh ré ag http://www.nuigalway.ie/opendays/programme/.

Tá tuilleadh eolais le fáil ar www.nuigalway.ie/opendays, glaoigh ar 091 494398 nó seol ríomhphost chuig visit@nuigalway.ie.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories